Daingneacht tionachta do thionóntaí príobháideacha

Réamhrá

Nuair a fhaigheann tú do theach ar cíos ó thiarna talún príobháideach nó ó chomhlacht ceadaithe tithíochta, bíonn comhaontú nó conradh agat leis an duine nó an comhlacht sin, ar a dtugtar comhaontú tionóntachta – d’fhéadfadh seo a bheith i scríbhinn nó a mhalairt. Is iad na saghsanna is coitianta de thionóntacht tionóntachtaí téarma sheasta agus tionóntachtaí tréimhsiúla – déantar cur síos níos mionsonraithe ar an dá shaghas thíos.

Cad é daingneacht tionachta?

Is é daingneacht tionachta an ceart atá ag tionacht fanacht i gcóiríocht ar cíos ar feadh tréimhse shocraithe ama. Is gnách go mbíonn daingneacht tionachta i gceist go huathoibríoch nuair a bhí áit chónaithe ar cíos agat ar feadh 6 mhí agus nach bhfuair tú fógra bailí foirceanta ó do thiarna talún i rith an ama sin. Nuair a bhíonn daingneacht tionachta agat, ní féidir le do thiarna talún deireadh a chur le do thionóntacht ach ar líon teoranta cúiseanna, féach ár gcáipéis Má theastaíonn ó do thiarna talún go bhfágfaidh tú.

Bhí an ceart ag tionóntaí i dtosach fanacht i gcóiríocht ar cíos ar feadh a fhaide le 4 bliana, i ndiaidh gur fhan siad sa chóiríocht sin ar feadh tréimhse thosaigh 6 mhí. Tugadh an ceart seo isteach faoin Acht um Thionóntachtaí Cónaithe, 2004 agus baineann sé le tionóntachtaí tréimhsiúla agus tionóntachtaí téarma sheasta. Déantar tionóntacht Chuid 4 de do thionóntacht ansin agus féadfaidh tionóntacht bhreise Chuid 4 a dhéanamh di ina dhiaidh sin – déantar cur síos ar an dá cheann thíos.

Chuir an tAcht um Pleanáil agus Forbairt (Tithíocht) agus Tionóntachtaí Cónaithe, 2016 síneadh le tionóntacht Chuid 4 (daingneacht tionachta) ó 4 bliana go 6 bliana. Baineann seo le gach tionóntacht a cruthaíodh ón 24 Nollaig 2016 go dtí an 10 Meitheamh 2022.

Tá tionóntachtaí d’fhad neamhtheoranta á thabhairt isteach ag an Acht um Thionóntachtaí Cónaithe (Leasú) (Uimh. 2), 2021. Ciallaíonn seo nuair go mbíonn an ceart agat fanacht sa chóiríocht sin ar feadh tréimhse éiginnte má bhí áit chónaithe éigin ar cíos agat ar feadh 6 mhí, murach gur mian leis an tiarna talún deireadh a chur le do thionóntacht ar cheann de na cúiseanna a cheadaítear. Bainfidh tionóntachtaí d’fhad neamhtheoranta le gach tionóntacht nua a chruthófar ón 11 Meitheamh 2022. Tugtar cuntas freisin sa reachtaíocht ar bhearta aistrithe maidir le conas a dhéanfar tionóntachtaí d’fhad neamhtheoranta de thionóntachtaí reatha.

Cén tionóntachtaí a chumhdaítear sa reachtaíocht tionóntachtaí cónaithe?

Is tionóntacht é tionóntacht chónaithe phríobháideach lena gcomhaontaítear go príobháideach idir tiarna talún agus tionónta. Cumhdaíonn sé tionóntachtaí faoin Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (ÍCT), agus an Scéim Cóiríochta ar Cíos (an SCC). Má tá Forlíonadh Cíosa á fháil agat, is dócha go bhfuil cóiríocht ar cíos agat ó thiarna talún príobháideach, agus bheifeá cumhdaithe ag an reachtaíocht tionóntachtaí cónaithe dá bharr. Ó Aibreán 2016, cumhdaíonn an reachtaíocht tionóntachtaí cónaithe tionóntachtaí comhlachais tithíochta, agus cumhdaíonn sé cóiríocht a bhaineann go sonrach le mic léinn ó Iúil 2019 freisin. Bíonn roinnt difríochtaí ann, áfach, sa bhealach a chuirtear an reachtaíocht i bhfeidhm ar na tionóntachtaí seo. Mar shampla, ní bhaineann cearta Chuid 4 le tionóntaí i gcóiríocht a bhaineann go sonrach le mic léinn.

