Anseo atá tú: Baile > Dlí > An Dlí Sibhialta > Coimisinéir Síochána

Print Page Send to a Friend

Coimisinéir Síochána

Eolas

Ceapachán oinigh a dhéanann an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais le duine a cheapadh ina C(h)oimisinéir Síochána. I measc na mbunchumhachtaí agus na ndualgas atá ag Coimisinéirí Síochána tá:

  • Dearbhuithe reachtúla a thógáil
  • Bheith mar fhinné nuair a shínítear cáipéisí nuair is gá d'údaráis éagsúla
  • Teastais agus orduithe a shíniú faoi Achtanna éagsúla

Tá sé de chumhacht ag Coimisinéirí Síochána freisin faoin dlí barántais a eisiúint do na Gardaí le áitreabh a chuardach. Ach, go hiondúil, cuirtear iarratais ar bharántais chuardaigh ós comhair na Cúirte Dúiche i ndáiríre.

Rialacha

Ní gá aon scrúdú a thógáil nó cáilíochtaí oideachais a bheith bainte amach ag duine le bheith ceapaithe mar Choimisinéir Síochána ach ní mór do charachtar an duine a bheith go maith. Ní bhreathnófar ar dhuine atá cúisithe nó cionntaithe as coir throm le ceapachán. Tá an chuid is mó Coimisinéirí Síochána aitheanta go maith ina bpobal féin. Ba cheart go dtuigfeadh aon duine atá faoi scrúdú le ceapachán mar Choimisinéir Síochána go bhfuil sé de cheart ag an Aire Dlí dul i gcomhairle leis na Gardaí le cinntiú nár chúisíodh nó nár chionntaíodh é/í as aon choir throm.

Más Coimisinéir Síochána tú agus má chionntaítear tú as coir throm tiocfaidh deireadh láithreach le do cheapachán mar Choimisinéir Síochána.

Ní cheaptar státseirbhísigh ina gCoimisinéirí Síochána go hiondúil ach amháin nuair is gá é seo lena ndualgais oifigiúla a chur i gcrích.

Is iondúil nach gceaptar dlíodóirí agus daoine atá fostaithe ina n-oifigí agus baill den chléir ina gCoimisinéirí Síochána ar fhaitíos go mbeadh coimhlint leasa ann.

Baineann an cinneadh Coimisinéir Síochána a cheapadh go hiomlán leis an Aire Dlí ag brath ar riachtanais i do cheantar. Fiú má bhíonn duine feiliúnach le ceapadh nó má bhíonn duine aitheanta sa phobal áitiúil ní gá go mbeadh sí/sé ceapaithe mar Choimisinéir Síochána.

Rataí

Ceapacháin oinigh atá i gceapacháin mar Choimisinéirí Síochána agus níl aon thuarastail ná cúiteamh airgeadais le fáil i bhfoirm táillí ná costas as a gcuid seirbhísí a chur ar fáil.

Conas Iarratas a dhéanamh

Is féidir iarratas a dhéanamh le bheith ceapaithe tú féin mar Choimisinéir Síochána nó is féidir le duine eile tú a ainmniú nó is féidir leat féin duine a cheapann tú a bheith feiliúnach don phost seo a ainmniú. Ní mór don iarratas ar cheapachán a bheith i scríbhinn agus ba cheart go mbeadh eolas maidir leis an té atá ainmnithe ann chomh maith leis na fáthanna atá agat go bhfuil an duine sin nó thú féin feiliúnach don cheapachán.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 16 June 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • An Garda Síochána - fórsa póilíneachta náisiúnta
    Is é an Garda Síochána fórsa póilíneachta náisiúnta na hÉireann. Tá sé freagrach as dualgais uile na póilíneachta a fheidhmiú i Stát na hÉireann. Bunaíodh é i 1922.
  • Cionta oird phoiblí in Éirinn
    Tá an chuid is mó den dlí a bhaineann le cionta oird phoiblí in Éirinn leagtha amach san Acht um Cheartas Coiriúil (Ord Poiblí), 1994. Faigh amach níos mó faoi na cineálacha difriúla cionta.
  • Cumhachtaí Cuardaigh
    Tá cur síos anseo ar na cumhachtaí atá ag na Gardaí áitribh agus daoine a chuardach.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.