Nósanna Imeachta na Cúirte Cuarda

Réamhrá

Sa Chúirt Chuarda, tugtar an gearánaí ar an duine a bhfuil tús á chur acu leis an gcás, is é sin, an duine a bhfuil agairt á dhéanamh acu. Tugtar an cosantóir ar an duine a bhfuil agairt á dhéanamh orthu.

Chun tús a chur le himeachtaí, is é sin, chun tús a chur le caingean dlí, ullmhaíonn abhcóide an ghearánaí Bille Sibhialta. Is é cuspóir na cáipéise seo chun an cás atá á dhéanamh i leith an chosantóra a lua.

Nuair a fhaigheann an cosantóir an Bille Sibhialta, ní mór dóibh láithreas a thaifeadadh lena thaispeáint gur páirtí anois iad leis an gcás agus go bhfuil sé ar intinn acu é a chosaint. Eiseoidh an cosantóir cosaint ina dhiaidh sin ina leagtar amach an fáth nach bhfuil an locht orthu.

Má chreideann an cosantóir go dtarlaíonn go bhfuil éileamh acu i gcoinne an ghearánaí, cuirfidh an cosantóir frithéileamh san áireamh leis an gcosaint ina leagtar amach a n-éileamh i leith an ghearánaí.

Bille Sibhialta

Má tusa an gearánaí, ní mór duit Bille Sibhialta a eisiúint chun tús a chur le himeachtaí sa Chúirt Chuarda. Féadfaidh d’aturnae an Bille Sibhialta a ullmhú, ach is go dtugtar mionteagasc d’abhcóide chun amhlaidh a dhéanamh.

saghsanna éagsúla de Bhille Sibhialta ann – déanfaidh d’ionadaithe dlí an Bille Sibhialta a ullmhú a oireann don chás atá á chur ar aghaidh agat. Mar shampla, má bhaineann an cás le díobháil phearsanta de bharr timpiste bhóthair, is Gnáthbhille Sibhialta an Bille Sibhialta. Ach má bhaineann do chás le duine a chur amach as d’áitreabh, is Bille Sibhialta Eisiachtana an Bille Sibhialta cuí.

Ábhair an Bhille Shibhialta

Ní mór go gcuimsítear an fhaisnéis a leanas sa Bhille Sibhialta:

  • Teideal – comhdhéanann ainm an ghearánaí agus ainm an chosantóra teideal na n-imeachtaí.
  • Ba cheart go ndéanfaí cur síos sa Bhille ar chineál an Bhille Shibhialta, mar shampla “Gnáthbhille Sibhialta”.
  • Cur síos ar na páirtithe – ní mór go luafar sa Bhille sloinne, céadainm, áit chónaithe nó áit ghnó agus gairm an ghearánaí agus an chosantóra.
  • Ráiteas ar an éileamh – ní mór go luafar sa Bhille cineál, méid agus bunúis éileamh an ghearánaí i leith an chosantóra. Ba cheart go leagfaí amach go soiléir na líomhaintí atá á ndéanamh ag an ngearánaí agus an díobháil a raibh an gearánaí thíos léi. Anuas air sin, ba cheart go luafaí cad atá á lorg ag an ngearánaí ón gcúirt.
  • Ní mór go luaitear sa Bhille an méid sonrach atá an gearánaí i dteideal a fháil, dar leis/léi (ní féidir seo €75,000 a shárú) nó ní mór dó/di a lua go bhfuil éileamh an ghearánaí teoranta ag dlínse na cúirte. Ní féidir leis an ngearánaí níos mó ná €75,000 a lorg ón gCúirt Chuarda.
  • Ní mór go léireofar sa Bhille an chuaird chuí ina bhfuil an t-éileamh á dhéanamh.
  • Ní mór don Bhille a bheith dátaithe agus sínithe ag an ngearánaí nó ag a n-aturnae.

An Bille Sibhialta a Sheirbheáil

I ndiaidh gur ullmhaigh an t-abhcóide an Bille Sibhialta, tabharfaidh d’aturnae é chuig oifig na Cúirte Cuarda go n-eiseofar é – is gá an dleacht stampála a íoc mar chuid de seo. I ndiaidh go n-íoctar an dleacht stampála, stampáiltear an Bille Sibhialta agus bíonn sé réidh le seirbheáil ar an gcosantóir nó ar aturnae an chosantóra.

