Anseo atá tú: Baile > Dlí > An Dlí Sibhialta > Ionadaíocht sa Chúirt

Print Page Send to a Friend

Ionadaíocht sa Chúirt

Eolas

Dlíodóirí

Chomh maith le hionadaíocht a chur ar fáil do dhaoine atá ag plé leis an dlí, cuireann dlíodóirí seirbhísí ar fáil nach mbaineann le cásanna cúirte. Mar shampla, is féidir le dlíodóir cúnamh a thabhairt do dhuine uacht a chur le chéile agus a chlárú nó cúnamh a chur ar fáil maoin a aistriú go dleathúil (Tíolacas).

Is iondúil go ndéanann duine teagmháil le dlíodóir mar chéad duine den lucht dlí nuair atá baint le bheith aige/aici le cás cúirte.

Is féidir le dlíodóirí fógraíocht a dhéanamh agus custaiméirí a lorg. Bíonn plé acu leis an bpobal, tógann siad treoracha ó na custaiméirí, déanann siad aon réamhobair a theastaíonn ar chásanna, tugann siad an chéad chomhairle, lorgaíonn siad tuairimí na saineolaithe más gá agus tugann siad treoracha don abhcóide más gá.

Cuireann an dlíodóir an cás le chéile don triail. Is féidir leis/léi ionadaíocht a dhéanamh ar do shon sa chúirt ach is iondúil go mbeidh abhcóide ceapaithe aige/aici le hionadaíocht a dhéanamh ar do shon sna hardchúirteanna.

Cuirtear mionteagasc chuig abhcóide ina bhfuil an t-eolas cuí ar fad agus na cáipéisí a bhaineann leis an gcás a bheidh ina chúnamh dó/dí an cás a chur i láthair ar do shon.

Abhcóidí

Amach as an Leabharlann Dlí a bhíonn abhcóidí, nó consailéirí, ag feidhmiú agus ní féidir leo fógraíocht a dhéanamh ná custaiméirí a lorg agus go hiondúil níl fáil díreach acu ar an bpobal. Dlíodóirí a thugann treoracha dóibh.

Tá sainchomhairle dlí ar fáil uathu agus is iondúil go ndéanann siad ionadaíocht do dhaoine sa chúirt.

Tá difríocht idir Chonsailéir Sóisearach agus Sinsearach. Tar éis tuairim is cúig bliana déag ag obair a smaoiníonn an chuid is mó Abhcóidí Sóisearacha ar a bheith ina nAbhcóidí Sinearacha.

Abhcóidí le níos mó taithí agus saineolas iad Consailéirí Sinsearacha. Ní dhéanann siad an oiread cáipéisí cúirte a dhréachtú agus caitheann siad níos mó ama ag tabhairt comhairle agus ag plé le cásanna san Ardchúirt.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 9 April 2008

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.