Nuair atá na Gardaí ag fiosrú coire d'fhéadfadh sé go mbeadh orthu áitribh a chuardach le fianaise a bhailiú. Go ginearálta, ní mór do na Gardaí barántas cuardaigh a fháil roimh áitreabh nó teach cónaithe a chuardach gan cead ón úinéir.
Féadtar iad a eisiúint le Gardaí nó le daoine údaraithe eile mar shampla, cigirí sláinte, cigirí sláinte agus sábháilteachta, oifigigh leasa shóisialaigh, cigirí ceadúnais teilifíseáin. Bíonn na cúinsí ina bhféadtar barantáis chuardaigh a eisiúint éagsúil ó phíosa amháin reachtaíochta go chéile.
Ordú scríofa a thugann údarás do dhuine dul isteach in áitreabh ar mhaithe le maoin a sholáthar agus a thógáil é barántas cuardaigh.
Go ginearálta, éisíonn Breithimh na Cúirte Dúiche nó Coimisinéirí Síochána barántais chuardaigh nuair a dhéanann Garda ráiteas faoi mhionn go bhfuil a fhios aige/aici nó go bhfuil cúis mhaith aige/aici creideamh nó amhras a bheith air/uirthi go bhfuil coir déanta nó dhá dhéanamh.
Go ginearálta is féidir neart réasúnta a úsáid le barántas cuardaigh a chur i gcrích.
Má bhailíonn Gardaí fianaise de bharr cuardaigh a bhí dleathúil agus bailí is féidir an fhianaise a choinneáil agus a úsáid in aon thriail choiriúil a chuirtear i gcoinne duine.
Ní mór barántais chuardaigh a fhorghníomhú laistigh de na teorainneacha ama a leagtar amach iontusan. Mura bhforghníomhaítear laistigh de na teorainneacha ama iad, ní féidir aon eolas a fhaightear de thoradh an chuardaigh a ghlacadh mar fhianaise i dtriail.
Nuair a dhéantar duine a ghabháil is féidir leis na Gardaí nithe atá i seilbh an duine sin a thógáil má cheapann siad go bhfuil gá é sin a dhéanamh agus más fianaise tacaíochta do chúis choiriúil a bheadh iontu. Is féidir leis na Gardaí duine a chuardach tar éis é/í a ghabháil gan aon bharántas agus is féidir aon nithe a fhaigheann siad a choinneáil agus a úsáid mar fhianaise sa triail.
Don chuid is mó ní mór do na Gardaí barántas cuardaigh a fháil roimh duine, feithicil nó áitreabh a chuardach. Ach, is féidir le Gardaí dul isteach in áitreabh faoi reachtaíocht faoi leith gan aon bharántas, mar shampla, na hAchtanna um Dheochanna Meisciúla, na hAchtanna um Hallaí Damhsa Poiblí agus na hAchtanna Sláinte.
Má fhaigheann Garda barántas cuardaigh faoi réir an tAcht um Mí-úsáid Drugaí, féadann sé nó sí cuardach a dhéanamh ar an áitreabh a ainmnítear agus ar aon duine san áitreabh sin. Tá foráil cosúil léi sin san Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit. Ní foláir don bharántas an duine lena chuardach a ainmniú go ginearálta, ámh.
Tugann reachtaíocht eile, mar shampla, an tAcht um Phoilíní Bhaile Átha Cliath, an tAcht um Mhísúsáid Drugaí, an tAcht um Dlí Coiriúil agus an tAcht um Leigheasanna Ainmhí cead do na Gardaí duine a chuardach agus /nó feithicil gan aon bharántas a bheith acu.
Má tá na Gardaí ag baint úsáide as an reachtaíocht seo le duine a chuardach gan barántas cuardaigh tá sé de cheart ag an duine é sin a bheith mínithe dó/dí.
Is féidir leis an mbreitheamh ag an triail aon fhianaise a bailíodh le barántas cuardaigh faoi leith nó gan aon bharántas a chur as an áireamh agus ní mór an fhianaise sin a chur as an áireamh má déanadh cearta bunreachtúla an duine a bhfuil amhras coire air/uirthi a shárú d'aonturas agus go fiosach le linn an chuardaigh.
I gcásanna fíor eisceachtúla ar fad is féidir leis an gcúirt fianaise a bailíodh fiú má sáraíodh an Bunreacht d'aonturas agus go fiosach a cheadú. Ach, is fíor annamh a tharlaíonn cásanna mar seo, mar shampla, dá mba rud é go raibh géarghá duine a bhí i gcontúirt a shábháil.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.