Tá bealaí éagsúla ann chun an Bille Sibhialta a sheirbheáil:

  • Féadfaidh tú cóip den Bhille Sibhialta a thabhairt don chosantóir go pearsanta
  • Féadtar cóip a thabhairt do chéile, páirtnéir sibhialta, gaol nó fostaí an chosantóra ag áit chónaithe nó ag áit oibre an chosantóra, a fhad agus nach bhfuil an duine sin faoi 16 bliana d’aois
  • Féadfaidh tú cóip a sheoladh tríd an bpost cláraithe réamhíoctha chuig áit chónaithe nó áit ghnó dheireanach an chosantóra a rabhthas feasach orthu.

Cuimsítear na rialacha a bhaineann le Billí Sibhialta a sheirbheáil in Ordú 11 de Rialacha na Cúirte Cuarda.

Láithreas a thaifeadadh

Sa chás go bhfaigheann an cosantóir an Bille Sibhialta, ba cheart dóibh láithreasa thaifeadadh laistigh de 10 lá. Céim an-tábhachtach is ea láithreas a thaifeadadh mar gheall go dtugann sé le fios i scríbhinn go mbeartaíonn an cosantóir chun na himeachtaí a chosaint. Níl an teorainn ama dian agus, i dtromlach na gcásanna, féadtar láithreas a iontráil i ndiaidh gur éag an t-am.

Chun láithreas a thaifeadadh, ní mór don chosantóir foirm um láithreas a thaifeadadh a sheoladh ar aghaidh ag oifig na Cúirte Cuarda. Anuas air sin, ní mór cóip den fhoirm a thabhairt d’aturnae an ghearánaí.

Breithiúnas mainneachtana

Má theipeann ar an gcosantóir chun láithreas a thaifeadadh, féadfaidh an gearánaí iarratas a dhéanamh ar an gcúirt ar breithiúnas d’éagmais láithris. Ciallaíonn seo gur theip ar an gcosantóir na himeachtaí a aithint agus a thabhairt le fios go mbeartaíonn siad iad a chosaint. Is féidir leis an ngearánaí breithiúnas a fháil ón gcúirt i leith an chosantóra gan aon ghá a bheith le triail.

Má iontrálann an cosantóir láithreas ach má theipeann air/uirthi cosaint a sholáthar (féach thíos), féadfaidh an gearánaí breithiúnas mainneachtana a fháil ón gcúirt i leith an chosantóra.

An chosaint a sholáthar

Ní mór don chosantóir cosaint a sholáthar don ghearánaí laistigh de 10 lá tar éis láithreas a iontráil. Ciallaíonn seo nach mór don chosantóir fógra ar a dtugtar Cosaint a sheoladh chuig aturnae an ghearánaí. Níl an teorainn ama 10 lá dian agus, i dtromlach na gcásanna, féadtar cosaint a sholáthar i ndiaidh gur éag an t-am.

Ábhar cosanta

Níl aon rialacha seasta ann maidir leis an méid ar cheart a chuimsiú i bhfógra Cosanta. Tosaítear an cháipéis le teideal na n-imeachtaí.

Is faoin gcosantóir atá sé chun na líomhaintí a admháil nó a shéanadh a rinne an gearánaí ina mBille Sibhialta. Anuas air sin, is faoin gcosantóir atá sé chun aon chosaint shonrach a lua a bhfuil siad ag brath uirthi. Mar shampla, má tá mhaíonn an cosantóir go ndearnadh éileamh an ghearánaí lasmuigh de na teorainneacha ama, ba cheart don chosantóir an fhíric sin a phléadáil go sonrach san fhógra Cosanta.

Má rinne an gearánaí líomhain shonrach agus má theipeann ar an gcosantóir an líomhain sin a shéanadh san fhógra Cosanta, meastar go bhfuil an cosantóir ag admháil go bhfuil an líomhain fíor. Mar shampla, má mhaíonn an Bille Sibhialta go raibh baint ag an ngearánaí i dtimpiste um thrácht ar bhóithre agus má theipeann ar an gcosaint a shéanadh gur tharla an timpiste um thrácht ar bhóithre, meastar go bhfuil an cosantóir ag admháil gur tharla an timpiste um thrácht ar bhóithre. Ní gá don ghearánaí a chruthú don bhreitheamh gur tharla an timpiste.

