Nósanna Imeachta na hArd-Chúirte

Réamhrá

San Ard-Chúirt, tugtar an gearánaí ar an duine a bhfuil tús á chur acu leis an gcás, is é sin, an duine a bhfuil agairt á dhéanamh acu. Tugtar an cosantóir ar an duine a bhfuil agairt á dhéanamh orthu.

Chun tús a chur le himeachtaí, is é sin, chun tús a chur le caingean dlí, ullmhaíonn abhcóide an ghearánaí toghairm thionscnaimh. Is é cuspóir na cáipéise seo chun an cás atá á dhéanamh i leith an chosantóra a lua.

Nuair a fhaigheann an cosantóir an toghairm, ní mór dóibh láithreas a thaifeadadh lena thaispeáint gur páirtí anois iad sa chás.

Ag brath ar shaghas na toghairme tionscnaimh, b’fhéidir go mbeidh ar an ngearánaí ráitis éilimh a sheirbheáil ar an gcosantóir. Nuair a bhíonn an ráiteas éilimh faighte ag an gcosantóir, eiseoidh siad cosaint, ina leagtar amach cén fáth nach bhfuil an locht ar an gcosantóir.

Má chreideann an cosantóir go dtarlaíonn go bhfuil éileamh acu i gcoinne an ghearánaí, cuirfidh an cosantóir frithéileamh san áireamh leis an gcosaint ina leagtar amach a n-éileamh i leith an ghearánaí.

Toghairm thionscnaimh

De ghnáth, cuirtear tús le himeachtaí san Ard-Chúirt le toghairm thionscnaimh.

I ndiaidh gur ullmhaigh d’abhcóide an toghairm, tabharfaidh d’aturnae í chuig an Lároifig go n-eiseofar í – is gá an dleacht stampála a íoc mar chuid de seo. I ndiaidh go n-íoctar an dleacht stampála, stampáiltear an toghairm agus bíonn sí réidh le seirbheáil ar an gcosantóir. Tá níos mó faisnéise ar fáil in Ordú 5 de Rialacha na nUaschúirteanna.

Saghsanna toghairmeacha tionscnaimh

Tá 3 shaghas de thoghairm thionscnaimh ann:

  • Úsáidtear toghairm iomlánach chun tús a chur le himeachtaí nuair atá fíor-dhíospóid idir na páirtithe agus/nó mura mbíonn méid éileamh an ghearánaí sonrach nó furasta le ríomh. Mar shampla, féadtar toghairm iomlánach a úsáid nuair a mhaíonn an gearánaí gur gortaíodh iad i dtimpiste um thrácht ar bhóithre mar gheall ar fhaillí an chosantóra. Nuair a eisítear toghairm iomlánach, is í an chéad chéim eile do na páirtithe chun pléadálacha a mhalartú (féach ‘ráiteas éilimh’ agus ‘an chosaint a sholáthar’ thíos). Ar deireadh, tabharfar dáta trialach don chás agus féadfaidh finnéithe fianaise a thabhairt.
  • Úsáidtear toghairm iomlánach nuair atá méid éileamh an ghearánaí furasta le cainníochtú agus nuair nach mbíonn aon chosaint bhailí ag an gcosantóir. Mar shampla, is féidir toghairm iomlánach a úsáid nuair a mhaíonn an gearánaí gur thug siad suim shonrach airgid ar iasacht don chosantóir nár aisíoc siad. Níl pléadálacha i gceist le himeachtaí achomair agus ní chríochnaítear iad le triail ina dtugann finnéithe fianaise. Is nós imeachta mear é ina ndéanann an breitheamh cinneadh ar an gcás i ndiaidh mionnscríbhinní a sheol an dá thaobh isteach. Más soiléir don bhreitheamh go bhfuil cosaint inluaite ag an gcosantóir leis an éileamh, féadfaidh an breitheamh a ordú go ndéileálfar leis an gcás mar imeachtaí iomlánacha. Ciallaíonn seo go ndéanfar pléadálacha a mhalartú agus go bhféadfadh an cheist triail a bhaint amach.
  • Úsáidtear toghairm speisialta do chásanna ina bhfuil saincheisteanna glana dlí nó saincheisteanna an-ghlana fírice i gceist. Mar shampla, eiseofar toghairm speisialta chun tús a chur le héileamh a bhaineann le riar eastát duine éagtha. Ar nós imeachtaí iomlánacha, is nós imeachta mear seo ina ndéanann an breitheamh cinneadh ar an gcás trí mhionnscríbhinní a léamh a sheolann an dá thaobh isteach.