Tionóntacht téarma sheasta

Comhaontú é tionóntacht téarma sheasta a chumhdaíonn méid ar leith ama. Is gnách go leagtar síos é (ach ní dhéantar é sin i gcónaí) i gconradh scríofa, ar a dtugtar léas. Is féidir leis maireachtáil ar feadh tréimhse ar bith, ach is gnách go maireann siad idir a ghiorra le 6 mhí agus a fhaide le bliain nó níos faide. Is tábhachtach na pointí seo a leanas a thabhairt faoi deara faoi thionóntacht téarma sheasta:

•Ní féidir le do thiarna talún deireadh a chur leis an tionóntacht roimh dheireadh an téarma sheasta murach gur sháraigh tú d’oibleagáidí

•Go ginearálta, ní féidir leat deireadh a chur leis an tionóntacht roimh dheireadh an téarma, seachas sna cásanna seo a leanas:

oSháraigh an tiarna talún a oibleagáidí faoi

oTá clásal scoir á fheidhmiú agat

oTá duine éigin agat le teacht i d’ionad

oComhaontaíonn tú féin agus an tiarna talún le deireadh a chur leis

•Má dhiúltaíonn tiarna talún príobháideach toiliú a thabhairt do shannadh nó d’fholigean na tionóntachta, is féidir leat deireadh a chur leis an tionóntacht faoi Alt 186 den Acht um Thionóntachtaí Cónaithe, 2004. Ní bhaineann seo le tionóntaí comhlachtaí ceadaithe tithíochta (comhlachais tithíochta), mar gheall nach féidir leo a dtionóntacht a shannadh nó a fholigean.

•Bronntar daingneacht tionachta ort, go ginearálta, i ndiaidh 6 mhí – féach ‘Tionóntacht Chuid 4’ thíos

•Más mian leat fanacht san áit chónaithe i ndiaidh dheireadh an téarma sheasta, ní mór duit fógra míosa, ar a laghad, a thabhairt don tiarna talún sula n-éagann an téarma.

Léasanna

Luafar sa léas cé mhéid cíosa atá le híoc agat, cé chomh minic is gá duit é a íoc agus coinníollacha eile. Moltar go mór duit a chinntiú go dtuigeann tú téarmaí an léasa sula síníonn tú é. Conradh ceangailteach is ea léas idir tú féin agus an tiarna talún agus cuimsítear ann faisnéis thábhachtach ar théarmaí do thionóntachta. Ba cheart go luafar ann, go háirithe, cad a tharlóidh má sháraíonn tú féin nó do thiarna talún téarmaí an chomhaontaithe.

Níor cheart go gcuimseofaí i léas téarmaí a thagann salach ar chearta dlíthiúla tionóntaí agus tiarnaí talún, áfach. Má tharlaíonn seo, bíonn forlámhas ag do chearta dlí, mar thionónta nó mar thiarna talún ar na téarmaí sa léas. Mar shampla, ní féidir le do thiarna talún an réadmhaoin a iontráil ag aon tráth gan do chead a lorg. Is amhlaidh a bhíonn an cás fiú má luaitear i do léas go bhfuil an ceart ag do thiarna talún an réadmhaoin a iontráil ag aon tráth.

Má shíníonn tú léas in éineacht le daoine eile, bíonn gach duine díobh freagrach as an gcíos go léir. Mar sin, mura féidir le do chomhthionóntaí a sciar den chíos a íoc, d’fhéadfadh go mbeifeása faoi dhliteanas go dlíthiúil chun íoc as an tsuim iomlán. Má shíníonn tú léas leat féin thar ceann na dtionóntaí eile, bíonn tú freagrach as an gcíos go léir.

Má sháraíonn an cíos bliantúil chun cóiríocht chónaithe a fháil ar léas €30,000, tá an tionónta freagrach as dleacht stampála a íoc ar an gcíos bliantúil. Bíonn tú féin, mar thionónta, freagrach as seo a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim.

Is féidir leat níos mó a léamh faoi léasanna ar láithreán gréasáin Threshold, an carthanas náisiúnta tithíochta.

Tionóntacht thréimhsiúil

Ní shonraítear i dtionóntacht thréimhsiúil fad seasta ama. D’fhéadfadh tréimhse na tionóntachta a bheith seachtainiúil nó míosúil, ag brath ar cé chomh minic a bhíonn an cíos le híoc. Tharlódh go bhféadfadh nó nach bhféadfadh comhaontuithe tionóntachta tréimhsiúla a bheith i scríbhinn.

