Comhdhálacha teaghlaigh

Réamhrá

Nuair a chúisítear leanbh i gcion, is féidir leis an gcúirt a ordú go gcuirtear comhdháil teaghlaigh ar siúl. Cruinniú í comhdháil teaghlaigh a dhéanann Promhadh Daoine Óga a reáchtáil. Tá an leanbh a cúisíodh sa chion, daoine muinteartha linbh, an t-íospartach/na híospartaigh agus daoine ábhartha eile san áireamh sa chruinniú. Labhróidh gach duine ag an gcruinniú faoin gcion agus an éifeacht a bhí aige ar an íospartach, an pobal agus ar theaghlach an linbh. Is í an sprioc teacht ar phlean a chabhróidh leis an leanbh gan bheith i dtrioblóid amach anseo.

Is í an reachtaíocht a rialaíonn comhdhálacha teaghlaigh Acht na Leanaí, 2001-2021.

An chomhdháil teaghlaigh a ordú

Nuair a ordaíonn an chúirt (an Chúirt Leanaí, de ghnáth, comhdháil teaghlaigh a chur ar bun, cuirtear na himeachtaí cúirte ar athlá go dtí go gcuirtear an chomhdháil i gcrích.

Ordaíonn an Chúirt comhdháil teaghlaigh sa chás seo a leanas:

  • Glacann an leanbh le freagracht as a n-iompar coiriúil
  • Creideann an chúirt gur cheart plean gníomhaíochta a chur le chéile
  • Comhaontaíonn an leanbh agus tuismitheoirí nó caomhnóirí an linbh le páirt a ghlacadh sa chomhdháil

Cruinniú comhdhála

Caithfidh oifigeach promhaidh an chomhdháil teaghlaigh a shocrú laistigh de 28 lá tar éis gur ordaigh an chúirt amhlaidh a dhéanamh. Freastalaíonn an leanbh agus teaghlach an linbh ar an gcruinniú. Is féidir leis an íospartach freastal. Is féidir le daoine ábhartha eile freastal freisin, cosúil le múinteoir nó oibrí sóisialta.

Labhróidh an grúpa ag an gcruinniú faoi conas a rinne cion an linbh difear don íospartach, an pobal agus teaghlach an linbh. Ansin smaoineoidh an grúpa ar bhealaí is féidir leis an leanbh freagracht a ghlacadh as a n-iompar agus an díobháil a rinneadh a chur ina ceart. Bunaítear an próiseas ar phrionsabail an cheartais aisiríoch.

Plean gníomhaíochta

I rith an chruinnithe, casann an leanbh agus a dteaghlach go príobháideach le plean gníomhaíochta a dhréachtú atá in ainm is cúiteamh a dhéanamh agus cabhrú leis an leanbh fanacht amach ón trioblóid. Pléann an grúpa iomlán an dréachtphlean gníomhaíochta ansin ag an gcruinniú agus déantar comhaontú leis. Mura féidir leis an ngrúpa comhaontú ar phlean gníomhaíochta, is féidir leis an gcúirt a ceann féin a scríobh nó tús a chur arís leis na himeachtaí cúirte.

Cuirtear an plean comhaontaithe gníomhaíochta faoi bhráid na cúirte lena faomhadh a fháil. Is féidir leis an gcúirt an plean a leasú. Má fhaomhann an chúirt an plean, is féidir le hoifigeach promhaidh maoirseacht a dhéanamh air.

Socróidh an chúirt dáta nach faide ná 6 mhí ina dhiaidh sin le hathbhreithniú a dhéanamh ar cibé acu ar chríochnaigh nó nár chríochnaigh an leanbh an plean gníomhaíochta. Má rialaíonn an chúirt nár críochnaíodh an plean, is féidir leis an gcúirt déileáil leis an gcás ar bhealach éigin eile, mar shampla, coinneáil nó smachtbhannaí pobail. Má tá an chúirt sásta gur chríochnaigh an leanbh an plean, is féidir léi an cúiseamh a dhíbhe.

Eolas breise

Tá eolas breise ar fáil ar láithreán gréasáin na Seirbhíse Promhaidh.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 25 Feabhra 2022