Tá fáil ar bhreis faisnéise ar thoghairmeacha tionscnaimh ar láithreán gréasáin na Seirbhíse Cúirteanna.

Ábhar toghairm thionscnaimh

Ní mór an fhaisnéis a leanas a bheith cuimsithe i ngach toghairm thionscnaimh:

  • Teideal – comhdhéanann ainm an ghearánaí agus ainm an chosantóra teideal na n-imeachtaí.
  • Saghas na toghairme, mar shampla, toghairm iomlánach.
  • Cur síos ar na páirtithe – ní mór go luafar sa toghairm sloinne, céadainm, áit chónaithe nó áit ghnó agus gairm an ghearánaí. Chomh maith leis sin, ní mór go luafar ainm agus seoladh an chosantóra (nó a n-aturnae).
  • Formhuiniú éilimh – tá seo mar chuid den toghairm ina leagtar amach an méid a mhaíonn an gearánaí atá siad i dteideal a fháil. Braitheann an méid sonraí a theastaíonn sa mhír seo ar shaghas na toghairme. Más toghairm iomlánach an toghairm, ní gá ach faisnéis a thabhairt don chosantóir faoi chineál ginearálta éileamh an ghearánaí – soláthrófar níos mó sonraí sa ráiteas éilimh a leanfaidh sin. Más toghairm iomlánach nó toghairm speisialta an toghairm, ní mór i bhfad níos mó sonraí a thabhairt faoi chineál, méid agus bunúis éileamh an ghearánaí i leith an chosantóra. Ba cheart go leagfaí amach go soiléir na líomhaintí atá á ndéanamh ag an ngearánaí agus an méid a mhaíonn an gearánaí go bhfuil siad i dteideal a fháil.

Toghairm thionscnaimh a sheirbheáil

Chun toghairm thionscnaimh a sheirbheáil, ní mór cóip den toghairm a thabhairt don chosantóir agus ní mór dóibh an bhunchóip a thaispeáint dóibh. Féadtar an toghairm a sheirbheáil ar aturnae an chosantóra má ghlacann siad le seirbheáil a dhéanamh thar ceann a gcliaint agus má tá siad údaraithe chun amhlaidh a dhéanamh. Tá níos mó faisnéise ar thoghairm a sheirbheáil in Ordú 9 de Rialacha na nUaschúirteanna.

Láithreas a thaifeadadh

Sa chás go bhfaigheann cosantóir toghairm iomlánach nó achomair, ba cheart dóibh láithreas a thaifeadadh laistigh de 8 lá. Níl an teorainn ama dian agus, i dtromlach na gcásanna, féadtar láithreas a iontráil i ndiaidh gur éag an t-am.

Sa chás go bhfaigheann cosantóir toghairm speisialta, féadfaidh siad láithreas a thaifeadadh ag aon tráth. Ní éistfear leo ag aon imeachtaí murar iontráil siad láithreas.

Céim an-tábhachtach is ea láithreas a thaifeadadh mar gheall go dtugann sé le fios go mbeartaíonn an cosantóir chun na himeachtaí a chosaint.

Chun láithreas a thaifeadadh, ní mór don chosantóir meabhrán láithris a sheoladh ar aghaidh ag an Lároifig. Ní mór don chosantóir fógra a thabhairt d’aturnae an ghearánaí ina dhiaidh sin gur iontráladh láithreas.

