Anseo atá tú: Baile > Dlí > An Dlí Sibhialta > Achomharc ar an gCinneadh

Print Page Send to a Friend

Achomharc ar an gCinneadh

Eolas

Má tá tú míshásta le toradh do cháis, d'fhéadfadh sé go mbeadh fonn ort achomharc a chur ós comhair cúirte níos airde. Beidh ort tosnú ón tús leis an bpróiséas ar fad.

Más sa Chúirt Dúiche a cuireadh tús le do chás is féidir achomharc a chur ós comhair na Cúirte Cuardaí. Is féidir achomharc ar chás a bhí sa Chúirt Chuarda a chur ós comhair na hArdchúirte. Is féidir achomharc ar chás a bhí san Ardchúirt a chur chuig an gCúirt Uachtarach.

Is féidir leat achomharc a dhéanadh ar chinneadh an bhreithimh ina iomlán, i.e. a c(h)inneadh ar cé a bhí ciontach agus na damáistí a bhronn sé/sí (má bhronn), sa chás seo is féidir leis an gCúirt Achomhairc

  • aontú leis an gcinneadh a rinne an chéad chúirt agus seasamh leis nó
  • easaontú leis an gcinneadh a rinne an chéad chúirt agus an cinneadh sin a chur ar neamhní nó
  • na damáistí a bronnadh a ardú nó a ísliú

Má tá tú sásta leis an gcinneadh a rinne an chéad bhreitheamh maidir leis an té a bhí ciontach ach má tá tú míshásta leis an méid damáistí a bhronn sé/sí, is féidir achomharc a lorg ar an méid damáistí a bronnadh amháin. Is féidir leis an gcúirt achomhairc ansin na damáistí a bhronn an chéad bhreitheamh a ardú nó a ísliú.

Muna n-éiríonn leat san achomharc beidh ort costais an dá thaobh a íoc agus mar sin má dhéanann an taobh eile aon tairiscint an cás a réiteach leat ba cheart breathnú ar sin go cúramach.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 9 April 2008

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.