Anseo atá tú: Baile > Tithíocht > Teach a fháil ar chíos > Tionóntacht a chlárú

Print Page Send to a Friend

Tionóntacht a chlárú

Eolas

Faoin Acht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004, caitheann tiarnaí talún gach tionóntacht a chlárú leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha (BTCP). Ní foláir do thiarnaí talún a bheith cláraithe le húsáid a bhaint as seirbhís réitigh díospóide an BTCP (cé nach gcaitheann tionóntaí a bheith cláraithe leis an tseirbhís a fháil). Is féidir leat tuilleadh a fhoghlaim faoi seirbhís réitigh díospóide an BTCP anseo.

Bainfidh an BTCP leas as an bhfaisnéis seo le clárleabhar a chothabháil a bheidh ar fáil go poiblí. Ní thaispeánfaidh sé seo aitheantas an tiarna talúin nó na dtionóntaí, nó méid an chíosa. Malartóidh an BTCP faisnéis leis na húdaráis áitiúla ionas gur féidir leo na rialúcháin a bhaineann le caighdeáin agus le leabhair chíosa a fhorfheidhmiú. Féadann an BTCP faisnéis a mhalartú leis an Roinn Coimirce Sóisialaí. Féadann siad mionsonraí clárúcháin a sholáthar freisin chuig na Coimisinéirí Ioncaim ach iarratas a fháil.

Rialacha

Ní mór tionóntachtaí nua a chlárú laistigh de mhí ó thús na tionóntachta. Tá tiarnaí talún freagrach as clárú agus caitheann tionóntaí a mionsonraí a thabhairt chuig na tiarnaí talún (lena n-áirítear a n-uimhir SPP) agus an fhoirm a shíniú nuair a iarrtar í.

Ní foláir do thiarnaí talún an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar agus iad ag clárú:

  • Seoladh na háite cónaithe.
  • Ainm, seoladh agus Uimhir Sheirbhís Phearsanta Phoiblí (Uimh. SPP) an tiarna talún.
  • Ainmneacha agus uimhreacha SPP an tionónta nó na dtionóntaí.
  • Líon na ndaoine san áit chónaithe.
  • Tuairisc ar an áit chónaithe lena n-áirítear líon an spásanna leapa (mar shampla, teach leathscoite le dhá sheomra fáilte, trí sheomra leapa aige agus cúig spás leapa ann).
  • An dáta ar ar thosaigh an tionóntacht.
  • An cíos agus cé chomh minic agus atá sé iníoctha.
  • An ceantar údaráis áitiúil mar a bhfuil an áit chónaithe.
  • Téarma an léasa más léas ar théarma seasta é.
  • Más fo-ligean é.

I ndiaidh an chlárúcháin, tugtar uimhir chláraithe don tiarna talún agus don tionónta araon, nach mór a úsáid in aon phlé leis an mBord.

Athruithe cíosa

Má athraítear leibhéal an chíosa, ní foláir don tiarna talún an t-athrú a chur in iúl don BTCP lastigh de mhí amháin. Ag an am céanna, is féidir leis an tiarna talún aon chuid dá sonraí clárúcháin eile a nuashonrú.

Rataí

Tá costas €90 ar gach clárúchán. Má tá tú ag clárú roinnt tionóntachtaí san fhoirgneamh céanna ag an aon am amháin, is féidir leat táille ilchodach €375 a íoc. Má tá clárúchán aonar mall, dúblaítear an táille go €180. Má tá clárúchán iolrach mall, gearrtar táille €180 ar chlárúchán gach tionóntachta.

Tá sé mídhleathach a iarraidh ar thionónta an táille seo a íoc.

Tabharfaidh an BTCP roinnt den táille chlárúcháin seo chuig na húdaráis áitiúla le cur i bhfeidhm na rialúchán a bhaineann le leabhair chíosa agus caighdeáin chóíríochta a mhaoiniú.

Má fhanann na tionóntaí tar éis don tionóntacht cheithre bliana a bheith istigh, ní mór duit tionóntacht nua a chlárú. Féadtar fíneáil €3,000 a ghearradh ar thiarnaí talún a mhainníonn i gclárú agus d’fhéadfadh príosúnacht suas go sé mhí ar a gciontú a bheith rompu. Féadtar pionós breise €250 a thoibhiú ar gach lá neamhchlárúchái.

Conas iarratas a dhéanamh

Baineann tú úsáid as an bhfoirm PRTB1 le tionóntachtaí a chlárú leis an BTCP. Tá an fhoirm ar fáil ar líne anseo nó go díreach ón BTCP.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

An Bord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha

Bosca P.O. 11884
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil:+353 (0)1 635 0600
Facs:+353 (0)1 635 0601
Láithreán Gréasáin: http://public.prtb.ie/
R-phost: information@prtb.ie


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 15 February 2011

Teanga

English | Polsku | Română

Ábhar Gaolmhar

  • An Bord um Thionóntachtaí Príobháideacha Cónaithe
    Is eagras arna bhunú ag an Rialtas é an Bord um Thionónotachtaí Cónaithe Príobháideacha chun seirbhís réitigh díospóide a sholáthar do thiarnaí talún agus tionóntaí agus chun tionóntachtaí a chlárú in earnála an chíosa phríobháidigh.
  • Cearta agus oibleagáidí na dtionóntaí
    Bíonn cearta agus oibleagáidí ag tionóntaí i gcóiríocht phríobháideach ar cíos. Eascraíonn na cearta agus hoibleagáidí seo ó dhlí na dtiarnaí talún/na dtionóntaí agus ó aon chomhaontú tionóntachta scríofa nó beil idir tiarna talún agus tionónta.
  • Arduithe cíosa in Éirinn
    Is iad forálacha Acht na dTionóntachtaí Príobháideacha Cónaitheacha 2004 a rialaíonn. Faisnéis faoi cathain ar féidir le tiarna talún cíos a ardú agus cathain ar féidir le tionóntaí athbhreithniú a iarraidh ar an gcíos.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.