Meabhrán láithris

Ní mór go gcuimsítear an fhaisnéis a leanas san fhoirm ghearr:

  • An dáta
  • Ainm aturnae an chosantóra Mura bhfuil aturnae ag an gcosantóir, ní mór go luafar ann go ndéanfaidh an cosantóir na himeachtaí a chosaint iad féin.
  • Ní mór seoladh an aturnae a thabhairt san fhoirm, chomh maith. Mura bhfuil aturnae ag an gcosantóir, ní mór go luafar seoladh ann inar féidir cáipéisí a fhágáil dóibh.

Tá fáil ar thuilleadh faisnéise ar láithreas a iontráil in Ordú 12 de Rialacha na nUaschúirteanna.

Ráiteas éilimh

Má cuireadh tús leis an gcás trí thoghairm iomlánach agus má d’iontráil an cosantóir láithreas, is é an chéad chéim ná go seirbheálfaidh an gearánaí ráiteas éilimh ar an gcosantóir.

Tugtar 21 lá don ghearánaí chun an ráiteas éilimh a sholáthar i ndiaidh gur iontráil an cosantóir láithreas. Má theipeann ar an ngearánaí an ráiteas éilimh a iontráil laistigh den tráth a theastaíonn, féadfaidh an cosantóir iarratas a dhéanamh ar an gcúirt chun an caingean a dhíbhe d’fhonn ionchúiseamh a dhéanamh.

Ní gá an ráiteas éilimh a sheirbheáil go pearsanta ar an gcosantóir – is féidir é a sheoladh sa phost cláraithe.

Is é cuspóir an ráitis éilimh an cás a thaispeáint don chosantóir atá á dhéanamh ina leith agus an cás a mbeidh orthu aghaidh a thabhairt air ag triail na caingne.

Ábhar ráiteas éilimh

Ní mór an fhaisnéis a leanas a bheith cuimsithe sa ráiteas éilimh:

  • An teideal agus an uimhir thaifid – comhdhéanann ainm an ghearánaí agus ainm an chosantóra teideal na n-imeachtaí.
  • Cur síos ar na páirtithe – ní mór go luafar sa ráiteas éilimh sloinne, céadainm, áit chónaithe nó áit ghnó agus gairm an ghearánaí agus an chosantóra.
  • Ní mór go luafar sa ráiteas éilimh cineál, méid agus bunúis éileamh an ghearánaí i leith an chosantóra. Ba cheart go leagfaí amach go soiléir na líomhaintí atá á ndéanamh ag an ngearánaí agus an díobháil a raibh an gearánaí thíos léi. Anuas air sin, ba cheart go luafaí cad atá á lorg ag an ngearánaí ón gcúirt.
  • Ní mór don ráiteas éilimh a bheith dátaithe agus sínithe ag an ngearánaí nó ag a n-aturnae.

Tá fáil ar thuilleadh faisnéise in Ordú 20 de Rialacha na nUaschúirteanna.

An chosaint a sholáthar

Ní mór don chosantóir cosaint a sholáthar don ghearánaí agus ní mór dóibh an chosaint a sholáthar laistigh de 28 lá tar éis an ráiteas éilimh a fháil. Níl an teorainn ama seo dian agus, i dtromlach na gcásanna, féadtar cosaint a sholáthar i ndiaidh gur éag an t-am.

Nuair a fhaigheann siad an ráiteas éilimh, féadfaidh siad a chinneadh ní hamháin nach ndearna siad aon rud mícheart agus nár cheart an t-éileamh a dhéanamh ina choinne, ach go bhfuil éileamh acu i gcoinne an ghearánaí. Faoi na cúinsí siúd, b’fhéidir gur mian leo frithéileamh a chur san áireamh lena gcosaint.

