Má admhaíonn duine aon cheo do na Gardaí, is féidir an admháil sin a úsáid mar fhianaise ina c(h)oinne sa chúirt.
Admháil a dhéanann duine gan aon iallach a bheith air/uirthi agus a dhéanann duine as a d(h)eoin féin í admháil uaidh/uaithi féin.
Má dhéanann duine admháil nach uaidh/uaithi féin í, ní féidir an admháil sin a úsáid mar fhianaise ina c(h)oinne ag an triail.
Fiú má dhéanann duine adhmáil uaidh/uaithi féin, d'fhéadfadh sé nach mbeadh cead í a úsáid sa chúirt de bharr na gcúinsí míchothroma nó éigneacha ina déanadh an admháil sin.
Déanfaidh an Chúirt cinneadh nach admháil uaidh/uaithi féin a rinne an té atá cúisithe má baineadh úsáid as brú fisiciúil nó síceolaíochta leis an admháil sin a fháil nó má rinne aon duine i gceannas aon bhagairt ar an té atá cúisithe nó má gealladh aon cheo dó/dí as an admháil sin a thabhairt. Má dhéantar bagairt ar dhuine nó rudaí a gheallúint dó/dí a chuireann eagla air/uirthi nó a thugann dóchas dó/dí, d'fhéadfadh sé nach mbeadh an duine sin ag feidhmiú as a d(h)eoin féin. Mar sin, aon admháil a dhéanann duine de bharr bagartha nó gealltanais uaidh duine i gceannas ní féidir a rá gur ráiteas uaidh/uaithi féin atá ann.
Ní ghlacfar le hadmháil ach an oiread má baineadh úsáid as drugaí, hipneois, alcól, tréimhse fada agallaimh, ceistiú iomarcach nó aon mhódh oibre eile a bhaineann an mheabhair réasúnach nó an toil féin den duine leis an admháil sin a fháil.
Ní mór bunchaighdeáin chothroime a shásamh. Mar shampla, má admhaíonn duine baint a bheith aige/aici le coir tar éis tréimhsí ceistiúcháin as a chéile gan dóthain codalta agus scíthe a bheith fáighte aige/aici d'fhéadfadh an chúirt cinneadh a dhéanamh nach féidir úsáid a bhaint as an admháil sin mar fhianaise.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.