Anseo atá tú: Baile > Dlí > Gabhálacha > Gabháil agus coinneáil neamhdhleathach

Print Page Send to a Friend

Gabháil agus coinneáil neamhdhleathach

Eolas

Más mian leis an nGarda Síochana tú a ghabháil ní mór barántas gafa a bheith acu ach amháin sa chás go bhfuil tú gafa as coir lena mbaineann téarma príosúnachta de 5 bliana nó níos mó léi. Sa chás sin ní mór go mbeadh cúis réasúnta ag na Gardaí le bheith in amhras gur tusa atá ciontach as coir.

Nuair atá tú gafa ní mór tú a thabhairt chuig stáisiún Garda gan aon mhoill mhíchuí. Ní mór a chur in iúl duit cén fáth a bhfuil tú gafa - ní mór don Gharda a ghabh thú a insint duit go díreach cén choir lena bhfuil tú gafa. Muna bhfuil sa ghabháil ach cur i gcéill ar mhaithe le tú a cheistiú maidir le coireanna eile is gabháil neamhdhleathach atá inti.

Nuair atá tú gafa, tá sé de cheart agat a bheith tugtha ós comhair na cúirte chomh luath agus is féidir. Tá sé leagtha síos i reachtaíocht éagsúil cé chomh fada gur féidir thú a choinneáil le ceistiú. Sa chuid is mó cásanna nuair atá duine gafa as coir lena mbaineann príosúnacht 5 bliana nó níos mó, ní féidir é/í a choinneáil ach ar feadh 12 uair.

Nuair atá tú faoi choinneáil tá ceart bunreachtúil agat teacht ar dhlíodóir. Níl aon cheart bunreachtúil agat é a bheith curtha in iúl duit go bhfuil sé de cheart agat dlíodóir a fheiceáil ná níl aon cheart agat an dlíodóir a bheith sa seomra in éineacht leat nuair atá agallamh dhá chur ag na Gardaí ort.

Rialacha

Má dhéantar tú a ghabháil go neamhdhleathach ní bheidh aon fhianaise a bhailítear dá bharr ceadaithe. Mar shampla, má dhéanann Garda botún agus má insíonn sé/sí duit go bhfuil tú dhá ghabháil faoin gcuid mícheart den Acht um Thrácht Bhóthair, bheadh an ghabháil agus an sampla fola a tógadh neamhdhleathach. Ní bheadh an sampla fola ceadaithe mar fhianaise.

Aon fhianaise a fritheadh nuair a bhí tú coinnithe go neamhdhleathach fritheadh í go neamhdhleathach freisin agus ní bheidh sí ceadaithe. Mar shampla, má bhí tú coinnithe ar feadh achair níos faide ná an uasthréimhse atá ceadaithe agus má admhaíonn tú don choir, ní bheidh an admháil sin ceadaithe mar fhianaise i do choinne.

Níl aon fhianaise a fhaightear a sharaíonn an ceart atá agat teacht ar dhlíodóir ceadaithe mar fhianaise i do choinne freisin. Mar shampla, má iarrann tú labhairt le dlíodóir agus má dhiúltaítear don éileamh sin, d'fhéadfadh aon ráitis a dhéanann tú do na Gardaí a bheith neamhcheadaithe mar fhianaise i do choinne.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 11 September 2008

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Fianaise faighte go neamhdhleathach
    Ní cheadaítear fianaise a fritheadh ar bhealach a sháraigh d'aonturas agus go fiosach do chearta bunreachtúla a úsáid i gcúirteanna na hÉireann.
  • Cionta maidir le tiomáint ar meisce in Éirinn
    Cion an-tromchúiseach in Éirinn is ea an tiomáint ar meisce. Faigh amach faoin dlí maidir le tiomáint ar meisce, lena n-áirítear an tástáil randamach anála, cumhachtaí an Gharda Síochána agus nósanna imeachta má ghabhtar tú.
  • Dosháraitheacht an ionaid chónaithe
    An ceart ar dhosháraitheacht an ionaid chónaithe mar atá leagtha síos i mBunreacht na hÉireann.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.