Ábhar na cosanta

Níl aon rialacha seasta ann maidir leis an méid ar cheart a chuimsiú sa chosaint. Tosaítear an cháipéis le teideal na n-imeachtaí agus an uimhir thaifid.

Is faoin gcosantóir atá sé chun na líomhaintí a admháil nó a shéanadh a rinne an gearánaí ina ráiteas éilimh. Anuas air sin, is faoin gcosantóir atá sé chun aon chosaint shonrach a lua a bhfuil siad ag brath uirthi. Mar shampla, má tá mhaíonn an cosantóir go ndearnadh éileamh an ghearánaí lasmuigh de na teorainneacha ama, ba cheart don chosantóir an fhíric sin a phléadáil go sonrach sa chosaint.

Má rinne an gearánaí líomhain shonrach agus má theipeann ar an gcosantóir an líomhain sin a shéanadh sa chosaint, meastar go bhfuil an cosantóir ag admháil go bhfuil an líomhain fíor. Mar shampla, má mhaíonn an gearánaí sa ráiteas éilimh go raibh baint ag an ngearánaí i dtimpiste um thrácht ar bhóithre agus má theipeann ar an gcosaint a shéanadh gur tharla an timpiste um thrácht ar bhóithre, meastar go bhfuil an cosantóir ag admháil gur tharla an timpiste um thrácht ar bhóithre. Ní gá don ghearánaí a chruthú don bhreitheamh gur tharla an timpiste.

Ar an taobh eile den phingin, nuair a shéanann an cosantóir go sonrach éileamh a rinne an gearánaí, cuirtear an gearánaí ar cruthúnas na líomhna. Ciallaíonn seo nach mór don ghearánaí a chruthú go bhfuil an t-éileamh fíor. Mar shampla, má shéantar sa chosaint go sonrach gur tharla an timpiste um thrácht ar bhóithre, ní mór don ghearánaí a chruthú gur tharla sí trí fhianaise a thabhairt chun na cúirte.

Frithéileamh

Más main leis an gcosantóir éileamh a dhéanamh i gcoinne an ghearánaí, féadtar seo a dhéanamh trí mhír frithéilimh a chur leis an gcosaint. Ní mór go leagtar amach go soiléir ann seo na líomhaintí atá á ndéanamh ag an gcosantóir i gcoinne an ghearánaí agus an méid atá á lorg ag an gcosantóir ón gcúirt.

Tá níos mó faisnéise ar fáil in Ordú 21 de Rialacha na nUaschúirteanna.

Freagairt a sholáthar

Is minic gur gá freagairt do phointí a thugtar chun solais i gcosaint. Más mian leis an ngearánaí freagairt a sholáthar, ní mór dóibh amhlaidh a dhéanamh laistigh de 14 lá tar éis an chosaint a fháil, mura síneann an Chúirt an méid ama.

Sa chás gur sholáthair an chosaint frithéileamh, bíonn an fhreagairt faoi réir na rialacha a bhíonn i gceist le cosaint.

Tá fáil ar thuilleadh faisnéise in Ordú 23 de Rialacha na nUaschúirteanna.

Breithiúnas mainneachtana

Má theipeann ar an gcosantóir chun láithreas a thaifeadadh, féadfaidh an gearánaí iarratas a dhéanamh ar an gcúirt ar bhreithiúnas d’éagmais láithris. Ciallaíonn seo gur theip ar an gcosantóir na himeachtaí a aithint agus a thabhairt le fios go mbeartaíonn siad iad a chosaint. Is féidir leis an ngearánaí breithiúnas a fháil ón gcúirt i leith an chosantóra gan aon ghá a bheith le triail.

Má theipeann ar an gcosantóir chun cosaint a sholáthar, féadfaidh an gearánaí iarratas a dhéanamh ar an gcúirt ar bhreithiúnas d’éagmais cosanta. Ciallaíonn seo gur theip ar an gcosantóir cosaint a sheoladh chuig an ngearánaí. Is féidir leis an ngearánaí breithiúnas a fháil ón gcúirt i leith an chosantóra gan aon ghá a bheith le triail. Tá níos mó faisnéise ar fáil in Ordú 27 de Rialacha na nUachúirteanna.

