Nótairí poiblí

Eolas

Oifigeach poiblí is ea nótaire poiblí a dhéanann freastal ar an bpobal in ábhair neamhchonspóideacha a bhaineann de ghnáth le gnó iasachta nó idirnáisiúnta. Bíonn nótairí ceaptha ag an bPríomh-Bhreitheamh. Go ginearálta, ní cheaptar ach aturnaetha.

Céard a dhéanann nótairí poiblí?

Deimhníonn nótairí forghníomhú gnímh, conartha nó scríofa eile ina láithreacht. Ina theannta sin, deimhníonn siad gníomh nó rud éigin a dhéantar agus iad i láthair. I measc na rudaí a dhéanann siad tá an méid a leanas:

  • Cáipéisí a fhíordheimhniú
  • Bheith ina bhfinnéithe le sínithe le cáipéisí agus iad a chruthú
  • Mionnaí a riar
  • Mionnscríbhinní a ghlacadh (seachas do na cúirteanna in Éirinn)
  • Cumhachtaí Aturnae agus cáipéisí eile dlí a chur i dtoll a chéile a bhíonn sé de nós ag nótairí poiblí a ullmhú

Cathain is dóigh go mbeidh seirbhísí nótaire phoiblí ag teastáil uaim?

Is é is dóichí go dteastóidh nótaire uait nuair is gá duit páipéir nó cáipéisí a sheoladh chuig dlínse iasachta. D’fhéadfadh seirbhísí nótaire bheith ag teastáil uait maidir leis an méid a leanas:

  • Páipéir um uchtú iasachta
  • Mionnscríbhinní lena n-úsáid i gcúirteanna iasachta
  • Cóipeanna de cháipéisí Stáit lena n-úsáid thar lear
  • Conarthaí idirnáisiúnta
  • Cumhachtaí Aturnae

Conas a aimsím nótaire poiblí?

Féadfaidh nótaire nótaireacht a dhéanamh ar cháipéisí sa tír ina bhfuil a bpríomhoifig lonnaithe agus freisin i roinnt tíortha timpeall ar an tír sin. Má bheidh ar an nótaire a roghnaíonn tú nótaireacht a dhéanamh ar cháipéisí lasmuigh dá dtír, ba cheart duit a sheiceáil an bhfuil siad údaraithe chun na cáipéisí a shíniú agus nótaireacht a dhéanamh orthu san áit sin. Féadfaidh tú teacht ar liosta nótairí poiblí ar láithreán gréasáin Dhámh na Nótairí Poiblí in Éirinn (féach thíos).

Nuair a chasann tú le nótaire, beidh ort d'aitheantas agus do chónaitheacht a chruthú. Beidh ort roinnt foirmeacha aitheantais ar nós do phas agus bille fóntais a fuair tú le déanaí a thabhairt leat.

Cé a dhéanann nótairí poiblí a rialú?

Déanann Dámh na Nótairí Poiblí in Éirinn gairm na nótairí poiblí a chur chun cinn agus a rialú in Éirinn. Is ann do chód iompair (pdf) ar gá do nótairí cloí leis.

Tuilleadh eolais

Tá fáil ar thuilleadh faisnéise ar nótairí poiblí ar láithreán gréasáin na Dáimhe.

Dámh na Nótairí Poiblí in Éirinn

109 Raghnallach
Baile Átha Cliath 6
Éire

Teil: (01) 497 3611
Facs: (01) 496 4769
Láithreán Gréasáin: http://www.notarypublic.ie/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 21 Meitheamh 2016