Anseo atá tú: Baile > Dlí > An Dlí Sibhialta > Ag taifeadadh láithris

Print Page Send to a Friend

Ag taifeadadh láithris

Eolas

Nuair a fhaigheann Cosantóir Bille Sibhialta i gcás de chuid na Cúirte Cuarda, ba chóir dó "láithreas a thaifeadadh" laistigh de 10 lá. Más Ard Chúirte atá i gceist ba chóir don Chosantóir láithreas a thaifeadadh laistigh de 8 lá i ndiaidh dó an toghairm thionscnaimh a fháil. Ní chloítear go docht leis na teorainneacha seo agus sa chuid is mó de na cásanna, is féidir cosaint a sheachadadh tar éis an tréimhse a bheith caite.

Céim an-tábhachtach í láithreas a thaifeadadh, óir léiríonn sé go bhfuil sé ar intinn an Chostantóra na himeachtaí a chosaint.

Má theipeann ar Chosantóir láithreas a thaifeadadh, is féidir leis an gComhghearánaí "Breithiúnas d'éagmais Láithris" a iarraidh ar an gCúirt. Ciallaíonn seo gur féidir leis an gComhghearánaí breithiúnas in aghaidh an Chosantóra a fháil gan an cás a thabhairt chun trialach mar gur theip ar an gCosantóir na himeachtaí a aithint nó a thabhairt le fios go bhfuil sé ar intinn aige iad a chosaint.

Rialacha

Chun láithreas a thaifeadadh, caithfidh an Cosantóir foirm ghearr a chur i dtaisce ag Oifig na Cúirte Cuarda nó ag an Lár Oifig. Caithfidh an Cosantóir a chur in iúl ansin do aturnae an Chomhghearánaí go ndearnadh láithreas a thaifeadadh. Caithfidh an t-eolas seo a leanas a bheith san fhoirm ghearr:

  • An dáta
  • Ainm aturnae an Chosantóra. Mura bhfuil aturnae ag an gCosantóir, caithfidh an fhoirm a rá go bhfuil an Cosantóir á chosaint go pearsanta.
  • Caithfidh seoladh an dlíodóra a bheith ar an bhfoirm. Mura bhfuil aturnae ag an gCosantóir, caithfear seoladh a thabhairt arbh fhéidir doiciméid a fhágáil dó ann.

Rataí

Ní gá táille no stampdhleacht a íoc nuair atá láithreas a thaifeadadh sa Chúirt Chuarda. San Ard Chúirt tá táille 10 euro le h-íoc.

Iarrfaidh do aturnae agus d'abhcóide táillí ar a gcuid seirbhísí chomh maith.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 9 April 2008

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.