Anseo atá tú: Baile > Dlí > Gabhálacha > Bannaí agus Urra

Print Page Send to a Friend

Bannaí agus Urra

Eolas

Má dhéantar duine a ghabháil agus a chúisiú le coir, tabharfar ós comhair na Cúirte Dúiche é/í chomh luath agus is féidir. Is féidir iarratas a chur ós comhair na cúirte go scaoilfí an duine amach ar "bhannaí".

Bannaí

Scaoiltear duine ar bhannaí mar gheall ar bhanna nó geallúint a dhéanann sé/sí féin nó duine eile (urra) le cinntiú go mbeidh an duine atá cúisithe i láthair le dul ós comhair na cúirte dá t(h)riail. Glactar leis go bhfuil duine neamhciontach go dtí go bhfuil sé cruthaithe go bhfuil sé/sí ciontach agus is ar an mbunús sin a scaoiltear duine ar bhannaí.

Má théann duine faoi bhannaí tá sé/sí ag glacadh leis go dtiocfaidh sé/sí ós comhair na cúirte leis na cúiseanna atá curtha ina leith a fhreagairt.

Urraí nó Daoine Bannaí

Ní gá go mbeidh an chúirt sásta le geallúint ón té atá cúisithe go mbeidh sé/sí i láthair sa chúirt leis na cúiseanna atá curtha ina c(h)oinne a fhreagairt. D'fhéadfadh sé go ndéanfaidh an chúirt cinneadh go bhfuil "urra neamhspléach" ag teastáil le cinntiú go mbeidh an duine i láthair.

Duine a ghlacann freagracht air/uirthi féin go mbeidh an té atá cúisithe i láthair sa chúirt é/í urra neamhspléach. Geallann sé/sí suim airgid a íoc leis an gcúirt muna dtagann an té atá cúisithe ós a comhair.

Cineáil Bhannaí

Bannaí Stáisiúin

Nuair a thugann Garda isteach i Stáisiún na nGardaí duine faoi choimeád, is féidir leis an stáisiún an duine sin a scaoileadh ar bhannaí le nó gan urraí. Is é/í an Garda atá i gceannas an stáisiúin a dhéanann cinneadh cé mhéid airgid a bheidh i gceist leis an mbanna. Ní mór don té atá cúisithe geallúint a thabhairt a bheith i láthair ag an gCúirt Dúiche ar dáta faoi leith.

Bannaí Cúirte

Nuair a thagann duine ós comhair na Cúirte Dúiche is féidir leis an mBreitheamh é/í a choinneáil faoi choimeád nó a scaoileadh ar choinníollacha bannaí le nó gan urra. Is é/í an breitheamh a dhéanann an cinneadh cé mhéid airgid a bheidh i gceist leis an mbanna.

Má thugtar cead do dhuine dul ar bhannaí ní mór dó/dí (nó a (h)urra) ar a laghad aon thrian den mhéid airgid atá geallta sa bhanna a íoc. Aisíocfar an t-airgead má thagann an té atá cúisithe ós comhair na cúirte mar a gheall sé/sí.

Má dhiúltaíonn an Chúirt Dúiche duine a scaoileadh ar bhannaí coinneofar siar faoi choimeád an duine sin. Is féidir le duine achomharc faoin gcinneadh sin a chur ós comhair na hArdchúirte.

Rialacha

Bannaí na hArdcúirte

Má chuirtear cúiseanna a bhaineann le tréas, coireanna cogaidh, dúnmharú, iarracht duine a dhúnmharú, comhcheilg le dúnmharú nó píoráideacht agus cinedhíothú, i leith duine níl sé de chumhacht ag an gCúirt Dúiche an duine sin a scaoileadh ar bhannaí. Níl cead ag an gCúirt Dúiche ach an oiread duine atá cúisithe le coireanna faoi leith a bhaineann leis an Acht um Chiontuithe in Aghaidh an Stáit, 1939 agus leis an Acht um Rúndachta Oifigiúil, 1963.

Sna cásanna sin, ní mór don té atá cúisithe nó dá (h)ionadaí dlí iarratas a chur ós comhair na hArdcúirte ar bhannaí.

Rudaí nach mór don Chúirt a chur san áireamh

Tá roinnt rudaí ar a mbunófaidh an Chúirt Dúiche an cinneadh duine a scaoileadh ar bhannaí nó bannaí a dhiúltú:

  • An bhfuil cosúlacht ann go n-éalóidh an duine
  • Más coir throm atá curtha i leith an duine an bhfuil cosúlacht ann go ndéanfaidh sé/sí coir throm eile agus é/í saor ar bhannaí. Is coir throm aon choir lena mbaineann téarma sa phríosún de 5 bhliain
  • Má rugadh ar an duine atá cúisithe agus é/í i mbun na coire
  • An bhfuil seans ann go gcuirfidh an duine isteach ar fhianaise, ar fhinnéithe nó ar bhaill den ghiúiré
  • Ar sháraigh an duine téarmaí bannaí cheana.
  • Cén sórt duine atá i gceist agus an bhfuil stair coireanna aige/aici
  • A s(h)aol pearsanta (an bhfuil clann, post agus teach, & rl ag an duine)
  • An bhfuil ceangal ag an duine leis an Stát seo - i.e., áitreabh, clann, fostaíocht
  • An bhfuil an duine sásta aontú le coinníollacha faoi leith (e.g., a p(h)ás a thabhairt suas)
  • Cé chomh trom atá an choir atá curtha i leith an duine
  • Cén bhreith gur dócha a bheadh ann dá mbeadh an duine ciontach
  • Cé chomh láidir atá an fhianaise i gcoinne an duine
  • An bhfuil na Gardaí i gcoinne an duine a scaoileadh ar bhannaí.

