Chomh luath agus is féidir tar éis duit treoracha a thabhairt do dhlíodóir, ní mór dó/dí scéal i scríbhinn a chur chugat maidir leis na táillí a ghearrfar ort as a c(h)uid seirbhísí. Muna bhfuil sé indéanta figiúr cruinn a thabhairt duit, ní mór dó/dí meastachán a chur ar fáil nó ar a laghad cur síos a chur ar fáil duit ar an gcóras atá aige/aici le táillí a ghearradh.
Go hiondúil ní lorgóidh dlíodóir íocaíocht táillí go dtí go mbeidh an cás críochnaithe. Ach, anois agus arís d'fhéadfadh sé go mbeadh éileamh déanta roimh ré ar na táillí, go háirid má tá seans maith ann nach n-éireoidh leat sa chás.
Go hiondúil má éiríonn leat i do chás, íocfaidh an duine eile an chuid is mó nó na costais ar fad a thiteann ort (na táillí dlí san áireamh).
Ach, má chailleann tú an cás chuile sheans go mbeidh ort na costais agus na táillí ar fad a bhain le do fhoireann dlí féin agus na costais a thit ar an taobh eile a íoc freisin.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.