Anseo atá tú: Baile > Dlí > Gasúir agus Ógchiontóirí > Leanaí agus an córas ceartais choiriúil in Éirinn

Print Page Send to a Friend

Leanaí agus an córas ceartais choiriúil in Éirinn

Eolas

Tá leanaí in Éirinn ar na daoine is soghonta sa tsochaí. Cosnaíonn dlí an stáit leanaí go dtí go meastar go bhfuil siad in ann idirghníomhú leis an tsochaí mar dhaoine fásta. Mar gheall air sin, ní dhéileálann an córas ceartais choiriúil in Éirinn le leanaí ar an mbealach céanna ar a ndéileálann sé le daoine fásta. Tá an dlí a dhéileálann le leanaí a sháraíonn dlí coiriúil le fáil in Acht na Leanaí, 2001 arna leasú ag an Acht um Cheartas Coiriúil 2006 (pdf).

Tháinig Acht na Leanaí 2001 i bhfeidhm sa dlí i mí Iúil 2001 agus ó shin cuireadh formhór na bhforálacha ó Acht 2001 agus na leasuithe i bhfeidhm. Tá reachtaíocht 2001 bunaithe ar fhealsúnacht nár chóir don stát leanaí i gcoinbhleacht leis an dlí a choinneáil (caomhnadh) ach mar rogha deiridh. Tá a lán beart pobalbhunaithe ar chóir féachaint orthu agus leas a bhaint astu sular féidir smaoineamh faoi leanbh a choinneáil.

Bhí trí Roinn Rialtais le freagracht as maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm Acht na Leanaí, 2001. Is iad sin:

Bunaíodh Oifig an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige i mí na Nollag 2005 chun comhleanúnachas níos mó a chothú maidir le beartais a dhéanamh do leanaí. Cé go raibh sé mar chuid den Roinn Sláinte áiríodh sé freisin aonaid ón dá roinn eile cosúil le Seirbhís Ceartais Óige na hÉireann.

Bunaíodh Seirbhís Ceartais Óige na hÉireann i mí na Nollag 2005 laistigh den Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais. Cur an tSeirbhís seirbhísí ceartais óige uile an Stáit ar fáil le chéile in áit amháin. Thug sé treoir straitéiseach d'fhorbairt seirbhísí agus cothóidh sé leasuithe riachtanacha.

I mí an Mheithimh 2011, bunaíodh an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige. Thóg sé breis agus feidhmeanna na Oifig an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige. Bhí aonaid áirithe ó Ranna eile mar chuid na Roinne nua cosúil le Seirbhís Ceartais Óige na hÉireann.

Rialacha

Sainmhíniú ar leanbh sa dlí coiriúil

Go dtí gur tugadh Acht na Leanaí 2001 isteach, baineadh úsáid as a lán nathanna éagsúla chun daoine a aithint a bhí laistigh de scóip an chórais cheartais ógánach. Baineadh úsáid fhorleathan as nathanna cosúil le mionúr, ógánach, ciontóir óg agus duine óg. Anois, áfach, sainmhíníonn Alt 3 d'Acht 2001 an focal leanbh mar dhuine faoi bhun 18 mbliana d'aois.

Ní dhéanann Acht na Leanaí 2001 idirdhealú idir leanbh agus duine óg. Níl aon fhorálacha in Achtanna níos luaithe a dhéanann idirdhealú idir ranganna éagsúla leanaí (mar shampla, daoine óga, mionúir, leanbh) ann níos mó.

Aois na freagrachta coiriúla

Clúdaíonn Alt 52 d'Acht na Leanaí 2001 arna leasú ag Alt 129 den Acht um Cheartas Coiriúil 2006 (pdf) aois na freagrachta coiriúla. Tháinig sé sin i bhfeidhm i mí Dheireadh Fómhair 2006, agus d'ardaigh sé aois na freagrachta coiriúla ó 7 mbliana d'aois go dtí 12 bhliain d'aois. Ciallaíonn sé sin nach féidir cion a chur i leith leanaí faoi bhun aois 12 bhliain. Tá eisceacht ann, áfach, do leanaí ag aois 10 nó 11, mar is féidir iad a chúiseamh i ndúnmharú, dúnorgain, éigniú nó tromionsaí gnéasach. Chomh maith leis sin, nuair a chúisítear leanbh faoi bhun 14 bliana d'aois i gcion, ní féidir aon imeachtaí breise a dhéanamh gan toiliú an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí.

Cé go gcuireann Acht 2001 cosc ginearálta ar leanaí faoi bhun 12 bhliain d'aois a chúiseamh agus a chiontú i gcion coiriúil, níl díolúine iomlán ag na leanaí sin ó ghníomhartha a bheith déanta ina gcoinne. Leagann Alt 53 den Acht arna leasú ag Alt 130 den Acht um Cheartas Coiriúil 2006 dualgas ar na Gardaí leanbh faoi bhun 12 bhliain d'aois a thabhairt chuig a t(h)uismitheoirí nó a c(h)aomhnóir má tá cúis réasúnach ag na Gardaí a chreideamh go bhfuil an leanbh ciontach i gcion nach féidir an leanbh a chiontú as mar gheall ar aois an linbh. Nuair nach bhfuil sé sin indéanta, eagróidh na Gardaí go gcuirfear an leanbh faoi choimeád Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) don cheantar ina bhfuil gnáthchónaí ar an leanbh. Is féidir leis an FSS déileáil le leanaí faoi bhun 12 bhliain d'aois a dhéanann cionta coiriúla in ionad an chórais cheartais choiriúil.

Coinneáil linbh

Faoi Alt 142 d'Acht na Leanaí 2001, féadann cúirt tréimhse coinneála a chur i bhfeidhm ar leanbh. Nuair atá an leanbh faoi bhun 16 bliana d'aois, coinnítear an leanbh i scoil coinneála leanaí. Coinnítear leanaí 16 bliana agus 17 mbliana d'aois in ionaid choinneála leanaí. Mar sin féin, ní féidir le cúirt ordú coinneála a chur i bhfeidhm gan í a bheith sásta gurb é an t-aon bhealach cuí chun déileáil leis an leanbh, agus i ndáil le leanbh faoi bhun 16 bliana d'aois, gan áit a bheith ar fáil i scoil coinneála leanaí. Tá níos mó faisnéise faoi choinneáil leanaí agus daoine óga anseo.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 9 June 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Coinneáil leanaí agus daoine óga in Éirinn
    Osamharc ar institiúidí in Éirinn ina mbíonn leanaí agus daoine óga á gcoinneáil ag na Cúirteanna. Fachtóirí a thugtar san áireamh ag na Cúirteanna maidir lena gcoinneáil.
  • Clár Athstiúrtha na nGardaí don Óige
    Tá sé mar aidhm ag Clár Athstiúrtha don Óige na nGardaí cosc a chur ar chiontóirí óga in Éirinn ag dul isteach sa chóras ceartais choiriúil iomlán. Déantar é seo trí sheans eile a thabhairt do na ciontóirí óga.
  • Leanaí agus cearta in Éirinn
    Tugann an doiciméad seo eolas ar chearta an linbh i réimsí éagsúla lena n-áirítear oideachas, fostaíocht, taisteal, áineas, sláinte agus caidrimh.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.