Gabhálacha

Eolas

Duine a thógáil nó a choinneáil agus a thabhairt ós comhair na Cúirte Dúiche taobh istigh d'achar réasúnta atá i gceist le gabháil.

Ní féidir duine a ghabháil ar mhaithe le fianaise a bhailiú nó "le cúnamh a thabhairt do na Gardaí ina gcuid fiosrúchán".

Ní mór thú a chur ar an eolas cén fáth a bhfuil tú á ghabháil, mar shampla, mar gheall go bhfuiltear in amhras gur ghoid tú earraí. Má ghabhtar thú faoi Alt 30 den Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit, 1939, ní gá thú a chur ar an eolas go díreach faoi cén fáth a bhfuil tú á ghabháil, ní gá ach a rá duit go bhfuil tú á ghabháil faoin alt sin.

Má théann duine dá d(h)eoin féin chuig Stáisiún na nGardaí le cúnamh a thabhairt dóibh ina gcuid fiosrúchán agus má chuirtear ceisteanna air/uirthi ní mór a chur in iúl dó/dí gurb é sin atá ag tarlú agus ní mór do na Gardaí a dhéanamh soiléar dó/dí go bhfuil sé/síor leis an stáisiún a fhágáil ag am ar bith muna bhfuil sé/sí gafa acu.

Is minic go mbíonn barántas faighte le duine a ghabháil. Ach ní i gcónaí go mbíonn gá le barántas.

Rialacha

Gabháil gan barántas

Is féidir duine a ghabháil gan barántas nuair atá Garda den tuairim, le fáth réasúnta, go bhfuil coir déanta agus go bhfuil an duine sin ciontach as an gcoir (Alt 4 den Acht an Dlí Coiriúil 1997). Is ionann ‘cion inghabhála’ agus cion a bhféadfaí príosúnacht 5 bliana nó níos mó a ghearradh dá bharr, i gcás duine nach bhfuil aon chiontuithe aige/aici roimhe seo. Bronnann dlíthe sonracha cumhachtaí sonracha gabhála ar na Gardaí, chomh maith. Mar shampla, féadfaidh Garda thú a ghabháil faoi na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre gan bharántas má bhíonn sé/sí in amhras go bhfuil cion á dhéanamh agat maidir le tiomáint faoi thionchar alcóil.

Iontráil in áitreabh agus an áit a chuardach le duine a ghabháil

Má tá barántas faighte ag Garda le duine a ghabháil tá sé de cheart aige/aici dul isteach in áitreabh agus an áit a chuardach má bhíonn sé/sí den tuairim go bhfuil an duine sin ann. Ní mór dó/dí féin a chur in iúl cé hé/í féin, cead iontrála a éileamh agus a rá cén fáth go bhfuil sé/sí ann. Má dhiúltaítear don Gharda teacht isteach tá sé de cheart aige/aici doirse taobh amuigh agus istigh a bhriseadh le fáil isteach.

Nuair nach bhfuil aon bharántas gafa ag an nGarda is féidir leis/léi dul isteach in áitreabh agus é a chuardach má tá cúis réasúnta aige/aici le ceapadh go bhfuil an duine ann. Ach, más teach cónaithe atá i gceist ní féidir leis an nGarda teacht isteach gan cead ón duine a chónaíonn ann ach amháin sa chás:

  • Gurb é an té atá i gceist a ghabháil a chónaíonn ann
  • Go bhfuil an duine feicthe taobh istigh nó ag dul isteach sa teach cónaithe ag an nGarda
  • Go gceapann an Garda, le cúis réasúnta, go n-éalóidh an duine nó go gcuirfidh an duine bac ar an dlí an fhad agus a bheadh barántas dhá lorg ag an nGarda nó
  • Má cheapann an Garda, le cúis réasúnta, go mbeidh coir déanta ag an duine roimh a bheidh deis ag an nGarda barántas gafa a fháil.

Bealach le duine a ghabháil

Ní féidir úsáid a bhaint as an láimh láidir le duine a ghabháil ach amháin sa chás go bhfuil sé fíor riachtanach.

Nuair a ghabhann Garda duine beidh air/uirthi láimh a leagan ar a c(h)orp nó an duine a choinneáil ar bhealach eile. Más coir choiriúil atá i gceist leis an ngabháil ní mór a chur in iúl don duine ag an am cén chúis atá le cur ina c(h)oinne ach amháin sa chás go bhfuil sé fíor shoileár (mar shampla, duine a bheadh gafa le linn dó/dí a bheith ag déanamh na coire)

Tar éis duine a chúisiú ní mór don Gharda foláireamh mar seo a leanas a thabhairt dó/dí "Ní gá duit tada a rá muna bhfuil fonn ort, ach scríofar síos aon rud a dheireann tú agus d'fhéadfaí é a úsáid mar fhianaise."

