Eolas
Muna bhfuil réiteach faighte ar do chás socrófar dáta don triail ós
comhair na cúirte.
Freagracht sa Chás
Muna bhfuil freagracht glactha ag an gCosantóir sa chás, is mar seo
a leanas a bheidh an triail;
- Déanfaidh d'abhcóide cur síos don bhreitheamh ar an gcás agus
ar an ngortú a d'fhulaing tú.
- Más cuí don chás, is féidir le dochtúir fianaise a chur ar
fáil maidir leis an ngortú a d'fhulaing tú.
- Más gá is féidir innealtóir a ghlaoch le fianaise a
thabhairt.
- Glaofar ort féin le fianaise a thabhairt. Beidh ort mionn a
thógáil agus ceisteanna a fhreagairt a chuireann d'abhcóide féin chomh soiléar
agus chomh beacht agus is féidir leat. Tabharfaidh tú fianaise maidir le cén
chaoi ar tharla an timpiste agus an gortú a bhaint duit. Nuair atá na
ceisteanna ar fad curtha ag d'abhcóide, déanfaidh abhcóide an taobh eile tú a
chroscheistiú. Tá sé mar aidhm aige seo teacht ar an bhfírinne agus mar sin
cuirfear ceisteanna ort maidir le haon chaoi nach bhfuil do chuid freagraí ag
cur lena chéile. D'fhéadfadh sé go n-inseófaí duit an leagan atá ag an
gCosantóir nó a f(h)innéithe den fhírinne agus iarrfar ort do bharúil a
thabhairt ar a bhfuil le rá acu.
- Tabharfaidh na finnéithe eile ar do thaobh fianaise agus
déanfar iad a chroscheistiú.
- Glaofar ar fhinnéithe an chosantóra le fianaise a thabhairt.
Is féidir le d'abhcóide chuile dhuine acu a chroscheistiú.
- Nuair atá gach finné glaoite, is féidir leis na habhcóidí
áiteamh a chur faoi bhráid an bhreithimh. Is féidir leo achomair a dhéanamh ar
an bhfianaise nó pointí de a threisiú nó argóintí dlí a dhéanamh.
- Déanfaidh an breitheamh cinneadh
- an bhfuil an Cosantóir ciontach agus mar sin freagrach as
damáistí a íoc leat,
- cé mhéid damáistí atá ag dul chugat de bharr an ghortaithe
agus
- cé a íocfaidh costais an cháis. Go hiondúil, má d'éirigh
leat, déanfaidh an breitheamh cinneadh gur ceart don Chosantóir íoc as do chuid
costas chomh maith lena c(h)uid féin. Muna n-éiríonn leat, is iondúil go mbeidh
ortsa íoc as costais an dá thaobh.
Measúnuithe Amháin
Má admhaíonn Cosantóir go bhfuil sé/sí freagrach as do ghortú agus
muna bhfuil tú sásta leis na damáistí a thairscíonn sé/sí mar réiteach,
cuirfear an cás ós comhair na cúirte le breith a thabhairt ar na damáistí gur
cóir duit a fháil.
Sa chás seo, ní bhreathnaíonn an Chúirt ar ceist na freagrachta.
Cuirfidh an breitheamh luach ar do chás bunaithe ar scrúdú ar do ghortú agus
tuar leighis don todhchaí. Déanfar an scrúdú seo tríd na tuairiscí leighis a
mheas agus/nó fianaise a chloisteáil ó dhochtúirí a bhaineann le do
ghortú.
Glaofar ort mar fhinné le cur síos a dhéanamh ar an ngortú a bhain
duit.
Cén uair a gheobhaidh tú na damáistí?
Íocann an Cosantóir damáistí le seic go hiondúil le do dhlíodóir
taobh istigh de 6-8 seachtain.