Ar an taobh eile den phingin, nuair a shéanann an cosantóir go sonrach éileamh a rinne an gearánaí, cuirtear an gearánaí ar cruthúnas na líomhna. Ciallaíonn seo nach mór don ghearánaí a chruthú go bhfuil an t-éileamh fíor. Mar shampla, má shéanann an cosantóir go sonrach gur tharla an timpiste um thrácht ar bhóithre, ní mór don ghearánaí a chruthú gur tharla sí trí fhianaise a thabhairt chun na cúirte.

Frithéileamh

Nuair a fhaigheann cosantóir Bille Sibhialta, féadfaidh siad a chinneadh ní hamháin nach ndearna siad aon rud mícheart agus nár cheart an t-éileamh a dhéanamh ina choinne, ach go bhfuil éileamh acu i gcoinne an ghearánaí. Faoi na cúinsí siúd, b’fhéidir gur mian leo frithéileamh a chur san áireamh lena gcosaint.

Chun éileamh a dhéanamh i gcoinne an ghearánaí, cuirtear mír ar a dtugtar Frithéileamh leis an bhfógra Cosanta. Ní mór go leagtar amach go soiléir ann seo na líomhaintí atá á ndéanamh ag an gcosantóir i gcoinne an ghearánaí agus an méid atá á lorg ag an gcosantóir ón gcúirt.

Ní mór don chosantóir fógra Cosanta a sheoladh ar aghaidh le frithéileamh ag oifig na Cúirte Cuarda. Anuas air sin, ní mór cóip den fhoirm a thabhairt d’aturnae an ghearánaí.

Fógra um shonraí

Féadfaidh cosantóir, ag aon tráth i ndiaidh gur seirbheáladh Bille Sibhialta air/uirthi agus sula soláthraítear cosaint, nó féadfaidh gearánaí, ag aon tráth i ndiaidh gur seirbheáladh cosaint nó frithéileamh, iarratas a dhéanamh ar an bpáirtí eile trí fhógra i scríbhinn um shonraí. Níl i bhfógra um shonraí ach iarratas foirmiúil ar bhreis faisnéise faoin gcás. Cuimsítear ann ceisteanna nó iarratais shonracha.

Déantar iarratas ar chóipeanna de gach ceann nó aon chinn de na cáipéisí ar a mbunaítear an gníomh, an chosaint nó an frithéileamh ar Fhógra a iarrann ar chóipeanna de na cáipéisí. Déantar iarratas ar fhaisnéis ar Fhógra a iarrann ar bhreis faisnéise. Ba cheart na sonraí a iarrtar a sholáthar laistigh de 7 lá tar éis an fógra a fháil.

Mar shampla, i gcás ina bhfuil baint ag timpiste um thrácht ar bhóithre, féadfaidh an cosantóir fógra a sheoladh chuig an gcosantóir chomh maith ina gcuimsítear na ceisteanna a leanas:

“An raibh crios sábhála an ghearánaí ceangailte ag tráth na timpiste?”

“Déan cur síos ar an láthair chruinn inar tharla an timpiste trí úsáid a bhaint as léarscáil”.

Is gnách go n-ullmhaíonn an t-aturnae an fógra (le comhairle a fháil ó abhcóide amanna).

Sonraí neamhleora

Má dhiúltaíonn an gearánaí, cuirimis i gcás, chun freagairt d’fhógra um shonraí nó mura dtugann sé/sí freagairtí neamhleora, ba cheart don chosantóir scríobh chucu agus an neamhleorgacht á sainaithint agus iarraidh ar shonraí breise agus níos fearr.

Má leanann an gearánaí ag diúltú chun na sonraí a iarrtar a sholáthar, féadfaidh an cosantóir iarratas a dhéanamh ar an gcúirt. Má chomhaontaíonn an chúirt go bhfuil an cosantóir i dteideal freagairtí a fháil ar an bhfaisnéis a iarradh, féadfaidh an chúirt a ordú go dtabharfaidh an gearánaí freagairt don fhógra um shonraí.

Féadfaidh ceachtar páirtí fógra um shonraí a sheoladh ag aon tráth roimh an triail.

Cuimsítear na rialacha a bhaineann le sonraí in Ordú 17 de Rialacha na Cúirte Cuarda.

