Nuair atá an Garda Síochána i mbun imscrúdaithe agus ag brath coireanna, tá siad i dteideal breathnú ar ghníomhartha aon duine ar leith. Ní mór do na Gardaí, áfach, fanacht taobh istigh de chríocha an dlí nuair atá baill den phobal á gceistiú acu. Ionas gur féidir leo é seo a dhéanamh, tá cumhachtaí áirithe tugtha do na Gardaí chun baill den phobal a stopadh agus a cheistiú.
Nuair atá Garda ag imscrúdú cion coiriúil, tá an Garda i dteideal comhoibriú a lorg ó dhuine ar bith trí cheisteanna a fhiafrú den duine faoina bhfaca nó faoinar chuala sé/sí. Cé go bhfuil na Gardaí i dteideal ceisteanna a chur ar bhaill den phobal, áfach, níl aon oibleagáid dlíthiúil ann a leithéid de cheisteanna a fhreagairt ná comhoibriú leis na Gardaí.
Tá formhór na gcumhachtaí a thugtar do na Gardaí chun baill den phobal a stopadh agus a cheistiú leagtha síos sa dlí (tugtar cumhachtaí reachtúla orthu seo). Tá roinnt cásanna, áfach, ina bhfuil Garda i dteideal tú a stopadh agus a cheistiú ach nach bhfuil aon chumhacht reachtúil ann ina leith. Tugtar cumhacht dlí coiteann air seo.
Sampla de seo ná má thugann Garda faoi deara go bhfuil rud éigin amhrasach faoi do ghníomhartha go deireanach san oíche, i gceantar ina bhfuil go leor coireanna ar bun. Tá an Garda i dteideal tú a stopadh chun coir a bhraitheadh agus a sheachaint. Níl aon oibleagáid dlíthiúil ort comhoibriú leis an nGarda, agus ní féidir leis an nGarda fórsa a úsáid chun do shaoirse a shrianú faoin dlí coiteann, seachas tú a ghabháil.
Má tá foras réasúnta ag an nGarda a cheapadh go bhfuil coir déanta agat, is féidir leis an nGarda cumhacht reachtúil a úsáid chun d'ainm agus do sheoladh a iarraidh. Má dhiúltaíonn tú iad a thabhairt, is féidir leis an nGarda tú a ghabháil ansin.
Tá cumhacht dlí coiteann ag na Gardaí chun tiománaithe a stopadh go randamach chun coir a bhrath agus a sheachaint. Is féidir an chumhacht seo a úsáid, mar shampla, chun carranna a stopadh gar do thithe tábhairne chun tiománaithe atá ar meisce a aithint nó chun carranna atá ag dul trí cheantar ina bhfuil go leor coireanna déanta a sheiceáil.
Is gnáthrud do na Gardaí faireachas a úsáid ar dhaoine agus ar shuíomhanna ina n-iarrachtaí coireanna a bhraith agus a chosc. Úsáidtear faireachas i roinnt staideanna éagsúla. Mar shampla, má tá amhras ann go bhfuil baint agatsa le gníomhartha coiriúla, d'fhéadfadh sé go ndéanfaí faireachas ort. Mar an gcéanna, nuair atá faisnéis ag na Gardaí go bhfuil coir chun tarlú ag áit ar leith, b'fhéidir go socróidh siad faireachas a dhéanamh ar an áitreabh nó an suíomh sin. Is faoi na Gardaí den chuid is mó atá an cinneadh faireachas a dhéanamh ar dhuine nó ar áitreabh, ach caithfear an cinneadh seo a dhéanamh taobh istigh den dlí.
Tá an saoirse ag gach duine in Éirinn gluaiseachtaí dhaoine eile a thabhairt faoi deara, agus, go deimhin, maoin dhaoine eile a thabhairt faoi deara. Cé go bhfuil an méid sin fíor, ní féidir an faire seo a dhéanamh ar bhealach a chuirfidh imní nó tochsal ar dhuine eile. Tugann Alt 10 den Acht um Chionta Neamh-Mharfacha in Aghaidh an Duine 1997 cosaint duit ó stalcaireacht nó ciapadh. Cé go bhfuil a leithéid seo de chosaint ann, ní dócha go bhféadfaí an chosaint seo a úsáid chun stop a chur le faireachas na nGardaí, os rud é nach iondúil go mbeadh a fhios agat go bhfuil faireachas á dhéanamh ort.
Ceart eile atá agat i leith fhaireachas ná an ceart chun príobháideachta atá agat faoin mbunreacht, atá ina cheart bunúsach ag gach duine. Baineann an sárú a d'fhéadfaí a dhéanamh ar an gceart chun príobháideachta seo le faireachas atá á dhéanamh ag comharsana, mná nó fir céile, imscrúdaitheoirí príobháideacha nó stalcaire. Níor thaispeáin na cúirteanna aon toilteanas go dtí seo maidir leis an gcosaint seo a úsáid i gcásanna ina raibh an faireachas ar bun ag na Gardaí in imscrúdú, brath nó cosc coireanna.
Tá forálacha reachtúla ann a thugann an chumhacht do Ghardaí teicneolaíocht a úsáid chun faireachas a dhéanamh ar dhaoine. Sampla de seo ná an chumhacht a thugtar do na Gardaí glaoch teileafóin a thascradh chun imscrúdú a dhéanamh ar chionta coiriúla. Tá an chumhacht seo arna thabhairt ag an an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais.
Is féidir leis an Aire údarú a thabhairt i gcomhair trascradh agus oscailt litreacha agus pacáistí poist freisin. Ní féidir le haon duine ach Coimisinéir na nGardaí iarratas a dhéanamh ar údarú dá leithéid seo i leith chionta coiriúla. Is féidir le Coimisinéir na nGardaí agus le Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann (an tArm) iarratas a dhéanamh ar údarú i leith slándáil an stáit.
Bíonn monatóireacht á dhéanamh ar oibriú na dtascradh seo ag Uachtarán na hArd-Chúirte, atá freagrach as a chinntiú go bhfuil siad teoranta dóibh siúd atá údaraithe ag an Aire.
Is cion coiriúil é glaoch teileafóin, litir nó pacáiste le duine eile a thascradh, gan údarú dlíthiúil.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.