Anseo atá tú: Baile > Dlí > Gasúir agus Ógchiontóirí > Iompar frithshóisialta leanaí

Print Page Send to a Friend

Iompar frithshóisialta leanaí

Eolas

Thug Cuid 13 den Acht um Cheartas Coiriúil 2006 forálacha nua isteach sa dlí coiriúil chun déileáil le hiompar frithshóisialta déanta ag leanaí ó 12-18 mbliana d'aois. Tháinig na forálacha sin i bhfeidhm sa dlí an 1 Márta 2007. Cuireann na cumhachtaí nua seo ar chumas na nGardaí déileáil le hiompar frithshóisialta dá leithéid ar roinnt bealaí, lena n-áirítear:

  • Rabhaidh faoi iompar frithshóisialta a eisiúint do leanaí
  • Cruinnithe a thionól chun iompar frithshóisialta linbh a phlé
  • Iarraidh ar leanbh agus a t(h)uismitheoirí nó a c(h)aomhnóir aontú le conradh i gcomhair dea-iompair agus
  • Iarraidh ar na cúirteanna ordú um iompar frithshóisialta (ar a dtugtar ASBO de ghnáth) a eisiúint i ndáil le leanbh

Tá na forálacha uile sin deartha chun cur ar chumas na nGardaí déileáil le hiompar frithshóisialta ar bhealach éifeachtúil agus an leanbh á choinneáil amach as córas an cheartais choiriúil.

Le fada an lá, glactar leis go gcúisíonn iompar áirithe déanta ag leanaí scanrúlacht, anacair, eagla nó imeaglú suntasach do bhaill áirithe na sochaí. Tuigtear freisin, áfach, nach gá na cúirteanna coiriúla a úsáid chun cosc a chur ar iompar dá leithéid. Is í aidhm na bhforálacha nua cobhsaíocht a fháil idir cosaint a thabhairt do chearta na sochaí agus déileáil le hiompar frithshóisialta déanta ag leanaí.

Rialacha

Cad é iompar frithshóisialta?

Gníomhaíonn leanbh ar bhealach frithshóisialta má chúisíonn sé/sí, nó más dóchúil sna cúinsí go gcúiseodh sé na nithe seo a leanas do dhuine amháin nó níos mó nach bhfuil cónaí orthu sa teach céanna leis an leanbh:

  • Ciapadh nó
  • Scanrúlacht, anacair, eagla, nó imeaglú suntasach nó leanúnach nó
  • Dochrú suntasach nó leanúnach dá gcumas úsáid nó sult a bhaint as a maoin

Mar shampla, dá mbeadh leanbh nó leanaí i gcónaí ag imirt peile lasmuigh de do theach agus dá gcúiseodh sé sin crá duit nó chuirfeadh sé isteach ort, chuirfeadh sé sin isteach go mór agus go leanúnach ort ó thaobh úsáid nó sult a bhaint as do bhaile. Mar sin, bheadh iompar frithshóisialta i gceist leis.

Ar an dul céanna, dá mbeadh grúpaí leanaí ag bualadh le chéile go minic i lána a dtéann tú thart air agus dá gcúiseodh a láithreacht nó a gcuid iompair sa lána scanrúlacht, anacair, eagla nó imeaglú duit, iompar frithshóisialta a bheadh i gceist leis agus d'fhéadfá cúnamh na nGardaí a lorg agus bheadh siad in ann déileáil le hiompar frithshóisialta na leanaí ansin.

Cad é rabhadh um iompar frithshóisialta?

Féadann Garda rabhadh um iompar frithshóisialta a eisiúint d'aon leanbh a ghníomhaigh ar bhealach frithshóisialta.

