Ráitis ó dhaoine atá faoi amhras

Réamhrá

Is caighdeáin a aithnítear go hidirnáisiúnta sa dlí iad an ceart tosta agus an ceart gan tú féin a ionchoiriú. Tugann Airteagal 38.1 de Bhunreacht na hÉireann agus Airteagal 6 de Choinbhinsiún na hEorpa um Chearta an Duine cosaint do shaoránaigh ó aon iachall a bheith curtha orthu ráitis a dhéanamh a mbíonn admháil chiontachta mar thoradh orthu. Ní mór do na Gardaí na focail seo a leanas a rá sula bhfuil cead acu ráiteas a thógáil ó dhuine atá faoi amhras:

''Ní gá duit aon cheo a rá mura bhfuil fonn ort, ach má dheireann tú aon cheo scríofar síos é agus d'fhéadfadh sé go mbainfí úsáid as mar fhianaise.''

Is iad na focail seo ar a dtugtar an rabhadh. Ciallaíonn sé nach mór tú a chur ar an eolas nach bhfuil aon oibleagáid dlíthiúil ort aon rud a rá ná ráiteas a dhéanamh.

Rialacha

An bhfuil rialacha ann a bhaineann le ráitis a ghlacadh?

Tá. Is Rialacha na mBreithiúna a thugtar ar na rialacha a chlúdaíonn tógáil ráitis ó dhaoine atá faoi amhras. Is i 1912 a cuireadh le chéile iad seo i dtosach báire, agus is treoir do na Gardaí iad nuair atá coir á imscrúdú acu, chun a chinntiú go gcaitear go cóir le daoine atá faoi amhras. Níl fórsa dlí ag Rialacha na mBreithiúna, ach tá seans an-mhaith ann go ndiúltóidh breitheamh a bheidh ag stiúradh triail choiriúil d'aon ráiteas a tógadh ó dhuine atá faoi amhras, ar bhealach a bhriseann na rialacha seo.

Difir an-tábhachtacht idir ráiteas a dhéantar go neamhthoilteanach agus ráiteas a ghlactar a sháraíonn Rialacha na mBreithiúna ná, cé nach mór ráiteas neamhthoilteanach a eisiamh i dtriail,is féidir leis an mbreitheamh an ráiteas a tógadh a sháraíonn Rialacha na mBreithiúna a cheadú (má shocraíonn sé/sí féin é seo). I bhfocail eile, tá discréid ag an mbreitheamh ráitis den chinéal seo a thógáil san áireamh nó a eisiamh.

Cé go bhfuil naoi riail ann, is é an phríomhchuspóir atá acu ná a chinntiú go bhfuil aon duine atá faoi amhras is atá chun ráiteas a dhéanamh leis na Gardaí curtha ar an eolas maidir lena gceart tosta, tríd an rabhadh a thabhairt.

Má dhéanann tú ráiteas leis na Gardaí agus go dtugann na Gardaí an rabhadh duit sula dtógtar an ráiteas, ansin is féidir an méid atá sa ráiteas a úsáid in aon chás cúirte nó triail a tharlaíonn ina dhiaidh. Go minic, is éard a bhíonn i ráiteas a dhéanann duine atá faoi amhras ná admháil ar an bpáirt a bhí aige/aici féin i gcoir. Má dhéanann tú admháil i ráiteas, breathnaíonn na cúirteanna go cúramach ar na cúinsí a bhain le tógáil an ráitis ina rinneadh an admháil.

Is í an tsaincheist is tábhachtai a bhaineann le hadmháil scríofa (nó ráiteas) ná an rinneadh an admháil go deonach. Ní féidir admhálacha (béil nó scríofa) a rinne duine atá faoi amhras roimh thriail nó chás cúirte, a chruthú i gcoinne an duine ach amháin má rinneadh go deonach agus go toilteanach iad. Ionas go mbeidh sé deonach agus toilteanach, ní féidir dóchas nó imní dul i bhfeidhm ar admháil, trí bhagairt, geallúint nó aslú. Déanfar cinneadh gur ráiteas neamhthoilteanach a bheidh in aon ráiteas admhála a dhéanann duine atá faoi amhras faoi chúinsí den chineál seo.

Conas a bheidh a fhios ag an gcúirt má tá ráiteas neamhthoilteanach?

Go ginearálta, aon rud a chuireann in iúl duit go mbeidh do sheasamh i leith na coire níos fearr má dhéanann tú ráiteas admhála (nó níos measamura ndéanann), fágann sé go bhfuil an ráiteas neamhinghlactha, mar go raibh sé neamhthoilteanach.