Dul chun cinn cáis

Córas bainistíochta is ea dul chun cinn cáis ina sainaithnítear saincheisteanna ar leith i ndíospóid agus ina ndéantar iarrachtaí chun na saincheisteanna siúd a réiteach nó a chaolú roimh an triail. Is é cuspóir dul chun cinn cáis a chinntiú go n-ullmhaítear na himeachtaí le haghaidh trialach ar bhealach atá cothrom, éifeachtúil agus is dóchúil a choimeádfaidh na costais a ísle agus is féidir.

Féadfaidh an Cláraitheoir Contae nó an breitheamh treoir a thabhairt go mbíonn na himeachtaí faoi réir dul chun cinn cáis, nuair atá siad sásta gur chuí amhlaidh a dhéanamh. Féadfaidh an gearánaí nó an cosantóir rún a eisiúint le haghaidh dul chun cinn cáis sa chás gur mian leo páirt a ghlacadh sa phróiseas.

Eisíonn an Cláraitheoir Contae toghairm chun freastal ar éisteacht um dhul chun cinn cáis leis an gCláraitheoir, gan níos lú ná fógra 21 lá a thabhairt. Tráth nach déanaí ná 7 lá roimh an éisteacht, caithfidh an gearánaí leabhar innéacsaithe pléadálacha a chomhdú ag oifig na Cúirte Cuarda a malartaíodh idir na páirtithe agus cóip den innéacs a sheirbheáil ar an gcosantóir.

Ag an éisteacht um dhul chun cinn cáis, deimhneoidh an Cláraitheoir Contae cén bearta atá ann go fóill lena nglacadh chun an cás a ullmhú le haghaidh trialach agus chun amchlár a shocrú chun ullmhú an cháis le haghaidh trialach a thabhairt chun críche. Féadfaidh an Cláraitheoir orduithe a dhéanamh nó treoracha a thabhairt maidir le pléadálacha agus ceisteanna eile. Féadfaidh an Cláraitheoir, ar iarratas aon duine de na páirtithe nó ar rún féin an Chláraitheora, a ordú go gcuirtear na himeachtaí nó aon saincheist iontu ar athló agus cuireadh a thabhairt do na páirtithe chun idirghabháil, idir-réiteach, eadráin nó próiseas eile réitigh díospóide a úsáid chun na himeachtaí nó an tsaincheist a réiteach nó a chinneadh.

Cuimsítear na rialacha a bhaineann le dul chun cinn cáis in Ordú 19A de Rialacha na Cúirte Cuarda.

Triail a chur síos

Nuair a soláthraíodh cosaint, féadfaidh an gearánaí fógra trialachfógra chun an dáta le haghaidh trialach a shocrú, faoi mar a threoraíonn an Cláraitheoir Contae. Ba cheart fógra nach lú ná 10 lá a thabhairt, mura gcomhaontaítear ar a mhalairt, agus ba cheart an fógra a chomhdú ag oifig na Cúirte Cuarda.

Má theipeann ar an ngearánaí fógra i leith na trialach a sheirbheáil laistigh de 10 lá i ndiaidh an chosaint a sholáthar, féadfaidh an cosantóir fógra a sheirbheáil le haghaidh trialach ar an ngearánaí. Mar mhalairt air sin, féadfaidh an cosantóir iarratas a dhéanamh ar an gcúirt chun an chaingean a dhíbhe mar gheall ar easpa ionchúisimh.

Cuimsítear na rialacha a bhaineann le triail a chur síos in Ordú 33 de Rialacha na Cúirte Cuarda.

Rátaí

Is ionann an dleacht stampála nach mór a íoc nuair a eisítear Bille Sibhialta agus €130. Ní ghearrtar aon táille ná dleacht stampála chun láithreas a thaifeadadh.

Is ionann an dleacht stampála nach mór a íoc nuair a sheoltar fógra Cosanta ar aghaidh le frithéileamh agus €15.

Tá fáil ar thábla de tháillí na Cúirte Cuarda ar láithreán gréasáin na Seirbhíse Cúirteanna.

Gearrfaidh d’aturnae agus d’abhcóide táillí ar a gcuid seirbhísí.

Tuilleadh eolais

Cuimsítear na rialacha a bhaineann le láithreas, cosaint agus frithéileamh in Ordú 15 de Rialacha na Cúirte Cuarda.

Tá fáil ar bhreis faisnéise ar Rialacha na Cúirte Cuarda agus ar fhoirmeacha ar láithreán gréasáin na Seirbhíse Cúirteanna.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 24 Deireadh Fómhair 2022