Anseo atá tú: Baile > Tithíocht > Teach a fháil ar chíos > Faoiseamh Cánach do Thionóntaí

Print Page Send to a Friend

Faoiseamh Cánach do Thionóntaí

Eolas

Má tá cónaí ort i lóistín atá agat ar chíos go príobháideach agus má íocann tú cáin ioncaim, d'fhéadfadh sé go mbeadh tú in ann faoiseamh cánach a fháil ar chuid den chíos sin.

Buiséad 2011

D'aistrigh Buiséad 2011 na rialacha i leith tionóntaí i lóistín príobháideach ar cíos:

  • Céimneofear an faoiseamh cánach amach ar feadh 8 mbliana
  • Ní bheidh tú i dteideal faoiseamh cánach a éileamh muna raibh lóistín ar cíos agat ar 7 December 2010 fiú má thosaigh tú ag íoc cíosa ina dhiaidh sin

Tá mionsonraí foilsithe ag na Coimisinéirí Ioncaim.

Rialacha

Le faoiseamh ó cháin a fháil, caithfidh tú a bheith ag íoc cíosa as ionad cóiríochta príobháideach, arb é d'aon áit chónaithe é nó do phríomháit chónaithe. Áiríonn sé seo cóiríocht ar nós mionárasáin, árasáin, nó tí.

Níl aon teideal ar fhaoiseamh cánach agat maidir le cíos a íocadh mar a leanas:

  • Le húdarás áitiúil nó le Gníomhaireacht Stáit
  • Cíos a íocadh de bhun léasa 50 bliain nó níos faide.

Tiarnaí talún nó gníomhairí atá ina gcónaí in Éirinn

Má tá do thiarna talún nó a ghníomhaire ina chónaí in Éirinn, caithfear admháil ar an gcíos a d'íoc tú a chur ar fáil má iarrann na Coimisinéirí Ioncaim í agus nuair a iarrann siad í. Tá feidhm ag an riail seo cuma an n-íocann tú do chíos díreach leis an tiarna talún nó le gníomhaire thar ceann an tiarna talún. Caithfidh gach admháil an méid seo a leanas a thabhairt le fios:

  • Ainm, Uimhir PSP agus seoladh an tiarna talún
  • Méid an chíosa a d'íoc tú
  • Achar ama lena mbaineann an admháil

Coimeád gach admháil ar feadh 6 bliana ar a laghad mar d'fhéadfadh na Coimisinéirí Ioncaim iad a iarraidh ort.

Tiarnaí talún nó gníomhairí atá ina gcónaí thar lear

Mura bhfuil do thiarna talún nó a ghníomhaire ina chónaí in Éirinn agus má íocann tú cíos leis go díreach nó lena chuntas bainc, cuma in Éirinn nó thar lear, caithfidh tú cáin ar an ráta caighdeánach (20% i 2011) a bhaint as an ollmhéid a íocann tú. Ní hionann an asbhaint seo agus d'fhaoiseamh cánach, is cáin í ar ioncam do thiarna talún a chaithfear a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim.

Mar shampla, má tá do thiarna talún ina chónaí sa Ghearmáin agus má íocann tú ollchíos míosúil €1,000 leis. Ar dtús, áirigh an méid cánach nach mór a asbhaint (€1,000 x 20% = €200). Ansin bain an cháin atá dlite as an ollchíos a íocann tú (€1,000 - €200 = €800 ). Is ionann agus €800 an cíos a íocann tú le do thiarna talún in aghaidh na míosa. Iocann tú €200 leis na Coimisinéirí Ioncaim in aghaidh na míosa.

Cuntas a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim

Caithfidh tú cuntas a thabhairt ar an méid chánach a asbhaineann tú.Mura mbaineann tú an cháin as an gcíos a íocann tú le tiarna talún atá in chónaí thar lear is tusa (agus ní hé an tiarna talún) a bheidh freagrach as an gcáin nár asbhaineadh.

Má íocann tú cáin faoin gcóras ÍMAT, is féidir leat cuntas a thabhairt tri do chreidmheasanna cánach agus pointe scoite an ráta chaighdeánaigh a laghdú. Iarr ar d'oifig cánach é seo a dhéanamh, nó déan tuairisceán cánach ar Fhoirm Thuairisceáin Chánach 12 (pdf) agus íoc an méid asbhainte leis na Coimisinéirí Ioncaim.

Más ar bhonn féinmheasúnaithe a íocann tú cáin, féadfaidh tú cuntas a thabhairt sa cháin a asbhaineann tú san Fhoirm Thuairisceáin Chánach Féinmheasúnaithe 11 agat a chuireann tú chun na gCoimisinéirí Ioncaim. Eiseoidh siad fógra measúnaithe a léireoidh an laghdú ar do chreidmheasanna cánach.

Ag deireadh na bliana caithfidh tú teastas cánach a bhaint as – Foirm R185 (pdf) a chomhlánú agus é a thabhairt do do thiarna talún.

Rataí

Tá faoiseamh cánach le fáil ag an ráta caighdeánach de 20%, is cuma cá bhfuil cónaí ar do thiarna talún. Siad uasmhéideanna an fhaoisimh ná:

Cúinsí pearsanta Bliain cánach 2010 Bliain cánach 2011
Singil agus faoi 55 bliain €2,000 €1,600
Singil agus os cionn 55 bliain €4,000 €3,200
Pósta agus faoi 55 bliain €4,000 €3,200
Pósta agus os cionn 55 bliain €8,000 €6,400

Iolraíonn tú na liúntais saor ó cháin thuas faoi 20% chun a luach duit gach bliain tar éis cánach a ríomh. Is ionann é seo do dhaoine:

  • Faoi 55: féadfaidh tú creidmheas cánach a fháil i leith na bliana cánach 2011, ar fiú €320 in aghaidh na bliana é do dhaoine gan phósadh agus €640 in aghaidh na bliana do bhaintreacha agus do lánúnacha pósta.
  • Os cionn 55: féadfaidh tú creidmheas cánach a fháil i leith na bliana cánach 2011, ar fiú €640 in aghaidh na bliana é do dhaoine gan phósadh agus €1,280 in aghaidh na bliana do bhaintreacha agus do dhaoine pósta.

Conas iarratas a dhéanamh

Is cuma cá bhfuil cónaí ar do thiarna talún. Le faoiseamh cánach ar chíos a éileamh líon isteach Foirm Chíosa 1 (pdf) agus seol chuig an oifig chánach í. Is féidir an fhoirm seo a fháil freisin ón oifig chánach áitiúil. Má tá aon deacrachtaí agat leis an bhfoirm a líonadh nó aon eolas a theastaíonn a chur ar fáil, déan teagmháil leis an oifig chánach.

Is féidir leat an tseirbhís ÍMAT aon tráth aon lá a úsáid freisin.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Tá sonraí teagmhála d'oifigí cánacha ar fáil anseo agus i ngach eolaí teileafóin poiblí.
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 25 May 2011

Teanga

English | Polsku | Română

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.