Nuair a fhaigheann tú toghairm shibhialta d'fhéadfá socrú ní hamháin nach bhfuil aon rud mícheart déanta agat agus nár chóir go ndéanfaí éileamh ort, ach gur amhlaidh go ndearna an Comhghearánaí damáiste duit. Sa chúinsí sin, b'fhéidir gur mhian leat éileamh ar dhamáistí a chur ar aghaidh i gcoinne an Chomhghearánaí.
Chun éileamh a dhéanamh i gcoinne an Chomhghearánaí (a gcuirtear "frithéileamh" air) caithfidh tú "Fógra Frithéilimh a thabhairt don Chomhghearánaí nó a chur chuige (nó chuig a aturnae). Ní mór é seo a dhéanamh ceithre lá ar a laghad roimh dháta na h-éisteachta cúirte. Ní mór duit cóip den Fhógra a fhágáil in Oifig na Cúirte Dúiche.
Caithfidh an Fógra Frithéilimh a chur in iúl:
Is é 9 euro an táille a chaithfear a íoc chun Fógra Frithéilimh a chur isteach in oifig na Cúirte Dúiche.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.