Má tá cás Ard Chúirte curtha ar aghaidh ag toghairm iomlánach agus má rinne an Cosantóir láithreas a thaifeadadh, is é an chéad rud eile a chaitheann an Comhghearánaí a dhéanamh ná "Ráiteas Éilimh" a sheirbheáil ar an gCosantóir.
Tá 21 lá ag an gComhghearánaí tar éis don Chosantóir láithreas a thaifeadadh leis an Ráiteas Éilimh a sheachadadh . Ní gá an Ráiteas Éilimh a sheirbheáil go pearsanta ar an gCosantóir - is féidir é a chur sa ghnáthphost.
Is é an cuspóir atá ag an Ráiteas Éilimh ná a chur in iúl don Chosantóir an cás atá á ullmhú ina choinne, a mbeidh air plé leis ag an triail.
Caithfidh an t-eolas seo a leanas a bheith sa Ráiteas Éilimh:
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.