Anseo atá tú: Baile > Dlí > An Dlí Sibhialta > Coimisinéirí Mionn

Print Page Send to a Friend

Coimisinéirí Mionn

Eolas

Duine atá aitheanta le mionnscríbhinní, sin iad ráitis atá tugtha i scríbhinn agus faoi mhionn, agus cáipéisí dleathúla eile a dheimhniú é Coimisinéir Mionn.

Ceapann an Príomh-Bhreitheamh Coimisinéir Mionn agus is iondúil, cé nach i gcónaí, gur dlíodóir é/í. Is féidir le chuile dhlíodóir a bhfuil teastas reatha cleachtaidh aige/aici mionn a chur ar dhuine agus "Coimisinéir Mionn" a thabhairt air/uirthi féin. Is féidir le Coimisinéir Mionn leanúint ag feidhmiú mar Choimisinéir Mionn chomh fada agus a bhíonn sé/sí ag feidhmiú mar dhlíodóir.

D'fhéadfadh sé go mbeadh seirbhísí Choimisinéir Mionn ag teastáil uait dá mbeadh:

  • tú le fianaise a thabhairt i mionscríbhinn le haghaidh cás cúirte in Éirinn
  • dearbhú, ráiteas, admháil, scrúdú nó fianaise dhá dhéanamh nó dhá thabhairt agat ar son cás cúirte nó ar son cáipéisí a chlárú.

Feidhmeanna an Choimisinéir Mionn

Seo a leanas príomhfheidhmeanna Choimisinéir Mionn:

  • déanamh cinnte go bhfuil an fhianaise chuí tugtha i scríbhinn (dréacht mionscríbhinne)
  • cinntiú go bhfuil an té atá ós a c(h)omhair tar éis dréacht na mionscríbhinne a léamh agus go dtuigeann sé/sí go hiomlán a bhfuil ráite ann
  • iarraidh ar an duine a mhionnú go bhfuil an mhionscríbhinn fíor tríd an Tiomna cuí a ardú sa lámh dheas agus focail an mhionna a rá
  • deimhniú gur déanadh an mhionscríbhinn a mhionnú mar is ceart tríd an "dearbhú" ar an mionscríbhinn a shíneadh
  • táille a ghearradh ar a c(h)uid seirbhísí

Rialacha

Mionnaí agus Dearbhuithe

Iarrfar ar an té atá ag tógáil mionna é a mhionnú ar an Tiomna Nua. Is féidir le Giúdach an mionn a mhionnú ar an Sean Tiomna.

Seo a leanas an mionn a thógann daoine ós comhair Choimisinéir Mionn

"Dearbhaím faoi Dhia Uilechumhachtach gurb é seo m'ainm agus mo chuid scríbhneoireachta agus go bhfuil na sonraí i mo mhionscríbhinn fíor".

Aon duine nach mian leis/léi mionn a thógáil mar gheall go bhfuil sé in aghaidh a c(h)reidimh nó muna bhfuil aon chreideamh aige/aici is féidir leis/léi dearbhú sollúnta a dhéanamh, mar seo a leanas:

"Dearbhaím, A.B., go sollúnta agus go dílis gurb é seo m'ainm agus mo chuid scríbhneoireachta agus go bhfuil na sonraí i mo mhionscríbhinn fíor".

Conas Iarratas a dhéanamh

Ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le dlíodóir le fáil amach an gcuireann sé/sí seirbhís Choimisinéir Mionn ar fáil don phobal.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 11 September 2008

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Mionnscríbhinní
    Ráiteas scríofa faoi mhionn is ea an mionnscríbhinn a leagann amach an fhianaise ar mhian le finné a thabhairt sa chúirt.
  • Deileáil le hEastát an Mhairbh
    Tá cur síos anseo ar a bhfuil i gceist le Deonú Probháide nó litreacha riaracháin a fháil. San áireamh tá na dualgais atá ar sheiceadóir nó riarthóir leis an uacht a chur i gcrích nó faoin Acht Comharbachta.
  • Inghlacthacht ráiteas finné áirithe i dtriail choiriúil
    Cad a tharlaíonn má dhiúltaíonn finné fianaise a thabhairt i dtriail coiriúil? Clúdaíonn an tAcht um Cheartas Coiriúil an dlí sa réimse seo.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.