Má tá tú i do chónaí i gcóiríocht ar cíos in Éirinn ní foláir duit úinéir na maoine a íoc as úsáid an áitribh. Cuirtear cíos ar an airgead a íocann tú le tiarna talún as úsáid na maoine. Íocann gach uile dhuine a chónaíonn i gcóiríocht ar cíos (lena n-áirítear tionóntaí príobháideacha agus údaráis áitiúil) an cíos seo. De ghnáth déanann an tionónta agus an tiarna talún idirbheartaíocht ar chíos na maoine ag tús na tionóntachta féin. San am a caitheadh, ní bhíodh aon chosaint ag tionóntaí gan léas i gcoinne arduithe cíosa. Chiallaigh an méid sin gurbh fhéidir le tiarnaí talún an cíos a ardú a mhéad agus chomh minic agus ba mhaith leo. Tá níos mó slándála ag tionóntaí an lá inniu ann mar thoradh ar athruithe sa dlí agus ní foláir do thiarnaí talún nósanna imeachta áirithe a leanúint má theastaíonn uathu an cíos a ardú.
Faoi Alt 19 den Acht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004 (pdf) ní féidir le tiarnaí talún níos mó ná ráta an mhargaidh oscailte a ghearradh ar árasán nó ar theach. Féach Rátaí le haghaidh tuilleadh eolais faoi ráta an mhargaidh oscailte. Ba cheart duit a thabhairt faoi deara nach bhfeidhmíonn forálacha an Acht um Thionóntachtaí Cónaithe ach do thithíocht phríomhshrutha á ligean ar cíos agus go gcumhdaíonn dlíthe eile nach é tionóntaí na n-údarás áitiúil. Is féidir leat tuilleadh a fhoghlaim faoi tionóntachtaí na n-údarás áitiúil anseoagus faoi chearta agus oibleagáidí do thiarna talún anseo.
Ní féidir le do thiarna talún an cíos a athbhreithniú níos mó ná uair amháin in aghaidh na bliana mura ndearnadh athruithe suntasacha don mhaoin. D’áireofaí leo seo athchóiriú iomlán nó athrú mór éigin eile.
Féadann tú a iarraidh ar do thiarna talún an cíos a athbhreithniú más rud é
Tá an ceart ag do thiarna talún an cíos a athbhreithniú ar bhonn bliantúil. Ní foláir do do thiarna talún fógra de 28 lá ar a laghad (i scríbhinn) a thabhairt duit sula n-ardaítear an cíos, ámh. Má bhíonn aon díospóid ann faoi mhéid do chíosa nó faoi riaráistí cíosa, is féidir le ceachtar taobh an díospóid a tharchur chuig an Bord umThionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha (BTCP). Caitheann tusa dul i dteagmháil leis an BTCP roimh an dáta ar a dtagann an cíos úr i bhfeidhm nó laistigh de 28 lá ó fháil an fhógra, pé ceann is déanaí. Léigh tuilleadh faoin réiteach díospóide anseo.
Tugann an dlí sainmhíniú ar ráta an mhargaidh oscailte mar “an cíos a thabharfadh tionónta toilteanach nach mbeadh ina chónaí san áras cheana féin agus lena nglacfadh tiarna talún toilteanach don chóiríocht".
Is é ceann d’fheidhmeanna an BTCP é treochtaí a fhaire agus a thaighde leis an ráta margaidh den cásanna an BTCP tugtha a fhaíl.
21 Bóthar na gCloch
Baile Átha Cliath 7
Éire
Teil:(01) 678 6096
Facs:(01) 677 2407
Láithreán Gréasáin: http://www.threshold.ie
R-phost: advice@threshold.ie
Bosca P.O. 11884
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:+353 (0)1 635 0600
Facs:+353 (0)1 635 0601
Láithreán Gréasáin: http://public.prtb.ie/
R-phost: information@prtb.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.