Eiseachadadh chuig agus ó Éirinn

Eolas

Ciallaíonn eiseachadadh go ndéantar duine a aistriú ó thír amháin go tír eile chun iad a ionchúiseamh nó chun pionós a chur orthu de bharr ciona ciontaithe. De ghnáth, ní fhéadtar duine a eiseachadadh ach amháin nuair a bhíonn comhaontú eiseachadta ann idir an dá thír.

Dá bhrí sin, ba cheart comhaontú a bheith ann idir Éire agus an tír eile roimh dhuine a eiseachadadh chuig nó ón tír seo. Ina theannta sin, tá rialacha eiseachadta sainiúla ag na tíortha difriúla. Mar shampla, ní dhéantar daoine a eiseachadadh ón tír seo de bharr imscrúdaithe ciona coiriúil amháin.

Ó 2004 ar aghaidh, rialaítear eiseachadadh idir na tíortha AE bunaithe ar Chreatchinneadh Barántais Ghabhála na hEorpa. Cuireadh é seo i bhfeidhm in Éirinn bunaithe ar an Acht um Barántas Gabhála Eorpach 2003. Rialaítear eiseachadadh ón tír seo go tíortha eile leis an Acht um Eiseachadadh 1965 (Leasú).

Rialacha

Eiseachadadh ó Éireann go Tíortha Neamh-AE eile

Féadtar daoine a eiseachadadh ó Éireann go tíortha eile nuair a bhíonn comhaontú eiseachadta idir an dá thír agus nuair a chomhlíontar coinníollacha áirithe.

Is iad seo a leanas na coinníollacha is tábhachtaí:

  • Nuair a dhéantar duine a chúiseam bíonn orthu am a chaitheamh sa phríosún in Éirinn nó sa tír eile ar feadh bliain amháin ar a laghad. Nó nuair a dhéantar duine a chúiseamh de bharr ciona dá leithéid, agus bíonn orthu ceithre mhí ar a laghad a chaitheamh sa phríosún. Úsáidtear an téarma déchoiriúlacht chun a thaispeáint go bhfuil an cion céanna i gceist sa dhá thír. Ní fhéadtar duine a eiseachadadh chun iad a choinneáil i gcoimeád de bharr cúiseanna imscrúdaithe.
  • Ní chion polaitiúil nó cion a bhaineann le cion polaitiúil: Ar dtús, cuireadh a lán cionta san áireamh faoi chionta polaitiúla, ach giorraíodh an liosta seo. Ní chuirtear cionta sceimhlitheoireachta san áireamh de ghnáth.
  • Ní bhaineann pionós an bháis leis an gcion.

Bíonn ar na húdarás sa tír eile, atá ag lorg duine a eiseachadadh ó Éireann, iarratas a chur isteach chuig an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais. Déantar imeachtaí eiseachadta a phlé san Ard-Chúirt. Baineann gnáthrialacha trialach coiriúil le himeachtaí eiseachadta.

Eiseachadadh idir Ballstáit an AE – Barántas Gabhála Eorpach

Ón 1 Eanáir 2004 ar aghaidh, úsáidtear córas nua ar fud an AE chun daoine a ghabháil, ar a dtugtar Barántas Gabhála Eorpach (BGE), in ionad na n-imeachtaí eiseachadta a bhí ann roimhe sin idir Ballstáit an AE. Is féidir le húdarás dlíthiúil náisiúnta Barántas Gabhála Eorpach a eisiúint má dhéantar iarracht duine cúisithe a thabhairt ar ais chuig an tír nuair a bhíonn cion i gceist le uasphíonós de bhliain amháin i bpríosún ar a laghad, nó má leagadh amach téarma phríosúnachta de ceithre mhí ar a laghad.

Caithfear glacadh leis na nósanna imeachta seo in Éirinn de bharr an Achta um Barántas Gabhála Eorpach 2003. Baineann an acht seo le heiseachadadh idir tíortha an AE, gan eiseachadadh do thíortha lasmuigh den AE a chur san áireamh.

Cuirtear creatchinneadh an AE ón 13 Meitheamh 2002, maidir le Barántas Gabhála Eorpach i bhfeidhm in Éirinn de réir reachtaíochta na tíre. Nuair a eisíodh an cinneadh, glacadh leis sa tír seo chun daoine cúisithe a thriail nó chun pianbhreith choimeádta nó ordú coinneála a chomhlíonadh. Is é atá i gceist ná deimhin a dhéanamh de nach ndéanfar duine a eiseachadadh ó Éireann agus a choinneáil faoi choimeád de bharr cúiseanna imscrúdaithe. Mar riail ghinearálta, ní fhéadtar duine a ghabháil in Éirinn chun imscrúdú ciona a dhéanamh, ní fhéadtar iad a ghabháil ach amháin chun iad chúiseamh i gcion. Ní hé sin an scéal i dtíortha AE áirithe. Tá an ráiteas seo le feiceáil sna hAchtanna um Barántas Gabhála Eorpach 2003.

