Éileamh a Réiteach

Eolas

I gcuid mhaith cásanna, tagann na páirtithe ar réiteach roimh dáta na trialach nó ar lá na trialach ("céimeanna na cúirte").

Más mian leis an gCosantóir airgead a thairiscint duit le deireadh a chur leis an éileamh agus má tá tú sásta an cás a réiteach taobh amuigh den chúirt, is féidir le do dhlíodóir cruinniú réitigh a shocrú le hionadaithe dlí an Chosantóra roimh dáta na trialach.

Ag an gcruinniú, cuirfidh d'ionadaithe dlí in iúl duit cé na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le glacadh leis an tairiscint atá déanta ag an gCosantóir agus cuirfidh siad comhairle ort maidir leis an seans atá agat go n-éireoidh le do chás ag triail agus an méid damáistí go bhféadfá a bheith ag súil leo sa chúirt.

Má réitíonn tú an cás tá tú cinnte nach rachaidh rudaí i do choinne agus nach mbeidh ort costais an duine eile a íoc. Níl aon bhealach gur féidir a bheith cinnte go mbronnfaidh an Chúirt níos mó damáistí ort ná an méid atá an Cosantóir ag tairiscint.

Rachaidh do dhlíodóir nó abhcóide ag caint le hionadaithe dlí an Chosantóra le teacht ar suim atá sásúil don dá thaobh. Go hiondúil déantar cinneadh cé a bheidh ag íoc as an táillí dlí. Níl aon ghá duit glacadh le comhairle an dlíodóra nó abhcóide ná fiú an t-éileamh a réiteach agus is fút féin a bheidh sé i gcónaí an cinneadh deireanach a thógáil.

Ach, má aontaíonn tú teacht ar réiteach níl aon dul siar ar an gcinneadh sin, ní leanfar leis an gcás agus beidh deireadh curtha agat le d'éileamh ar son glacadh leis an suim atá aontaithe.

Lóisteáil

Má dhéantar tairiscint mar réiteach ar d'éileamh agus má dhiúltaíonn tú glacadh leis an tairiscint sin, is féidir leis an gCosantóir an tairiscint sin a "lóisteáil" leis an gCúirt.

Ag deireadh an cháis má bhronann an Breitheamh damáistí atá níos lú ná an lóisteáil sin, beidh ortsa na costais dlí ar fad a thit ar an dá thaobh ó dáta na loisteála sin a íoc.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 12 Bealtaine 2015