Sonraí

Sa chás nach mbíonn gearánaí nó cosantóir cinnte faoin gcás ar gá dóibh aghaidh a thabhairt air, féadfaidh siad sonraí a lorg. Iarratas atá ann ar bhreis faisnéise faoin gcás. Anuas air sin, féadfaidh siad sonraí breise agus níos fearr a lorg faoin aon cheist a luaitear in aon phléadáil.

Féadfaidh siad iarratas a dhéanamh ar na sonraí trí litir nó féadfaidh siad ordú a lorg on gCúirt.

Tá fáil ar thuilleadh faisnéise i Rialacha 7 agus 8 d’Ordú 19 de Rialacha na nUaschúirteanna.

Triail a chur síos

Go ginearálta, i gcaingne a gcuireann toghairm iomlánach tús leo, seirbheálann an gearánaí fógra trialach (Foirm 18 nó 19) ar an gcosantóir agus cuirtear síos é le haghaidh trialach sa Lár-Oifig. Caithfear ar a laghad fógra 21 lá a thabhairt, mura ndearnadh comhaontú ar fhógra níos giorra. Caithfear rún chun fógra trialach a chur i leataobh a thabhairt laistigh de 4 lá i ndiaidh an fógra a sheirbheáil.

Mura dtugann an gearánaí fógra trialach laistigh de 6 seachtaine i ndiaidh go dtugtar na pléadálacha chun críche, nó laistigh den am sínte sin a cheadóidh an Chúirt, féadfaidh an cosantóir fógra trialach a thabhairt nó iarratas a dhéanamh ar an gCúirt chun an chaingean a dhíbhe mar gheall ar easpa ionchúisimh.

Tugtar fógra trialach sula ndéantar an chaingean a chur síos le haghaidh trialach. Mura gcuireann ceachtar páirtí an chaingean síos laistigh de 14 lá i ndiaidh gur seirbheáiltear an fógra trialach, ní bheidh an fógra trialach i bhfeidhm a thuilleadh.

Déanann an páirtí a chuireann na himeachtaí le haghaidh trialach síos amhlaidh trí chóip a sholáthar don Lár-Oifig den fhógra trialach, anuas ar 2 chóip de na pléadálacha iomlána (agus d’aon litir nó fógra do chritéir agus aon fhreagra a tugadh orthu), agus úsáidfidh an breitheamh cóip amháin díobh ag an triail.

Tá fáil ar thuilleadh faisnéise in Ordú 36 de Rialacha na nUaschúirteanna.

Nuair a cuireadh an cás síos le haghaidh trialach, sanntar é don liostú ábhartha i dtaobh shaghas an cháis. Tá faisnéis ar nósanna imeachta liostaithe ar fáil ar láithreán gréasáin na Seirbhíse Cúirteanna.

Rátaí

Is ionann an dleacht stampála nach mór a íoc nuair a eisítear toghairm agus €190. Is é an dleacht stampála atá le híoc chun láithreas a thaifeadadh €60.

Ní ghearrtar aon táille nó dleacht stampála ar chosaint a sheoladh ar aghaidh.

Tá fáil ar bhreis faisnéise ar tháillí na hArd-Chúirte ar láithreán gréasáin na Seirbhíse Cúirteanna.

Gearrfaidh d’aturnae agus d’abhcóide táillí ar a gcuid seirbhísí.

Tuilleadh eolais

Tá fáil ar bhreis faisnéise ar nósanna imeachta na hArd-Chúirte, rialacha na hArd-Chúirte agus ar fhoirmeacha ar láithreán gréasáin na Seirbhíse Cúirteanna.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 16 Eanáir 2017