Má tá tú i do chónaí in Éirinn agus má tá tú idir 12 agus 21 bliain d’aois, is féidir leis na cúirteanna thú a chur chuig roinnt institiúidí de chineálacha éagsúla.
Glactar roinnt tosca san áireamh, lena n-áirítear an aois atá agat le linn do chéid láithris sa chúirt, do charachtar, nádúar an chiona agus áit oiriúnach a bheith ar fáil.
Tá mórleasuithe ar bun faoi láthair maidir le coinneáil leanaí agus daoine óga. Tá faisnéis ar rialú coinneála a tugadh isteach leis an Acht um Leanaí, 2001, inár ndoiciméad maidir le leanaí agus an córas ceartais choiriúil.
Tháinig Alt 35 d’Acht na bPríosún, 2007 i bhfeidhm i mBealtaine 2007 agus foráiltear ann déanamh rialacha príosúin. Leagann rialacha príosúin amach na coinníollacha éagsúla i bpríosúin in Éirinn agus cuimsíonn siad gach gné d’iontráil, clárú, lóistín, cearta cuairte, sláinte, smacht, oideachas, etc. Tháinig na rialacha (SI 252/2007) i bhfeidhm i nDeireadh Fómhair 2007. Cuireann an tAcht nua síneadh le réimse na n-ábhar a chuimsíonn rialacha príosúin. Leagann an fhaisnéis a leanas amach na rialacha lena mbaineann coinneáil leanaí agus daoine óga in Éirinn.
I measc na n-institiúidí arbh fhéidir leanbh nó duine óg a choinneáil iontu tá na cinn seo a leanas:
Is féidir daoine atá 18 mbliana nó níos sine a chur chun príosúin.
Tugtar scoileanna coinneála leanaí ar na hiar-Scoileanna Tionsclaíocha agus Scoileanna Ceartúcháin anois agus déanann Seirbhís na hÉireann um Cheartas i leith an Aosa Óig, atá mar chuid den Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige, iad a bhainistiú. Is ann do 3 scoil choinneála leanaí a mheastar gurb oiriúnach iad chun leanaí athchurtha agus cimithe a choinneáil. Is iad seo:
Ní féidir ach buachaillí faoi aois 16 bliana agus cailíní faoi aois 18 mblina ag tráth an athchuir nó an chimithe ag na cúirteanna a choinneáil i scoileanna coinneála leanaí.
Tá áiteanna coinneála do chiontóirí idir aois 16 agus 21 bliain d’aois a chuirtear ansin seachas an príosún. Is í Institiúid Naomh Pádraig an phríomháit choinneála ar ar tugadh Borstal go foirmiúil agus glacann sí le ciontóirí fireanna idir aois 16 agus 21 bliain.
Tá náisiúnta áis coinneála leanaí á forbairt do leanaí faoi aois 18 mbliana ag Baile Osbeirn. Aistreofar buachaillí in Institiúid Naomh Pádraig idir aois 16 agus 17 mbliana ansin nuair a bheidh sí réidh.
D'fhógair an Rialtas go mbeadh siad a choinneáil ar fad 16 bliain d'aois nua atá curtha ar athchur nó pianbhreith i Bhaile an Oibricigh ón 1 Bealtaine, 2012..
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.