Féadann an Garda an rabhadh iompair a eisiúint don leanbh ó bhéal agus caithfear é a sheirbheáil ar an leanbh agus ar a t(h)uismitheoirí nó ar a c(h)aomhnóir i scríbhinn freisin. Ní mór don fhógra scríofa na nithe seo a leanas a chuimsiú:

  • Ráiteas gur ghníomhaigh an leanbh ar bhealach frithshóisialta
  • Cineál an iompair agus cathain agus cá tharla sé
  • Éileamh ar an leanbh scoradh den iompar sin
  • Fógra ag rá mura gcomhlíontar an t-éileamh ar scoradh den iompar, d'fhéadfaí iarraidh ar an gcúirt ordú iompair a eisiúint

Ní mór do na Gardaí an rabhadh iompair a eisiúint laistigh de mhí amháin ó tharla an t-iompar i gceist. I gcás iompar leanúnach, ní mór an rabhadh a eisiúint laistigh de mhí amháin ó tharlú aitheanta is déanaí an iompair sin.
Bíonn rabhadh iompair i bhfeidhm ar leanbh ar feadh 3 mhí ó eisítear é.

Cathain a thionóltar cruinniú chun iompar frithshóisialta linbh a phlé?

Má eisigh Garda rabhadh iompair do leanbh, is féidir leis/léi tuairisc a thabhairt don Cheannfort i gceannas ar an gceantar ag déanamh cur síos ar chúiseanna imní an Gharda faoi iompar an linbh. Tionólann an Ceannfort cruinniú chun iompar an linbh sin a phlé má tá an ceannfort sásta gur:

  • Ghníomhaigh an leanbh ar bhealach frithshóisialta agus is dóchúil go leanfaidh sé/sí ar aghaidh á dhéanamh, agus
  • Ghníomhaigh an leanbh ar bhealach frithshóisialta cheana féin ach ní bhfuair sé/sí rabhadh i ndáil leis an iompar sin nó chabhródh cruinniú le cosc a chur ar iompar frithshóisialta breise dá leithéid ag an leanbh

Cé a fhreastalaíonn ar chruinniú mar sin?

Iarrann an ceannfort ar na daoine seo a leanas freastal ar an gcruinniú chun iompar an linbh a phlé

  • An leanbh
  • Tuismitheoirí nó caomhnóir an linbh
  • An Garda a d'eisigh an rabhadh um iompar frithshóisialta don leanbh
  • Má tá baint ag an leanbh leis an gClár um Atreorú Ógánach cheana féin, Oifigeach Idirchaidrimh don Óige
  • Aon duine/daoine eile a mheastar go mbeadh siad in ann cúnamh a thabhairt don leanbh nó do thuismitheoirí nó caomhnóir an linbh

Ag an gcruinniú, míníonn an ceannfort don leanbh agus do na tuismitheoirí nó caomhnóir i bhfocail shimplí cad é an t-iompar frithshóisialta atá i gceist agus an tionchar a bhíonn aige ar dhaoine eile.

Iarrtar ar an leanbh a admháil gur tharla an t-iompar agus iarracht a dhéanamh stop a chur leis. Iarrtar ar na tuismitheoirí nó ar an gcaomhnóir freisin iompar an linbh a admháil agus céimeanna a thógáil chun cosc a chur ar an iompar sin.

Má aontaíonn an leanbh agus na tuismitheoirí nó an caomhnóir glacadh leis sin, ullmhaíonn an ceannfort cáipéis ar a dtugtar conradh dea-iompair.

Cad é conradh dea-iompair?

Leagann conradh dea-iompair síos i scríbhinn na tiomantais nó na gealltanais a thug an leanbh agus na tuismitheoirí nó an caomhnóir ag an gcruinniú a tionóladh chun iompar an linbh a phlé. Síníonn an leanbh agus na tuismitheoirí nó an caomhnóir é.

Bíonn an conradh dea-iompar i bhfeidhm ar feadh tréimhse uasta 6 mhí ó dháta an chruinnithe, ach féadtar é a shíneadh ar feadh 3 mhí eile ar iarratas an linbh agus na dtuismitheoirí nó an chaomhnóra.

Cad a tharlaíonn má bhriseann leanbh an gealltanas a tugadh sa chonradh dea-iompair?

