Smachtbhannaí Pobail

Réamhrá

Is é an rogha deiridh leanbh atá ciontaithe i gcoir a choinneáil faoi choimeád. Déanann Acht na Leanaí 2001 foráil i gcomhair réimse smachtbhannaí pobail gur féidir le cúirt a chur i bhfeidhm mar rogha eile ar choinneáil. Ní mór don chúirt a mheas gur smachtbhanna pobail an bealach is feiliúnaí chun an cás a láimhseáil.

Ligeann na smachtbhannaí seo do leanbh fanacht sa phobal agus fanacht ar scoil. Déanann rannóg Phromhadh na nDaoine Óga den tSeirbhís Promhaidh maoirsiú ar chur i bhfeidhm fhormhór na smachtbhannaí pobail.

Mura gcloíonn leanbh le smachtanna pobail a chuirtear i bhfeidhm, tugtar an cás ar ais os comhair na cúirte.

Téann gach ordú smachtbhanna pobail, seachas ordú seirbhíse pobail, in éag 6 mhí tar éis don leanbh 18 bliana d’aois a shroichint, mura bhfuil siad imithe in éag cheana féin.

Smachtbhannaí Pobail

Tá 10 smachtbhanna pobail ar fáil do na cúirteanna.

Ordú seirbhíse pobail

Faoi ordú seirbhíse pobail, déanann leanbh atá 16 nó 17 mbliana d’aois méid áirithe uaireanta oibre nach bhfaigheann siad íocaíocht orthu. Is féidir líon uaireanta idir 40 - 240 a bheith i gceist anseo.

Ordú ionaid lae

Ceanglaíonn ordú ionaid lae ar leanbh freastal ar ionad lae agus páirt a ghlacadh i gclár imeachtaí. Bíonn uasthréimhse de 90 lá i gceist le freastal ar an ionad. Ní gá do na laethanta a bheith comhleantach, ach ní féidir le freastal dul thar thréimhse 6 mhí.

Is iondúil go mbíonn an clár ar siúl sa tráthnóna agus ar dheirí seachtaine ionas nach gcuirfidh sé isteach ar an scoil, ar oiliúint ná ar fhostaíocht.

Ordú Promhaidh

Cuireann ordú promhaidh leanbh faoi mhaoirsiú na Seirbhíse Promhaidh ar feadh tréimhse ama. I rith na tréimhse sin, ní mór don leanbh coinníollacha áirithe atá leagtha síos ag an gcúirt a chomhlíonadh. I measc na gcoinníollacha caighdeánacha tá:

  • Iad féin a iompar go maith
  • Treoracha an oifigigh promhaidh atá á maoirsiú a leanúint.

D’fhéadfadh rannpháirtíocht i gcúrsa oiliúna nó i ngníomhaíocht agus cónaí i mbrú a bheith i measc na gcoinníollacha eile.

Ordú cláir oiliúna nó gníomhaíochtaí

Is cineál ordú promhaidh é seo inar gá don leanbh clár oiliúna nó gníomhaíocht a mholann oifigeach promhaidh a chomhlíonadh. D’fhéadfadh an clár seo a bheith á bhainistiú ag an tSeirbhís Promhaidh nó ag comhlacht éigin eile. Ní gá gur ar leanaí a fuarthas ciontach i gcionta amháin a fhreastalaíonn sé.

Ordú dian-mhaoirsithe

Faoi ordú dian-mhaoirsithe, cuirtear leanbh faoi dhian-mhaoirsiú ag oifigeach promhaidh. I rith tréimhse an ordaithe, ní mór don leanbh maireachtáil in áitreabh ar leith agus freastal ar chlár oideachais, oiliúna nó cóireála. Ní féidir leis an ordú seo dul thar 180 lá. Má tá an t-ordú os cionn 90 lá, tá sé faoi réir athbhreithnithe tar éis 60 lá.

D’fhéadfadh an clár seo a bheith á bhainistiú ag an tSeirbhís Promhaidh nó ag comhlacht éigin eile. Ní gá gur ar leanaí a fuarthas ciontach i gcionta amháin a fhreastalaíonn sé.

Ordú maoirsithe chónaithigh

Is féidir leis an gcúirt ordú go mairfidh leanbh i mbrú. Bheadh an brú réasúnta gar don áit ina mbíonn cónaí ar an leanbh go hiondúil, nó don áit a dtéann sé/sí ar scoil, ag obair nó i mbun oiliúna. Ní féidir le tréimhse an ordaithe dul thar bhliain amháin.

Ordú dhuine feiliúnach (cúram agus maoirsiú)

Faoi ordú dhuine feiliúnach, cuireann an chúirt leanbh i gcúram duine fásta feiliúnach. Is féidir gaol a ainmniú mar dhuine feiliúnach. Ní mór do thuismitheoirí an linbh a dtoiliú a thabhairt i scríbhinn. Ní féidir le tréimhse an ordaithe dul thar 2 bhliain.

Ordú Meantóra (tacaíocht don teaghlach)

Is féidir le cúirt duine éigin, meantóir a shannadh chun cabhrú leis na leanbh agus le teaghlach an linbh, chun comhairle a chur orthu agus chun tacú leo ina n-iarrachtaí chun an leanbh a stopadh ó chionta eile a dhéanamh. Déanann an meantóir monatóireacht ar iompar an linbh go ginearálta freisin.

Ní mór don leanbh agus dá t(h)uismitheoirí a dtoiliú a thabhairt agus ní féidir le tréimhse an ordaithe dul thar 2 bhliain.

Ordú srianadh gluaiseachta

Is éard atá in ordú sriain ar ghluaiseacht ná ordú cuirfiú atá á mhaoirsiú ag na Gardaí. Ní mór don leanbh a bheith ag seoladh áirithe idir 7in agus 6rn. Is é an tréimhse is faide dár féidir an cuirfiú a chur i bhfeidhm ná 6 mhí.

In áit an chuirfiú nó in éineacht leis an gcuirfiú, is féidir coinníoll a bheith san áireamh san ordú fanacht amach ó cheantar ar leith. Is í an tréimhse ama is faide dár féidir an coinníoll seo a chur i bhfeidhm ná 12 mhí.

Ordú dúbailte

Bíonn ordú srianta ar ghluaiseacht in éineacht le hordú ionaid lae nó ordú promhaidh i gceist in ordú dúbailte. Bíonn srian ar ghluaiseachtaí an linbh ar feadh tréimhse nach faide ná 6 mhí. Ag an am céanna, freastalaíonn an leanbh ar ionad lae ar feadh 90 lá ar a mhéid, nó bíonn sé/sí faoi mhaoirsiú oifigigh promhaidh.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 17 Feabhra 2015