Nuair a thugtar duine chuig Stáisiún na nGardaí ní mór sonraí na coire a leagan amach ar "bhileog cúise". Ní mór cóip de na sonraí a thabhairt don té atá cúisithe. Déanfaidh an Garda an duine a chúisiú go foirmiúil tríd gach cúis a léamh agus tabharfar foláireamh don duine tar éis gach cúis a léamh amach. Ní mór don Gharda nóta a dhéanamh d'aon fhreagra a thugann duine.

An té atá gafa a chuardach

Is féidir le Garda an duine a chuardach tar éis é/í a ghabháil agus na nithe seo a leanas a thógáil

  • Nithe a cheapann sé/sí a bheith bainteach leis an gcoir, nó fianaise maidir leis an gcoir lena bhfuil an duine cúisithe
  • Nithe a cheapann sé/sí a bheith bainteach leis an gcoir, nó fianaise maidir le aon choir eile nó
  • Nithe go bhféadfadh duine a úsáid le é/í féin nó duine eile a ghortú nó le damáiste a dhéanamh do mhaoin nó le héalú

Módh oibre tar éis na gabhála

Nuair atá duine cúisithe agus forláireamh tugtha, ní mór an duine

  • A scaoileadh amach ar bhannaí faoi chúram an té atá i gceannas an stáisiúin (bannaí ar a dtugtar bannaí stáisiúin nó
  • A thabhairt ó stáisiún na nGardaí chuig an gCúirt Dúiche chomh luath agus is féidir. Más tar éis 5i.n. a dhéantar duine a ghabháil is féidir an duine a thabhairt ós comhair na Cúirte Dúiche chomh luath agus is féidir roimh an meán lae an lá dár gcionn. Is féidir leis an mBreitheamh sa Chúirt Dúiche an duine a shaorú ar bhannaí nó a choinneáil siar faoi athchúirt.

Ní féidir tú a choinneáil i stáisiún Garda ach amháin i gcúinsí áirithe ar feadh tréimhse ama sula dtugtar chun cúirte tú. Faoin Acht um Cheartas Coiriúil 1984, is féidir tú a choinneáil i stáisiún Garda ar feadh chomh fada le 12 uair. Caithfidh an cion a bhfuiltear in amhras fút ina leith a bheith mar cheann a d’fhéadfaí pionós na príosúnachta a ghearradh air ar feadh 5 bliana ar a laghad. Ritheann an tréimhse 12 uair ón tráth a ghabhtar tú, ach féadann tú aontú ar thréimhse scíthe idir 12 meánoíche agus 8 r.n., agus ní áireofar leis an 12 uair í seo.

Má ghabhtar tú, ní chaitheann tú aon ní a rá de ghnáth. Má ghabhtar tú faoin Acht um Cheartas Coiriúil 1984, ámh, ní mór duit d'ainm agus seoladh a insint do na Gardaí. Níl aon chumhacht ghinearálta ag na Gardaí le méarloirg a ghabháil ná le tástálacha fóiréinseacha a dhéanamh. Féadann siad na nithe sin a dhéanamh má thoilíonn tú, nó má bhíonn cumhacht faoi leith acu de réir dlíthe ar leith, mar shampla, de réir an Achta um Chiontaí in aghaidh an Stáit nó an tAcht um an Dlí Coiriúil de 1976. Faoi réir Alt 30 den Acht um Chiontaí in aghaidh an Stáit; féadtar tú a choinneáil ar feadh chomh fada le 48 uair sula dtugtar os comhair na Cúirte tú.

Más amhlaidh tú a bheith faoi choinneáil, ní mór tú a chur ar an eolas faoi do cheart chun dul i gcomhairle le dlíodóir. Féach ar ár ndoiciméad maidir le cóireáil i gcoimeád.

Díolúine ó ghabháil

  • Ní féidir ambasadóirí agus a gcoimhdeacht agus oifigigh taidhleoireachta eile a dhéanann ionadaíocht ar son rialtas eachtranach a ghabháil nuair atá cónaí sa tír seo orthu.
  • Ní féidir baill de Thithe an Oireachtais a ghabháil ar a mbealach chuig, ó agus taobh istigh de cheachtar den dá Theach Oireachtais, ach amháin sa chás go bhfuil tréas, feileonacht nó briseadh síochána i gceist.
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 7 Lúnasa 2015