Má ghníomhaigh leanbh nó má leanann leanbh ar aghaidh ag gníomhú ar bhealach a bhriseann na tiomantais sa chonradh, féadann an ceannfort cruinniú eile a iarraidh chun an conradh a athnuachan má aontaíonn an leanbh agus na tuismitheoirí nó an caomhnóir é sin a dhéanamh. Má chreideann an ceannfort, áfach, nach gcabhródh cruinniú eile le cosc a chur ar iompar frithshóisialta an linbh i gceist, féadann an ceannfort

  • Moladh a thabhairt gur chóir don leanbh páirt a ghlacadh sa Chlár um Atreorú Ógánach nó
    Má tá sé/sí sásta nach cuí don leanbh páirt a ghlacadh sa Clár um Atreorú Ógánach, iarraidh ar Chúirt na Leanaí ordú iompair a eisiúint i ndáil leis an leanbh.

Tá an dá rogha sin ag an gceannfort freisin má dhiúltaíonn an leanbh nó na tuismitheoirí nó an caomhnóir conradh dea-iompair a shíniú ag an gcéad chruinniú, nó má chinneann an ceannfort ag an tús nach gcabhródh cruinniú le cosc a chur ar iompar frithshóisialta an linbh i gceist.

Cad é ordú iompair?

Eisíonn Cúirt na Leanaí ordú um iompar frithshóisialta nuair a iarrann ball den Gharda Síochána (nach bhfuil faoi bhun ghrád an cheannfoirt) ar an gcúirt ordú a eisiúint a chuireann cosc ar leanbh 12 bhliain d'aois nó níos mó aon rud a shonraítear san ordú a dhéanamh.

Sula ndéanann an Chúirt ordú iompair mar sin, ní mór di a bheith sásta:

  • Cé gur shínigh an leanbh an conradh dea-iompair nó ghlac sé/sí páirt sa chruinniú leis na Gardaí, lean an leanbh ar aghaidh lena (h)iompar frithshóisialta agus ní dóchúil go stopfaidh sé/sí
  • Tá gá le hordú chun cosc a chur ar an leanbh leanúint ar aghaidh ag gníomhú mar sin
  • I bhfianaise an tionchair nó an tionchair dhóchúil a bhíonn ag an iompar sin ar dhaoine eile, tá an t-ordú réasúnta sna cúinsí.

Is féidir leis an gcúirt cibé téarmaí nó coinníollacha a mheasann sí gur cuí iad a chur i bhfeidhm san ordú.
Mar shampla, d'fhéadfadh an chúirt coinníoll a chuimsiú san ordú a luann nár chóir do leanbh a bheith níos gaire ná 50 méadar do theach ar chúisigh sé/sí crá ann nó d'fhéadfadh sí ordú do leanbh gan dul chuig ionad siopadóireachta ar leith.

Le cois sin, féadann an chúirt éileamh ar an leanbh roinnt riachtanas eile a chomhlíonadh maidir le tinreamh scoile nó tuairisc a thabhairt do gharda, múinteoir nó duine eile le húdarás.

Cé chomh fada a bhíonn ordú iompair i bhfeidhm?

Bíonn ordú iompair a eisíonn Cúirt na Leanaí i bhfeidhm ar leanbh ar feadh tréimhse uasta dhá bhliain ó dháta an ordaithe. Tá údarás ag an gcúirt, áfach, an t-ordú a athrú nó a scaoileadh má iarrann an leanbh lena mbaineann, a t(h)uismitheoirí nó a c(h)aomhnóir, nó ball den Ghardaí ag grád nach bhfuil faoi bhun ghrád ceannfoirt air.

An féidir le leanbh achomharc a dhéanamh i gcoinne ordú iompair?

Is féidir le leanbh a eisíodh ordú iompair ina leith achomharc i gcoinne an ordaithe a dhéanamh chuig an gCúirt Chuarda laistigh de 21 lá ón dáta a eisíodh an t-ordú. Má tá sé ar intinn ag an leanbh nó ag na tuismitheoirí nó caomhnóir achomharc a dhéanamh i gcoinne an ordaithe, ní mór dóibh an ceannfort i gceannas ar an gceantar ina gcónaíonn an leanbh a chur ar an eolas faoi.

An bhfuil aon chionta a bhaineann le rabhaidh iompair?

