Anseo atá tú: Baile > Dlí > An Dlí Sibhialta > Treoracha a Thabhairt do Dhlíodóir

Print Page Send to a Friend

Treoracha a Thabhairt do Dhlíodóir

Information

Cén chaoi le teagmháil a dhéanamh le dlíodóir

Roghnaíonn daoine dlíodóir go hiondúil ar mholadh pearsanta, mar gheall go bhfuil oifig an dlíodóra lonnaithe ina gceantar féin nó mar gheall go bhfaca siad fógra san eolaí telefóin. Go hiondúil cuirtear glaoch ar an dlíodóir le coinne a shocrú leis/léi.

I gcásanna faoi leith teaghlaigh, d'fhéadfadh sé go mbeadh gá le hionadaíocht neamhspléach a bheith ag gach céile nó páirtí.

Eolas a theastaíonn ón dlíodóir

Má bhí tú i dtimpiste agus má gortaíodh tú go pearsanta, ní mór don dlíodóir an t-eolas seo a leanas a bheith aige/aici;

  • Na cúinsí ar fad a bhain leis an timpiste

Mar shampla, más timpiste ag an láthair oibre a bhí ann, beidh ort a chur in iúl céard a bhí ar siúl agat ag an am a tharla an timpiste, cé a bhí i gceannas agus cé a bhí i láthair agus a chonaic an timpiste.

Más timpiste bóthair a bhí ann, beidh ort cur síos soiléar a dhéanamh ar cé as a bhí tú ag teacht nó cá raibh tú ag dul, cén sórt aimsire a bhí ann, céard a tharla díreach roimh an timpiste, an raibh crios sabhálta dhá chaitheamh agat ag an am, cé na marcanna agus na comharthaí bóithre a bhí ann, cén Garda a tháinig ar an láthair agus ainmneacha agus seoltaí na ndaoine a chonaic an timpiste.

  • An gortú ar fad a bhain duit mar gheall ar an timpiste

Nuair atá tú ag cur síos ar an ngortú, tosnaigh le do mhothúcháin ag am na timpiste agus díreach ina diaidh. Ansin mínigh an ndeachaigh tú chuig an ospidéal, cén uair agus cén chaoi a ndeachaigh tú ann.

Déan cur síos ar an ngortú ar fad a d'fhulaing tú, fisiciúil, síceolaíoch nó tochtach agus gach a bhain leis, easpa codalta agus tromluithe. Déan liosta de na dochtúirí ar fad a chonaic tú, na hospidéil a d'fhreastail tú orthu, fisiteiripigh agus comhairleoirí (más ann dóibh) a chonaic tú tar éis na timpiste. Má bhí gortú ort roimh an timpiste inis don dlíodóir faoi seo. Déan cur síos ar na leighis agus cógais ar fad a fuair tú de bharr na timpiste agus aon tuar gur féidir leis na dochtúirí a thabhairt duit ar do shláinte.

  • Na costais ar fad a thit ort de bharr na timpiste

Déan aon chaillteanas tuarastála mar gheall nár éirigh leat dul ag obair, agus costais dochtúra agus cógas leighis a áireamh. Ba cheart duit costais chuí eile a chur san áireamh freisin ar nós táillí bus agus tacsaí muna raibh tú in ann tiomáint mar gheall ar an timpiste.

Más éileamh de chinéal eile atá dhá dhéanamh agat ní mór a bheith chomh cúramach céanna na sonraí ar fad a thabhairt leis an scéal faoi a tharla go díreach a insint. Más clúmhilleadh nó béadchaint atá i gceist, beidh ort a thaispeáint cén chaoi a bhfuil do chlú nó d'ainm ag fulaingt. I gcás conspóide faoi thalamh beidh ort cur síos cruinn a dhéanamh ar stair na talún atá i gceist agus cén chaoi ar thosaigh an chonspóid.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 10 March 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Faillí agus Cúiteamh
    Tá cur síos sa cháipéis seo ar fhaillí agus ar chúiteamh
  • An Cás Cúirte
    Tá cur síos sa cháipéis seo ar éisteacht cúirte i gcás sibhialta.
  • Aturnaetha
    Pléann an doiciméad seo ról agus feidhm aturnaetha i gcúirt dlí in Éirinn.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.