Anseo atá tú: Baile > Dlí > An Dlí Sibhialta > Ag Cur Tús le Cás Sibhialta

Print Page Send to a Friend

Ag Cur Tús le Cás Sibhialta

Eolas

Cén Chúirt?

Braitheann sé ar fhiúntas cáis cé acu cúirt, an Chúirt Dúiche, an Chúirt Chuarda nó an Ardchúirt, ina dtabharfar éisteacht dó. Is iad do chuid ionadaithe dlí a dhéanfaidh cinneadh ar fhiúntas do cháis.

  • Is féidir leis an gCúirt Dúiche suas le 6,348.69 euro damáistí a bhronnadh.
  • Is féidir leis an gCúirt Chuarda suas le 38,092.14 euro damáistí a bhronnadh.
  • Níl aon teorainn leis an méid damáistí gur féidir leis an Ardchúirt a bhronnadh.

Tá sé tábhachtach cuimhniú má thugtar éisteacht do do chás sa Chúirt Chuarda ach má bhronntar níos lú ná 6,348.69 euro damáistí ort nó san Ardchúirt agus má bhronntar níos lú ná 38,092.14 euro damáistí ort, d'fhéadfadh sé go mbeadh ortsa na costais a bhaineann leis an gcás a íoc.

Ar an gcaoi seo cé gur bhuaigh tú do chás, d'fhéadfadh sé go mbeadh iallach ortsa na costais bhreise a thiteann ar an dá thaobh a íoc de bharr gur iarr tú éisteacht sa chúirt níos airde.

Achainíocha/Cáipéisí Cúirte

Cáipéisí Cúirte iad achainíocha a chuireann an t-abhcóide atá ag plé le do chás le chéile. Nuair atá treoir tugtha agat do do dhlíodóir agus cinneadh déanta tús a chur le cás cúirte, ceapfaidh do dhlíodóir abhcóide le hachainíocha a dhréachtú le haghaidh do cháis.

"An tÉilitheoir"a thugtar ar an té a thógann cás, sin é/í an duine atá ag éileamh damáistí. "An Cosantóir" a thugtar ar an té ina bhfuil cás tógtha ina c(h)oinne. Cuirfidh abhcóide an éilitheora "Bille Sibhialta" le chéile má tá an cás le dul ós comhair na Cúirte Cuardaí agus "Ráiteas Éilimh" más ós comhair na hArdchúirte atá an cás le dul.

Tá sé mar aidhm ag an gcáipéis seo an cás atá dhá dhéanamh i gcoinne an Chosantóra a leagan amach. Ba cheart go mbeadh cúinsí na timpiste soiléar ann chomh maith le cén fáth agus cén chaoi a bhfuil an Cosantóir ciontach as. Beidh mionchur síos freisin ann ar an ngortú a d'fhulaing an tÉilitheoir.

Nuair a fhaigheann an Cosantóir an cháipéis seo, cuirfidh sé/sí freagra ag lorg eolais bhreise ar a thugtar na "Sonraí". Nuair atá freagra faighte ag an gCosantóir uait maidir leis an sonraí cuirfidh sé/sí "Cosaint" ar fáil ag leagan síos na bhfáthanna nach bhfuil sé/sí ciontach.

Roimh dáta a bheith tugtha don éisteacht is féidir le ceachtar den dá thaobh cáipéisí breise a lorg ón taobh eile agus tugthar "Follasú" ar seo. Muna bhfuil an dá thaobh in ann teacht ar aontú maidir leis na cáipéisí gur ceart a fhollasú, is féidir leis an gCúirt cinneadh a dhéanamh ar an gceist.

Rialacha

Teorainneacha Ama le Cás a Thógáil

Más éileamh ar ghortú pearsanta atá i gceist i.e., gortú a d’fhulaing tú de bharr timpiste nó eachtra, ní mór tús a chur le cás taobh istigh de thrí bliana ó dáta na timpiste ach amháin sa chás gur duine faoi 18 a gortaíodh nó duine de fhreagracht laghdaithe.

Nuair atá éileamh bunaithe ar chrá - i.e., nuair a chuir duine isteach ort sásamh a bhaint as do mhaoin, ní mór an cás a thosnú taobh istigh de thrí bliana ó tharla an crá.

Ní mór tús a chur le cás atá bunaithe ar sharú conartha nó clúmhilleadh i scríbhinn taobh istigh de shé bhliana den sarú nó den fhoilsiú. Ní mór cás atá bunaithe ar bhéadchaint a thógáil taobh istigh de thrí bliana ón fhoilsiú.

Ní mór tús a chur le cásanna a bhaineann le talamh go hiondúil taobh istigh de dhá bhliain déag.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 22 June 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • An Ardchúirt
    Tugtar eolas anseo faoín Ardchúirt
  • Billí Sibhialta
    Cuireann an doiciméad seo síos ar an "mBille Sibhialta", dociméad nár mhór duit a sheirbheáil ar an gCosantóir chun imeachtaí a thosú sa Chúirt Chuarda.
  • An Chúirt Chuarda
    Déantar cur síos anseo ar an gCúirt Chuarda.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.