Má tá amhras ar na Gardaí ar dhuine d'fhéadfadh sé gur chuid tábhachtach den chás a chuirfidh na cúisitheoirí ina c(h)oinne gur aithin finnéithe nó an t-íobartach an duine atá cúisithe. Tá bealaí eagsúla inár féidir duine a bhfuil amhras coire air/uirthi a aithint.
Is féidir úsáid a bhaint as fianaise méarloirg i gcoinne duine atá cúisithe ag an triail agus ní gá don Gharda a thógann méarloirg rogha a thabhairt don duine má thug an duine sin a c(h)uid méarloirg dá d(h)eoin féin.
Má tá cur síos ar dhuine a bhfuil amhras coire air/uirthi faighte ag Garda is féidir leis/léi griangrafanna den duine sin a thaispeáint do fhinné. Ach, ní mór don Gharda an griangraf a chur ós comhair an fhinné i measc ar a laghad 12 griangrafanna gan a bheith ann ach ceann nó péire.
Má phiocann an finné sin an té atá cúisithe amach as paráid aitheantais ina dhiaidh sin, ní mór don bhreitheamh ag an triail a chur in iúl don ghiúiré go bhféadfadh sé go raibh tionchar ag an ngriangraf a bheith feicthe ag an bhfinné ar an té atá cúisithe a bheith piocaithe aige/aici as an bparáid aitheantais.
Is féidir úsáid a bhaint ag an triail as fianaise a bailíodh de bharr aitheantais neamhfhoirimiúil (mar shampla, má bhíonn finné in ann duine a aithint ar an tsráid) agus ní gá go mbeadh paráid aitheantais fhoirimiúil ann leis an té atá cúisithe a aithint. Ach, i gcásanna faoi leith, is féidir leis an mbreitheamh cinneadh a dhéanamh go raibh gá le paráid aitheantais fhoirimiúil.
Tabharfaidh breitheamh na trialach rabhadh don ghiúiré gur drochrud é a bheith ag brath ar fhianaise aitheantais súl amháin le duine a chiontú agus leagfaidh sé/sí síos don ghiúiré an difríocht ó thaobh creidiúna atá idir módhanna neamhfhoirmiúla agus foirmiúla le duine a aithint.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.