Anseo atá tú: Baile > Dlí > Gasúir agus Ógchiontóirí > Gníomhaíochtaí athstiúrtha agus cláir d'ógchiontóirí

Print Page Send to a Friend

Gníomhaíochtaí athstiúrtha agus cláir d'ógchiontóirí

Eolas

I dteannta le Clár Athstiúrtha Ógánach an Gharda tá cláir eile ann a bhfuil sé mar aidhm acu cabhrú le páistí torthaí na coireachta a thuiscint agus iad a choinneáil amach as an gcóras ceartais.

Cláir

Tionscadail Athstiúrtha Óige an Gharda

Maoiníonn na Gardaí roinnt tionscadal faoi Thionscadail Athstiúrtha Óige an Gharda a oibríonn le pobail áitiúla. Tugann na tionscadail seans do na páistí a bheith páirteach i ngníomhaíochtaí cosúil le h-oideachas, oiliúnt fostaíochta, spórt, ealaín agus ceol. Feidhmíonn formhór na dtionscadal lasmuigh d'uaireanta scoile, cé gur féidir gníomhaíochtaí a bheith pleanáilte i gcaitheamh an lae.

Tá an tSeirbhís Chaidrimh Pobail laistigh den Gharda Siochána freagrach as na tionscadail seo agus gach tionscadal faoi stiúr choiste. Is iad a bheidh ar gach coiste ná na Gardaí áitiúla, an tSeirbhís Phromhaidh, seirbhísí don óige agus na pobail áitiúla. Léiríonn gach tionscadal riachtanais an phobail áitiúil ach i ndeireadh na dála tá sé mar aidhm ag gach tionscadal páistí a chur ón gcoireacht agus iompraíocht fhrithshóisialta Tá Treoirlínte do Thionscadal Athstiúrtha Óige an Gharda (pdf) foilsithe ag an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais a thugann treoir ar chonas ba chóir do thionscadal oibriú.

Clár Scoileanna

Ag leibhéal na scoile, oibríonn na Gardaí clár atá ceaptha chun daoine óige a athchomhairliú gan baint a bheith acu le hiompraíocht choiriúil. Tugtar an Clár Scoileanna ar an gclár seo. 'Sé atá i gceist ná go dtugann Gardaí cuairt ar na seomraí ranga agus tugann siad faoi thionscadail agus turais le daltaí i rang a 5 i mbunscoileanna. Tá clár d' iar-bhunscoileanna forbartha chun feidmhiú i deannta le siollabas an Oideachais Shóisialta, Phearsanta agus Sláinte don tSraith Shóisearach.

Chomh maith le heolas a thabhairt do dhaoine óige faoi mhíbhuntáistí a bhaineann le hiompraíocht choiriúil, taispeánann an Clár Scoileanna freisin do pháistí an taobh dearfach d'obair na nGardaí agus cuireann sé le dea-chaidreamh idir páistí agus na Gardaí.

Tionscnamh Náisiúnta um Fheasacht Choireachta

Sa bhliain 1996 bunaíodh tionscnamh náisiúnta um fheasacht choireachta dírithe ar dhaoine óige Rinneadh an tionscnamh seo, ar a dtugtar an clár Copping On, a fhorbairt ag Youthreach agus líonra de Ghardaí Idirchaidrimh don Óige.

Tá an tionscnamh dírithe ar lucht luathfhágála scoile agus déanann sé iarracht daoine óige a chur ar an eolas faoi iompraíocht choiriúil agus ciontú. Cuireann Copping On acmhainní oiliúna cuimsitheacha agus solúbtha ar fáil do ghníomhaireachtaí atá ag soláthar grúpobair um fheasacht agus cosc na coireachta. Tairgíonn sé freisin tacaíocht leanúnach agus cothaíonn sé chomhoibriú idirghníomhaireachtaí.

Soláthraíonn 'Copping On' pacaí acmhainne sóisearacha agus sinsearacha dírithe ar 8-12 agus 15-18 d'aois faoi seach agus cuairteanna chuig phríosiúin faoi stiúir.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Clár Scoileanna na nGardaí

Caidreamh Pobail
Cearnóg Fhear
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil:(01) 666 3823 / 3818
Facs:(01) 666 3827
Láithreán Gréasáin: http://www.garda.ie/Controller.aspx?Page=1663

Copping On

Lárionad Taoibhthiar
Aonad 1
51 An Príomh Shráid
Léim an Bhradáin
Kildare
Ireland

Teil:(01) 610 4384
Facs:(01) 610 4417
Láithreán Gréasáin: http://www.coppingon.ie/home.htm
R-phost: info@coppingon.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 16 June 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Clár Athstiúrtha na nGardaí don Óige
    Tá sé mar aidhm ag Clár Athstiúrtha don Óige na nGardaí cosc a chur ar chiontóirí óga in Éirinn ag dul isteach sa chóras ceartais choiriúil iomlán. Déantar é seo trí sheans eile a thabhairt do na ciontóirí óga.
  • Bearta le dul i ngleic le míbhuntáiste oideachasúil
    Soláthraíonn 'Ag Soláthar Comhdheiseanna i Scoileanna' (SCS) agus tionscadail eile tacaíochtaí chun dul i ngleic le míbhuntáiste oideachasúil.
  • Iompar frithshóisialta leanaí
    Thug an tAcht um Cheartas Coiriúil forálacha nua isteach chun déileáil le hiompar frithshóisialta déanta ag leanaí. Cuireann na forálacha sin ar chumas na nGardaí déileáil le hiompar frithshóisialta ar roinnt bealaí éagsúla.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.