Thar na mblianta, tá na cúirteanna tar éis a bheith an-ghéar faoi aon rud a d'fhéadfadh a bheith ina aslú, ina bhagairt nó ina gheallúint. I gcás The People-v-Murphy [1947] I.R.236 d'úsáid duine de na Gardaí an ráiteas “you are all right” leis an duine faoi amhras sular thóg siad ráiteas uaidh, agus chinn an chúirt gur chiallaigh sé sin “you will be all right”, rud a dúirt an chúirt a bhí ina mhealladh míchóir.

Déanann an tAcht um Cheartas Coiriúil 1984 Rialacháin 1997 (Taifeadadh Leictreonach ar Agallaimh) foráil i gcomhair taifeadadh leictreonach ar agallaimh áirithe i stáisiún na nGardaí. Má choinnítear i stáisiún Gardaí tú tar éis do ghabhála faoi fhorálacha:

ní mór d'agallamh leis na Gardaí a thaifead go leictreonach. Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi choinneáil i ndiaidh gabhála anseo.

I gcás na gcúirteanna agus an duine faoi amhras, tugann sé cruthúnas dóibh an rinneadh ráitis go toilteanach nó nach ndearnadh. Tá sé tar éis beagnach fáil réidh leis an nós a bhí ag daoine faoi amhras gearáin agus líomhaintí a dhéanamh faoi mhí-úsáid ó na Gardaí agus líomhaintí gur cuireadh iachall orthu ráitis neamhthoilteanacha a dhéanamh.

Cén nós imeachta atá ann chun ráitis a thógáil ó dhaoine atá faoi amhras?

Má chinneann tú ráiteas a dhéanamh, ní mór do na Gardaí an rabhadh a thabhairt duit a chuireann ar an eolas tú faoin gceart atá agat gan aon rud a rá. Ní mór an rabhadh seo a bheith san áireamh ag an líne bairr den ráiteas scríofa. Scríobhtar síos a bhfuil sa ráiteas ansin, agus is tú féin nó na Gardaí a dhéanann é seo. Is iad na Gardaí a dhéanann é seo go hiondúil, ach is féidir leat féin an ráiteas a scríobh síos más mian leat.

Nuair atá do ráiteas á thógáil síos acu, ní ceadmhach do na Gardaí croscheistiú a dhéanamh ort. Is ceadmhach dóibh ceisteanna a chur ort chun soiléiriú a dhéanamh ar aon rud a dúirt tú atá míshoiléir. Nuair atá tú críochnaithe ag tabhairt an ráitis, léifidh na Gardaí an ráiteas duit, nó tabharfaidh siad rogha duit é a léamh tú féin.

Tabharfaidh na Gardaí rogha duit ansin athruithe a dhéanamh ar an ráiteas nó rudaí a chur leis más mian leat. Déantar é sin a thaifeadadh ag deireadh an ráitis mar seo a leanas.

''Tá an ráiteas seo léite agam (nó dom), agus tugadh an rogha dom aon cheartúcháin a dhéanamh a cheap mé a bhí riachtanach.

Tá sé ceart''.

Ar deireadh, déarfaidh na Gardaí leat an ráiteas a shíniú. Ba chóir an síniú seo a dhéanamh ar an gcéad líne eile atá ar fáil agus ba chóir dóibh siúd atá i láthair a bheith ina bhfínnéithe aige. I gcás ógánaigh, ba chóir do thuismitheoir, duine fásta gaolta nó caomhnóir a bheith ina bhfinnéithe ag an síniú freisin.

Má dhiúltaíonn tú an ráiteas a shíniú cuirfidh na Gardaí na focail ''Diúltaithe síniú a thabhairt'' ann agus cuirfear na cúiseanna ar diúltaíodh síos freisin. I gcás dhuine faoi amhras atá neamhliteartha (is é sin, duine nach bhfuil léamh ná scríobh aige/aici) iarrtar air/uirthi marc a chur in áit an tsínithe.

An féidir le duine atá faoi amhras cóip den ráiteas a fháil?

Má dhéanann tú ráiteas leis na Gardaí tá tú i dteideal cóip den ráiteas a fháil saor in aisce. Má fhostaíonn tú aturnae tar éis duit do ráiteas a dhéanamh, tá do aturnae i dteideal cóip den ráiteas a fháil saor in aisce.

Má dhéanann tú ráiteas leis na Gardaí agus go ndéantar é a thaifead go leictreonach, tá tusa nó d'aturnae i dteideal cóip den taifead leictreonach a fháil. Níl aon táille i gceist ar an téip seo.

Má tá an choir chéanna curtha i leith dhuine eile agus gur tógadh a ráiteas siúd uaidh féin, níor chóir do na Gardaí an ráiteas seo a léamh duit. Ba chóir go dtabharfaí cóip den ráiteas duit, áfach, agus níor chóir do na Gardaí aon rud a rá a bheadh ag lorg freagra.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 11 Feabhra 2015