Ceanglas déchoiriúlachta

Roimh Eanáir 2004, bhí déchoiriúlacht de dhíth i leith gach ciona. Dá bhrí sin, féadtar duine a eiseachadadh chun iad a ionchúiseamh nó chun pianbhreith a chur isteach i stát eile, nuair a bhíonn cion i gceist faoin dlí sa dá stát. Níl an ceanglas déchoiriúlachta le comhlíonadh a thuilleadh maidir le heiseachadadh idir Ballstáit an AE, i gcás roinnt tromchionta áirithe a luaitear san Acht um Barántas Gabhála Eorpach 2003.

Is iad seo a leanas roinnt de na cionta seo: rannpháirtíocht in eagraíocht choiriúil, sceimhlitheoireacht, gáinneáil i ndaoine, dúshaothrú gnéasach a bhaineann le leanaí, pornagrafaíocht leanaí; gáinneáil in airm, i lón lámhaigh agus i bpléascáin; éillitheacht, calaois, sciúradh airgid agus góchumadh ar airgead. Tá an stát, ina lorgaítear an duine cúisithe, freagrach as Barántais Ghabhála Eorpacha, a eisíodh i leith coireanna nó i leith coireanna líomhanta a luaitear ar an liosta seo, a chomhlíonadh. Caithfear é seo a dhéanamh fiú amháin má bhíonn sainmhíniú ciona difriúil i gceist sa dá thír, nuair a bhíonn tromchion i gceist agus nuair a bhíonn ar an duine cúisithe 3 bliana ar a laghad a chaitheamh i bpríosún sa bhallstát inar eisíodh an barántas. Caithfear an ceanglas déchoiriúlachta a chomhlíonadh i leith gach ciona eile.

Tráthchlár na mBarántas Gabhála Eorpach

Ní mór cinneadh a dhéanamh de ghnáth maidir le heiseachadadh duine laistigh de 60 lá tar éis iad a ghabháil, nó laistigh de 90 lá i gcásanna speisialta. Ní teorainneacha iad seo a bhíonn ina gceangal de réir dlí, ach teorainneacha a n-úsáidtear mar threoir ama amháin.

Tréimhsí próiseála barántas

Tá gach ballstát freagrach as lárúdarás a ainmniú chun Barántais Ghabhála Eorpacha a bhainistiú. Is í an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais a dhéanann iad a bhainistiú in Éirinn. Is í an Ard-Chúirt a chomhlíonann na Barántais Gabhála Eorpacha a fhaightear in Éirinn.

Is féidir leis an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí iarratas cúirte a chur isteach chun Barántas Gabhála Eorpach a eisiúint i leith duine atá ina c(h)ónaí i dtír AE eile, agus gur gá iad a thabhairt os comhair na cúirte in Éirinn nó tréimhse ama a chaitheamh i bpríosún ann.

Reachtaíocht Éireannach i ndáil le Barántais Ghabhála Eorpacha

Forálann Cuid II den Acht um Eiseachadadh 1965 d’eiseachadadh idir Éire agus tíortha eile, seachas an RA. Bunaítear an reachtaíocht seo ar Choinbhinsiún um Eiseachadadh Chomhairle na hEorpa 1957 ina bhfuil páirt á ghlacadh ag an tír seo. Tá páirt á ghlacadh freisin ag an tír seo i roinnt choinbhinsiúin idirnáisiúnta eile inar leagadh amach socraíochtaí eiseachadta speisialta i leith cionta áirithe – mar shampla, san earnáil eitlíochta. Cuireadh roinnt leasuithe i bhfeidhm maidir leis an Acht 1965. Is amhlaidh áfach gur aisghairíodh Cuid III den Acht 1965 a bhaineann le heiseachadadh idir Éire agus an RA faoin Acht um Barántas Gabhála Eorpach 2003.

Tá an tAcht um Eiseachadadh 1987 (Coinbhinsiún Eorpach chun Sceimhliú a Dhíchur) bunaithe ar an gCoinbhinsiún Eorpach chun Sceimhliú a Dhíchur. Cuireann an reachtaíocht seo teorainn leis an méid iarrachtaí gur féidir le duine a dhéanamh chun eiseachadadh a sheachaint i gcás ciona polaitiúil nó i gcás ciona a bhaineann le cion polaitiúil. Bunaíodh an coinbhinsiún sceimhlitheoireachta chun deimhin a dhéanamh de gur féidir sceimhlitheoirí a eiseachadadh, fiú amháin má dhéanann siad iarracht a thaispeáint gur cion polaitiúil a bhí i gceist.

Shín an tAcht um Eiseachadadh (Leasú), 1994 an réimse cionta nach bhféadfaí caitheamh leo amhail bheith polaitiúil ar mhaithe le cuspóirí eiseachadta.

Cuireadh an tAcht um Eiseachadadh 2001 (Coinbhinsiúin an Aontais Eorpaigh) i bhfeidhm idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh de bharr na Coinbhinsiúin 1995 agus 1996 um Nós Imeachta Simplithe Eiseachadta. Ina theannta sin, forálann an Acht go gcaithfear imeachtaí eiseachadta a phlé san Ard-Chúirt.

Tuilleadh eolais

Tá eolas ar an mBarántas Gabhála Eorpach le fáil ar an láithreán gréasáin Europa.eu.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 18 Feabhra 2015