Tá leathanach baile an tsuímh roinnte ina chatagóirí faisnéise. Tá roinnt fochatagóirí ag gach catagóir agus beidh cuid acu á dtaispeáint ar an leathanach baile. Má chliceálann tú orthu seo, beidh tú in ann féachaint ar liosta doiciméad taobh istigh den fhochatagóir sin.
Tá gach catagóir eagraithe ansin ina fochatagóirí agus ina ndoiciméid. Léiríonn liostaí na gcatagóirí na fochatagóirí go léir, chomh maith le cibé doiciméid atá taobh istigh den chatagóir sin.
Léirítear doiciméid áirithe le híocón speisialta, mar atá:
Tá rannán ginearálta ag gach leathanach a thugann an fhaisnéis duit a fhreagróidh bunús na gceisteanna.
Beidh ábhar ábhartha eile ar chuid de na doiciméid, amhail staidéir cháis, seicliostaí agus leathanaigh oibre, a dtiocfadh leo a bheith úsáideach duit.
Seo roinnt roghanna eile a bhaineann le leathanaigh eolais:
Is féidir leat úsáid a bhaint as na rudaí seo a leanas le faisnéis a shórtáil chomh maith:
Má úsáideann tú an uirlis teanga, is féidir leat an teanga réamhshocraithe a mhalartú don suíomh nó féachaint ar ábhar i dteanga eile. Tá gach ábhar ar fáil i mBéarla agus tá an chuid is mó den ábhar ar fáil i nGaeilge, agus bíonn roinnt doiciméad an-tábhachtach ar fáil i bhFraincis, i Rómáinis agus i bPolannais. Taispeántar an uirlis seo ar gach leathanach, agus tabharfaidh sí liosta duit de na teangacha a bhfuil an fhaisnéis ar fáil iontu.
Má úsáideann tú léitheoir RSS, is féidir leat liostáil le fothaí RSS áit ar bith a bhfeiceann tú an t-íocón RSS.
Is féidir leat an barra cuardaigh a úsáid le cuardach a dhéanamh cibé áit a bhfuil tú ar an suíomh.
Tugann aimsigh seoladh sonraí teagmhála do níos mó ná 8,000 solathróir seirbhíse agus gníomhaireachtaí ar fud na tíre.
Cuireann naisc rannán na nuachta béim ar cheisteanna reatha, athruithe ar an suíomh, imeachtaí agus rudaí eile a bhaineann le hábhar.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.