Daoine nach féidir glacadh leo mar Urraí ná mar Dhaoine Bannaí

Ní féidir leis an gcúirt diúltú glacadh le duine mar urra bunaithe go simplí ar a d(h)rocháil morálta nó ar a c(h)laonadh polaitiúil. Ach, is féidir diúltú glacadh le duine mar urra má tá sé soiléar nach mbeadh an duine sin in ann an suim airgid atá luaite leis an mbanna a íoc dá sárófaí coinníollacha na mbannaí.

Ní féidir glacadh leis na daoine seo a leanas mar urraithe bhannaí:

  • Dlíodóir an té atá cúisithe
  • Aon duine atá faoi 18 bliain d'aois
  • Aon duine atá faoi choimeád

Céard a tharlaíonn má sháraíonn duine na bannaí

  • Má theipeann ar dhuine teacht i láthair na cúirte mar a bhí aontaithe, éiseófar barántas binse leis an duine sin a ghabháil. Beidh ordú tugtha do na Gardaí an duine a ghabháil agus a thabhairt ós comhair na cúirte.
  • Beidh an méid airgid a bhí luaite leis na bannaí le n-íoc ag an duine agus/nó ag an urra neamhspléach.
  • Beidh an duine ciontach as coir nua choiriúil lena mbaineann pionós de ar a mhéid 1,269.74 euro agus/nó 12 mí sa phríosún.
  • Ní scaoilfear an duine saor arís ar bhannaí.
  • iad siúd a ciontaíodh cheana féin
  • iad siúd ar eisigh an Chúirt Ordú fúthu go raibh siad ina bhféimhigh

Diúltú Bannaí

Má chuirtear cion tromchúiseach i leith duine féadfaidh cúirt diúltiú d'iarratas an té sin go ligfaí é nó í amach ar bhannaí. Tá na fáthanna séanta seo leagtha síos i gCuid 2 den Acht um Bannaí, 1997. Féadfaidh na cúirteanna iarratas a shéanadh má mheastar gur gá é chun duine a chosc ó chion a dhéanamh fad atá sé nó sí amuigh ar bhannaí. I measc na rudaí a chuireann an chúirt san áireamh agus cinneadh á dhéanamh aici bannaí a shéanadh tá:

  • fianaise nó aighneacht faoin gcineál coire atá á chur i leith duine agus a thromchúisí is atá sí.
  • géire an phianóis atá leagtha síos de réir an dlí don choir sin;
  • treise an cháis in aghaidh an chúisí;
  • an cosúlacht go mbeidh an triail ann gan ró-mhoill;
  • an tArd-Aighne a bheith ina aghaidh;
  • gur ciontaíodh an cúisí cheana féin, fiú má tá achomharc cúirte á dhéanamh aige nó aici faoin scéal is nach ndearnadh cinneadh faoi is nár tarraingíodh siar é; agus
  • aon chion eile atá curtha i leith an té atá cúisithe agus a bhfuil sé nó sí ag fanacht le triail dá bharr.

Conas Iarratas a dhéanamh

Bannaí Stáisiúin

Tar éis duine a ghabháil agus a thabhairt chuig Stáisiún na nGardaí d'fhéadfadh sé go ndéanfaidh an duine atá i gceannas an stáisiúin cinneadh é/í a shaorú ar bhannaí stáisiúin. Déanfaidh an Garda an cinneadh seo má cheapann sé/sí "gur cinneadh stuama" a bheadh ann. Níl sé de chumhacht ag an nGarda duine a scaoileadh ar bhannaí a bhfuil barántas cúirte éisithe len é/í a ghabháil.

Má scaoiltear duine ar bhannaí stáisiúin beidh air/uirthi dul faoi bhannaí le teacht i láthair ag an gCúirt Dúiche mar a aontaíodh. D'fhéadfadh sé go mbeadh ar an té atá cúisithe suim airgid a íoc agus urra neamhspléach a fháil freisin le cinntiú go dtiocfaidh sé/sí ós comhair na cúirte mar a aontaíodh.

Bannaí Cúirte

Má dhéantar duine a ghabháil agus a choinneáil, tabharfar ós comhair na Cúirte Dúiche é/í chomh luath agus is féidir. Is féidir le hionadaí dlí an duine atá cúisithe iarratas foirmiúil a chur ós comhair an Bhreithimh é/í a scaoileadh ar bhannaí.

Go hiondúil agus iarratas ar bhannaí dhá phlé leagfar béim ar an gceist an bhfuil cosúlacht ann go n-éalóidh an té atá cúisithe gan teacht i láthair dá t(h)riail.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 25 May 2009

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.