Féadfaidh do thiarna talún deireadh a chur leis an tionóntacht ag aon tráth le linn na chéad sé mhí gan aon chúis a thabhairt, ach i ndiaidh sé mhí, bronntar daingneacht tionachta ort, de ghnáth – féach ‘tionónachtaí Chuid 4’ thíos. Ní mór duit fógra bailí scríofa a fháil i leith foirceanta agus tá rialacha mionsonraithe ann faoin tréimhse fógra is gá a thabhairt, ag brath ar fhad na tionóntachta (bíonn roinnt eisceachtaí i gceist). Is féidir leat níos mó a léamh inár gcáipéis Má theastaíonn ó do thiarna talún go bhfágfaidh tú an teach nó an t-árasán.

Mar thionónta, féadfaidh tú deireadh a chur leis an tionóntacht thréimhsiúil ag aon tráth. Ní gá duit cúis a thabhairt. Arís eile, tá rialacha mionsonraithe ann faoi thréimhsí fógra agus cad is fógra bailí faisnéise ann – féach ‘Deireadh a chur le do thionóntacht’ thíos.

Tionóntacht Chuid 4

Go ginearálta, má bhí teach ar cíos agat le 6 mhí anuas, ar a laghad, agus murar seirbheáladh fógra bailí scríofa ort i leith foirceanta, bronntar daingneacht tionachta ort go huathoibríoch agus féadfaidh tú fanacht sa réadmhaoin ar feadh roinnt blianta.

•Má cuireadh tús le do thionóntacht an 24 Nollaig 2016 nó roimhe sin, maireann an tréimhse seo ceithre bliana

•Má cuireadh tús le do thionóntacht tar éis an 24 Nollaig 2016, maireann an tréimhse seo sé bliana

Ansin leanann daingneacht tionachta ar aghaidh i dtimthriallta 6 bliana.

Mar sin, i ndiaidh na chéad sé mhí, déantar Tionóntacht Chuid 4 de do thionóntacht – tagraíonn seo do Chuid 4 den Acht um Thionóntachtaí Cónaithe, 2004, a dhéileálann le daingneacht tionachta. Má tá tionóntacht thréimhsiúil agat, ní gá duit tionóntacht Chuid 4 a éileamh i scríbhinn, ach is gá duit í a éileamh má tá léas téarma sheasta agat – féach thíos.

Eisceachtaí i leith na rialach ginearálta

Má tá árasán á ligean ar cíos agat a bhí mar chuid de phríomhtheach an tiarna talún i dtosach, féadfaidh do thiarna talún a roghnú chun forálacha Chuid 4 maidir le daingneacht tionachta a dhiúltú. Is féidir leat níos mó a léamh inár gcáipéis ar chóiríocht a roinnt le do thiarna talún.

Ní féidir le tionóntaí in áiteanna cónaithe áirithe a ligeann comhlachais tithíochta (áiteanna cónaithe idirthréimhseacha) ar cíos tairbhe chearta Chuid 4 a bhaint.

Ní bhaineann cearta Chuid 4 le tionóntaí i gcóiríocht a dhírítear go sonrach ar mhic léinn fiú cé gur cuireadh síneadh le codanna eile den reachtaíocht tionóntachtaí cónaithe chun na tionóntachtaí seo a chumhdach in Iúil 2019.

Tionóntacht bhreise Chuid 4

I ndiaidh gur ghabh ceithre bliana de do thionóntacht thart, cuirtear deireadh le do thionóntacht Chuid 4 agus cuirtear tús le tionóntacht nua. Tá tionóntacht bhreise Chuid 4 agat anois. Bhíodh do thiarna talún in ann deireadh a chur leis an tionóntacht seo ag aon tráth sna chéad 6 mhí gan aon chúis a thabhairt. Baineadh an fhoráil seo le héifeacht ón 17 Eanáir 2017, áfach san Acht um Pleanáil agus Forbairt (Tithíocht) agus Tionóntachtaí Cónaithe, 2016.

Nuair a bhíonn tionóntacht Chuid 4 nó tionóntacht bhreise Chuid 4 faighte agat, ní féidir le do thiarna talún deireadh a chur le do thionóntacht ach faoi chúinsí áirithe. Is féidir leat níos mó a léamh inár gcáipéis Má theastaíonn ó do thiarna talún go bhfágfaidh tú an teach nó an t-árasán.

