Anseo atá tú: Baile > Tithíocht > Teach a fháil ar chíos > Leabhair Chíosa

Print Page Send to a Friend

Leabhair Chíosa

Eolas

Má tá tú i do chónaí i gcóiríocht ar cíos in Éirinn (airítear léi seo tithe cónaithe a ligtear ar cíos ag tiarnaí talún príobháideacha, comhlachtaí deonacha, údaráis áitiúla agus fostóirí), tá cearta áirithe agat a leagtar síos sa dlí. Is ceann de na cearta seo í do theidlíocht do 'leabhar cíosa'. Is cáipéis í an leabhar cíosa a thaifeadann mionsonraí faoin tionóntacht agus a thugann faoi deara gach íocaíocht cíosa a thug tú don tiarna talún. Is gnách gurb i bhfoirm leabhráin a bhíonn an taifead, ach féadann sé a bheith i bhfoirm eile ar an gcuntar go mbíonn gach sonra riachtanach ann. Leagtar síos do cheart do leabhar cíosa faoi Alt 25 de Acht na dTithe (Teaghaisí Príobháideacha ar Cíos) 1982 agus i IR 128/1993 Rialúcháin Tithíochta (Leabhair Chíosa) 1993

Rialacha

Ba cheart go ndéanfadh do thiarna talún gach íocaíocht cíosa a thaifeadadh sa leabhar cíosa. Má dhéantar na híocaíochtaí go pearsanta, ba chóir dise nó dósan an leabhar a shíniú nó admháil shínithe le sonraí na híocaíochta inti a thabhairt duit. Má dhéantar na híocaíochtaí ar bhealach éigin eile (m.sh. trí bhuanordú nó trí sheic), ba chóir don tiarna talún an leabhar cíosa a shíniú nó admháil scríofa a thabhairt duit laistigh de thrí mhí ón íocaíocht.

Ba cheart go mbeadh an t-eolas seo a leanas istigh i do leabhar cíosa:

  • Seoladh an árasáin nó an tí
  • Ainm agus seoladh do thiarna talún agus ghníomhaire an tiarna talún (más ann dó)
  • D’ainmse
  • An dáta ar ar thosaigh an tionóntacht
  • Fad na tionóntachta
  • Suim na héarlaise a íocadh
  • Suim an chíosa agus conas mar a íocfar é
  • Mionsonraí d’aon íocaíocht eile as seirbhísí, m.sh., as téamh nó as teilifís chábla
  • Ráiteas um bhunchearta agus bundualgais na dtiarnaí talún agus na dtionóntaí
  • Liosta de throscán agus fearais a sholáthraíonn an tiarna talún.

Is í freagracht do thiarna talún í leabhar cíosa a thabhairt duitse. Bíonn leabhair chíosa ar fáil go saor ó gach siopa maith stáiseanóireachta. Más tusa an tionónta, ba cheart duit an leabhar cíosa a choinneáil i do sheilbhse ach é a thabhairt don tiarna talún nuair a iarrtar ort ionas gur féidir leis/léi athruithe a dhéanamh agus an cíos agus íocaíochtaí eile a thaifeadadh.

Má dhiúltaíonn do thiarna talún leabhar cíosa a thabhairt duit nó admhálacha nó ráitis den chíos a íocadh a sholáthar duit, bíonn an méid sin i gcoinne an dlí agus d’fhéadfaidís a bheith ciontach i gcion. Más mian leat gearán a dhéanamh, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le Rannóg Tithíochta do údarás áitiúil.

Ní foláir do do thiarna talún fógra cuí a thabhairt duit faoi chríochnú tionóntachta. Má bhíonn díospóid agat leis an tiarna talún le fógra, is féidir leat dul i dteagmháil leis An Bord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha (BTCP). Is eagras é an BTCP a chláraíonn tionóntachtaí agus a fheidhmíonn go headránach i ndíospóidí idir tiarnaí talún agus tionóntaí.

Where To Apply

Threshold

21 Bóthar na gCloch
Baile Átha Cliath 7
Éire

Teil:(01) 678 6096
Facs:(01) 677 2407
Láithreán Gréasáin: http://www.threshold.ie
R-phost: advice@threshold.ie

An Bord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha

Bosca P.O. 11884
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil:+353 (0)1 635 0600
Facs:+353 (0)1 635 0601
Láithreán Gréasáin: http://www.prtb.ie/
R-phost: information@prtb.ie


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 20 July 2010

Teanga

English | Polsku | Română

Ábhar Gaolmhar

  • Tionóntacht a chlárú
    Faoi Acht na dTionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha 2004, caithfidh gach tionóntacht a chlárú leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha. Tuairisc ar a ról sa phróiseas clárúcháin.
  • Cearta agus oibleagáidí na dtionóntaí
    Bíonn cearta agus oibleagáidí ag tionóntaí i gcóiríocht phríobháideach ar cíos. Eascraíonn na cearta agus hoibleagáidí seo ó dhlí na dtiarnaí talún/na dtionóntaí agus ó aon chomhaontú tionóntachta scríofa nó beil idir tiarna talún agus tionónta.
  • Cearta agus oibleagáidí na dtiarnaí talún
    Tá cearta agus oibleagáidí áirithe ag tiarnaí talún in Éirinn. Eascraíonn na cearta agus oibleagáidí sin ó dhlí na dtiarnaí talún/dtionóntaí agus ó aon chomhaontú tionóntachta scríofa nó béil idir tiarna talún agus tionónta.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.