Tá sé de chead ag na Gardaí agallamh a chur ar dhuine má tá sé/sí gafa, cúisithe agus rabhadh tugtha dó/dí. Tá rialacha difriúla a bhaineann le hagallamh a chur ar dhaoine atá os cionn 17 agus daoine atá níos óige ná 17 bliain d'aois.
Roimh an t-agallamh, ba cheart don Gharda atá i mbun an agallaimh é/í féin a chur in aithne chomh maith le haon Gharda eile atá i láthair sa seomra, ag tabhairt a gcuid ainmneacha agus a gcéim.
Ní mór don agallamh a bheith cothrom agus daonnachtúil.
Ní féidir le níos mó ná beirt Gharda duine a cheistiú ag an am agus ní féidir le níos mó ná ceathrar Gharda a bheith sa seomra nuair atá an t-agallamh dhá dhéanamh.
Má mhaireann agallamh ar feadh 4 uaire an chloig ní mór deireadh a chur leis nó sos ar feadh tréimhse ama réasúnta a thógáil.
Chomh fada agus is féidir ba cheart don agallamh a bheith i seomra atá curtha ar leataobh ar son agallamh amháin.
Má éilíonn duine go mbeadh dlíodóir i láthair ní féidir iarraidh air/uirthi ráiteas scríofa a thabhairt go dtí go bhfuil tréimhse réasúnta ama tugtha don dlíodóir teacht i láthair.
Ach amháin le cead ón nGarda atá i gceannas an stáisiúin, ní féidir duine a cheistiú idir meánoíche agus 8 r.n. maidir le coir. Ní féidir an cead sin a thabhairt ach amháin i gcúinsí eisceachtúla amháin nó má tugadh duine isteach sa stáisiún idir na huaireanta sin.
Más duine bodhar atá i gceist nó má tá amhras faoi éisteacht an duine ní féidir é/í a cheistiú gan teangaire, más féidir teacht ar dhuine, gan cead a fháil i scríbhinn ón té atá le ceistiú. Má tá éileamh déanta ag an duine go mbeadh teangaire i láthair agus muna bhfuil fáil ar theangaire, is i scríbhinn a chuirfear aon cheisteanna air/uirthi.
Má tá duine ar meisce nó faoi thionchar drugaí agus dá bharr muna bhfuil sé/sí in ann tábhacht na gceisteanna ná na bhfreagraí a thuiscint, ní féidir an duine a cheistiú agus é/í faoin tionchar sin, ach amháin le cead an Gharda atá i gceannas an stáisiúin. Ní féidir an cead sin a thabhairt ach amháin i gcúinsí eisceachtúla.
Má dhéanann an té atá dhá cheistiú gearrán le Garda faoin gcaoi a caitheamh leis/léi agus é/í faoi choimeád ní mór don Gharda é sin a chur in iúl don Gharda atá i gceannas an stáisiúin, muna bhfuil sé/sí i láthair ag an agallamh agus taifead den gearrán a dhéanamh.
Ní mór don Gharda atá i mbun an agallaimh nó Garda eile atá i láthair taifead a choinneáil den agallamh a chuirtear ar dhuine. Ní mór go mbeadh sonraí den am ar thosaigh an t-agallamh agus ar cuireadh deireadh leis, aon bhriseadh a tógadh, cén áit ina raibh an t-agallamh déanta agus ainmneacha agus céimeanna na nGardaí a bhí i láthair mar chuid den taifead.
Muna raibh taifead leictreonach den agallamh déanta, déanfar taifead i leabhar nótaí an Gharda.
Má tá an duine faoi 17 bliain d'aois ní féidir é/í a cheistiú muna bhfuil tuismitheoir nó coimirceoir i láthair.
Muna féidir leis an tuismitheoir nó leis an gcoimirceoir a d'iarr an páiste teacht chuig an agallamh, ní mór don Gharda atá i gceannas an stáisiúin iarracht a dhéanamh an tuismitheoir eile, coimirceoir eile, gaol fásta nó duine eile freagrach nach Garda é/í a bheith i láthair.
Is féidir leis an nGarda atá i gceannas an stáisiúin cead a thabhairt duine óg a cheistiú gan tuismitheoir nó coimirceoir a bheith i láthair i gcásanna eisceachtúla nó má theip ar iarrachtaí taobh istigh de thréimhse réasúnta dul i dteagmháil le tuismitheoir nó le coimirceoir agus iarraidh orthu teacht i láthair.
Is féidir leis an nGarda i gceannais an tuismitheoir nó coimirceoir a choinneáil amach ón agallamh:
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.