Más mian leat fágáil agus mura bhfuil comhaontú téarma sheasta agat, ní gá duit cúis a thabhairt, ach ní mór go dtugtar duit an tréimhse cheart fógra i scríbhinn – féach ‘Deireadh a chur le do thionóntacht’ thíos.

Tionóntacht bhreise Chuid 4 a chosc

Más mian le do thiarna talún stop a chur le tionóntacht bhreise Chuid 4 ó theacht isteach, is féidir leo fógra a sheirbheáil i rith thionóntacht bhunúil Chuid 4, agus rachaidh an tréimhse fógra in éag ag deireadh na tionóntachta nó ina dhiaidh sin. Ba cheart go gcuirfí cúis ar fáil i bhfógra a sheirbheáiltear ar an mbealach seo a bhí leis an bhfoirceannadh. Ní gá go mbíonn forais bhailí ag an gcúis chun deireadh a chur le tionóntacht Chuid 4.

Tionóntacht Chuid 4 a éileamh ag deireadh léas téarma sheasta

Má bhíonn conradh téarma sheasta nó léas agat agus más mian leat fanacht sa réadmhaoin faoi na cearta a bronnadh ort faoi Chuid 4, ní mór duit fógra a thabhairt do do thiarna talún go bhfuil sé ar intinn agat fanacht sa réadmhaoin. Ní mór duit seo a dhéanamh idir 3 mhí agus mí amháin sula n-éagann do thionóntacht téarma sheasta nó do chomhaontú léasa téarma sheasta. Is féidir leat úsáid a bhaint as an litir shamplach fógra seo chun fanacht sa réadmhaoin faoi Chuid 4.

Mura dtugann tú fógra do do thiarna talún, ní féidir cumhdach a dhiúltú duit faoi Chuid 4, ach b’fhéidir go mbeidh ort an tiarna talún a chúiteamh as aon chaillteanas airgeadais a thabhaíonn sé/sí mar gheall nár thug tú fógra dó/di go bhfuil sé ar intinn agat fanacht sa tionóntacht.

Deireadh a chur le do thionóntacht

Tugtar cuntas sa mhéid a leanas ar na ceanglais is gá do thionónta, ar mian leis/léi deireadh a chur le tionóntacht, a chomhlíonadh. (Faoi mar a luaitear thuas, ní mór do thiarnaí talún rialacha éagsúla a chomhlíonadh más mian leo deireadh a chur le tionóntacht.) Cuireann an BTC eolas ar fáil freisin ar a láithreán gréasáin faoi conas is féidir le tionónta deireadh a chur le tionóntacht.

Formáid an fhógra foirceanta

Mar thionónta, féadfaidh tú deireadh a chur le do thionóntacht (cibé acu más tionóntacht téarma sheasta nó thréimhsiúil í) gan cúis a thabhairt, ach ní mór duit fógra bailí foirceanta a thabhairt do do thiarna talún. D’fhonn go mbeidh an fógra bailí:

•Caithfidh sé a bheith i scríbhinn

•Caithfidh sé a bheith sínithe agat

•Sonraigh an dáta a mbeidh sé á sheirbheáil agat ar an tiarna talún

•Sonraigh dáta foirceanta na tionóntachta (tugtar 24 uair an chloig iomlána duit ón dáta seo chun an tseilbh a dhíchur)

•Caithfidh sé a lua gur féidir aon saincheist maidir le bailíocht an fhógra a chur faoi bhráid an BTC laistigh de 28 lá tar éis an fógra a fháil

Is féidir leat úsáid a bhaint as fógra samplach foirceanta Threshold.

Tréimhsí riachtanacha fógra

Ní mór duit an tréimhse riachtanach fógra a thabhairt do do thiarna talún nuair a bhíonn deireadh á chur le tionóntacht. Féach an tábla thíos. Bíonn tréimhsí fógra éagsúla i gceist nuair a chuireann tiarna talún deireadh le tionóntacht. Chun teacht ar bhreis eolais faoi seo, féach ár gcáipéis Má theastaíonn ó do thiarna talún go bhfágfaidh tú an teach nó an t-árasán.