Nuair a chinneann garda rabhadh iompair a eisiúint i leith linbh féadann an Garda éileamh ar an leanbh a (h)ainm agus a s(h)eoladh a thabhairt dó/di chun críche an rabhaidh iompair nó an taifid scríofa de. Mura dtugann an leanbh ainm agus seoladh nó má thugann sé/sí ainm agus seoladh bréagach nó míthreorach, tá an leanbh sin ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair (Cúirt na Leanaí), fíneáil nach mó ná €200 a chur air/uirthi.

An bhfuil aon chionta a bhaineann le horduithe iompair?

Má eisíonn Cúirt na Leanaí ordú iompair i leith linbh agus ní chomhlíonann an leanbh sin an t-ordú iompair gan leithscéal réasúnta, tá an leanbh sin ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair (Cúirt na Leanaí), fíneáil nach mó ná €800 nó coinneáil i scoil coinneála leanaí ar feadh tréimhse nach mó ná 3 mhí, na an dá cheann, a chur air nó uirthi.

Má ordaítear do leanbh fíneáil agus costais na n-imeachtaí a íoc nuair a chiontaítear é/í in ordú iompair a bhriseadh, ní fhéadann iomlán na fíneála agus na gcostas a bheith níos mó ná €1,500.

An féidir cabhair dhlí shaor a chur ar fáil do leanbh i ndáil le hiarratas chuig an gcúirt ar ordú iompair?

Má tá leanbh faoi réir iarratais ón nGarda Síochána ar ordú iompair, féadtar teastas le haghaidh cabhair dhlí shaor a thabhairt dó/di ar a dtugtar Teastas um Chabhair Dhlí (Ordú Iompair). Beidh an chabhair dhlí sin ar fáil don leanbh freisin má shocraíonn sé/sí achomharc a dhéanamh i gcoinne déanamh an ordaithe.
Má tá leanbh faoi réir iarratas chuig Cúirt na Leanaí agus níl sé/sí i dteideal chabhair dhlí shaor, ansin ní mór don leanbh nó do thuismitheoirí nó caomhnóir an linbh aon chostais a íoc a bhaineann le hionadaíocht dhlíthiúil thar ceann an linbh.
Ar an dul céanna, cé nach mbaineann aon chostas le hachomharc a dhéanamh chuig an gCúirt Chuarda i gcoinne déanamh ordaithe, mura bhfuil an leanbh i dteideal chabhair dhlí shaor ní mór don leanbh nó do thuismitheoirí nó caomhnóir an linbh íoc as aon ionadaíocht dhlíthiúil thar ceann an linbh san achomharc sin.

Teagmhálacha

Má tá iompar frithshóisialta ag dul i gcion ort ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le do stáisiún Gardaí áitiúil. Ba chóir duit a mhéid faisnéise agus is féidir a sholáthar faoin iompar. Is féidir leat sonraí teagmhála do stáisiún Gardaí áitiúil a fháil anseo.

láithreán gréasáin faisnéise faoi iompar frithshóisialta bunaithe ag an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais, i gcomhar leis an nGarda Síochána.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 17 September 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Iompar frithshóisialta daoine fásta
    Tá forálacha san Acht um Cheartas Coiriúil 2006 chun déileáil le hiompar frithshóisialta déanta ag daoine fásta. Cuireann na forálacha seo ar chumas na ngardaí déileáil le hiompar frithshóisialta déanta ag daoine fásta trí mheán próiseas sibhialta a úsáideann rabhaidh agus orduithe iompair nó a bhaineann le horduithe um iompar frithshóisialta.
  • Clár Athstiúrtha na nGardaí don Óige
    Tá sé mar aidhm ag Clár Athstiúrtha don Óige na nGardaí cosc a chur ar chiontóirí óga in Éirinn ag dul isteach sa chóras ceartais choiriúil iomlán. Déantar é seo trí sheans eile a thabhairt do na ciontóirí óga.
  • Cúlra reachtach a bhaineann le hiompraíocht fhrithshóisialta leanaí
    The Criminal Justice Act 2006 introduced legislation covering children and anti-social behaviour.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.