Anseo atá tú: Baile > Dlí > An Dlí Sibhialta > Fógra go bhfuiltear chun an cás a Chosaint

Print Page Send to a Friend

Fógra go bhfuiltear chun an cás a Chosaint

Eolas

Nuair a fhaigheann Cosantóir toghairm shibhialta, ní mór dó roghnú cé acu an cás a chosaint nó gan é a chosaint.

Más tú an Cosantóir agus más mian leat admháil go raibh tú mícheart agus an cás a chosc sula dtéann sé chuig an chúirt, ní mór duit an méid a éilíonn an Comhghearánaí chomh maith leis na costais a íoc laistigh de 10 lá tar éis duit an toghairm shibhialta a fháil. Más mian leat admháil go raibh tú mícheart ach go dteastaíonn am uait chun méid na híocaíochta a éilíodh a bhailiú, ní mór duit teagmháil a dhéanamh le h-aturnae an Chomhghearánaí le gur féidir socrú a dhéanamh.

Má chreideann tú nach bhfuil an Comhghearánaí i dteideal na damáistí a d'éiligh sé uait agus go bhfuil fonn ort an cás a chosaint sa chúirt, ní mór duit "Fógra go bhfuiltear chun an cás a chosaint" a sheirbheáil. Ceanglaítear dhá chóip den Fhógra go bhfuiltear chun an cás a Chosaint leis an toghairm shibhialta a fuair tú. Ba chóir duit iad a scaradh, a líonadh isteach agus cóip amháin a chur sa phost chuig Oifig na Cúirte Dúiche agus cóip eile chuig an Comhghearánaí (nó aturnae an Chomhghearánaí).

Ní mór an Fógra go bhfuiltear chun an cás a Chosaint a chur chuig an Comhghearánaí ceithre lá ar a laghad roimh dháta na h-éisteachta cúirte. Mura seolann tú d'Fhógra go bhfuiltear chun an cás a Chosaint, ansin is féidir leis an gComhghearánaí iarratas ar "bhreithiúnas d'éagmais" a dhéanamh ar an gcúirt. Ciallaíonn seo go nglactar leis gur admhaigh tú an t-éileamh a rinneadh i do choinne, óir níor léirigh tú go raibh tú chun an cás a chosaint. Ní beidh aon éisteacht - is féidir leis an gcúirt breithiúnas i do choinne a ordú.

Rialacha

Doiciméad an ghearr is ea an Fógra go bhfuiltear chun an cás a Chosaint a léiríonn:

  • Limistéar na Cúirte Dúiche
  • Ainmneacha na bpáirtithe
  • Go bhfuil an Cosantóir chun "an toghairm shibhialta a chosaint".
  • Caithfidh an Fógra a bheith dátaithe agus sínithe ag an gComhghearánaí nó ag a aturnae.

Rataí

Níl aon táille nó stampdhleacht le h-íoc nuair a chuirtear Fógra go bhfuiltear chun an cás a Chosaint a chur isteach.

Iarrfaidh do aturnae táillí ar a chuid seirbhísí.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 22 June 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Eascairí agus pleadálacha
    Tugann an doiciméad seo forbhreathnú ginearálta ar eascairí agus pleadálacha i gcásanna sibhialta.
  • Fógra Frithéilimh
    Éileamh is ea an Fógra Frithéilimh a dhéanann an Cosantóir i gcás sibhialta in aghaidh an Chomhghearánaí a rinne an t-éileamh sa chéad áit.
  • Ag seachadadh an Chosaint i gcás sibhialta
    Cuireann an doiciméad seo síos ar céard a tharlaíonn nuair a dhéanann Cosantóir "Cosaint" a sheachadadh ar an gComhghearánaí le linn cáis shibhialta sa Chúirt Chuarda nó san Ard Chúirt.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.