Fad na tionóntachta Tréimhse riachtanach fógra ag an tionónta
Níos lú ná 6 mhí 4 seachtaine (28 lá)
6 mhí nó níos faide, ach níos giorra ná 1 bhliain 5 seachtaine (35 lá)
1 bhliain nó níos faide, ach níos giorra ná 2 bhliain 6 seachtaine (42 lá)
2 bhliain nó níos faide, ach níos giorra ná 4 bliana 8 seachtaine (56 lá)
4 bliana nó níos faide, ach níos giorra ná 8 mbliana 12 sheachtain (84 lá)
8 mbliana nó níos faide 16 seachtaine (112 lá)

Tréimhsí fógra agus COVID-19

Cuirtear stop le tréimhsí fógra i rith phaindéim COVID-19 do thionóntaí i rith tréimhsí éigeandála. Cuirtear síneadh leo freisin i gcás tionóntaí atá i mbaol a dtionóntacht a chailleadh mar gheall ar COVID-19. Léigh Cóiríocht a fháil ar cíos agus COVID-19 chun teacht ar eolas breise.

Tréimhsí fógra i gcóiríocht a dhírítear ar mhic léinn

Más tionónta thú i gcóiríocht a dhírítear ar mhic léinn, ní gá duit ach fógra 28 lá a thabhairt do do thiarna talún nuair a bhíonn deireadh á chur le tionóntacht. Is féidir leat níos mó fógra a thabhairt do do thiarna más mian leat. Tugadh seo isteach faoin Acht um Thionóntachtaí Cónaithe (Uimh. 2), 2021. Tá cáipéis treorach (pdf) agus Ceisteanna Coitianta (pdf) ag an BTC faoin reachtaíocht seo.

Deireadh a chur le tionóntacht téarma sheasta

Má tá comhaontú nó léas téarma sheasta agat, bíonn tú faoi réir théarmaí an chomhaontaithe seo freisin. Ciallaíonn seo go bhféadfadh go gcaillfeá d’éarlais má fhágann tú roimh dheireadh an téarma a luaitear sa léas, fiú má thugann tú an méid ceart d’fhógra. Bíonn roinnt eisceachtaí ann, áfach, mar shampla:

•Má tá clásal scoir i do léas, féadfaidh tú é a úsáid chun deireadh a chur leis an tionóntacht

•Má chomhaontaínn tú féin agus an tiarna talún araon le deireadh a chur leis an tionóntacht níos luaithe

•Má sháraigh an tiarna talún a gcuid dualgas faoin léas, agus murar réitigh siad an sárú laistigh de thréimhse réasúnta, ní gá duit ach fógra 28 lá a thabhairt ansin

•Má bhíonn garbhaol ann i leith báis nó gortú trom ag bagairt, nó más baol do chreatlach na háite cónaithe mar thoradh ar iompar an tiarna talún, ní gá duit ach fógra 7 lá a thabhairt ansin

•Má dhiúltaigh an tiarna talún príobháideach cead a thabhairt chun an réadmhaoin a shannadh nó a fholigean

Eolas breise

Cuireann an BTC eolas ar fáil ar a láithreán gréasáin faoi conas is féidir le tionónta deireadh a chur le tionóntacht. Tá acmhainní áisiúla agus saoráid chomhrá gréasáin ina Ionad Ilfhreastail.

Cuireann Threshold eolas ginearálta ar fáil ar dheireadh a chur le tionóntacht, a dhéanann nasc le roinnt acmhainní áisiúla, ina bhileog Deireadh a chur le tionóntacht (pdf) san áireamh.

Teagmhálaithe áisiúla

None

21 Bóthar na gCloch
Baile Átha Cliath 7
Éire

Uaireanta Oscailte: Luan-Aoine 9.30 rn - 5 in
Teil: 1800 454 454
Láithreán Gréasáin: http://www.threshold.ie

Threshold

22 Meall Theas
Corcaigh
Éire

Uaireanta Oscailte: Luan go hAoine: 9 rn go 1 in agus 2 in go 5 in
Teil: (021) 427 8848
Láithreán Gréasáin: http://www.threshold.ie

Threshold

5 Cnoc na Radharc
Gaillimh
Éire
H91 HC1H

Uaireanta Oscailte: Luan-Aoine 9.30 rn - 5 in
Teil: (091) 563 080
Láithreán Gréasáin: http://www.threshold.ie

An Bord um Thionóntachtaí Cónaithe

Bosca PO 47
Cloich na Coillte,
Contae Chorcaí
Éire

Uaireanta Oscailte: 9rn go 5in
Teil: 0818 303 037 or 01 702 8100
Facs: 0818 303 039
Láithreán Gréasáin: http://www.rtb.ie/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 5 Deireadh Fómhair 2021