Anseo atá tú: Baile > Tithíocht > Teach a fháil ar chíos > An Bord um Thionóntachtaí Príobháideacha Cónaithe

Print Page Send to a Friend

An Bord um Thionóntachtaí Príobháideacha Cónaithe

Eolas

Is eagras arna bhunú ag Rialtas na hÉireann é an Bord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha (BTCP). Is é an príomh-ról atá aige seirbhís réitigh díospóide a sholáthar do thiarnaí talún agus tionóntaí. Bíonn an BTCP freagrach freisin as clárú na dtionóntachtaí agus ní foláir do gach tiarna talún tionóntachtaí nua a chlárú leis an mbord ó Mheán Fómhair 2004 i leith. Ina theannta sin is ea a rachaidh an BTCP i mbun taighde chun comhairle beartais, treoirlínte agus eolas a sholáthar maidir le hearnáil an chíosa phríobháidigh in Éirinn.

Tá an Bord ag obair anois ar bhonn reachtúil, ó thabhairt isteach an tAcht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004 (pdf) in Iúil na bliana 2004. Tabhair cuairt ar An Roinn Comhshaoil, Pobal agus Rialtais Áitiúil.

Rialacha

Scóip

Pléann an tAcht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004 le rialáil earnáil phríomhshrutha na tithíochta príobháidí ar cíos. Ní fheidhmíonn sé do chineálacha áirithe maoine ar cíos:

  • Ligean gnó
  • Ligean saoire
  • Ionaid chónaithe a bhíodh faoi rialú cíosa nó tionóntachtaí ar léas fad-sealbhaithe – feidhmíonn reachtaíocht ar leithligh dóibhsean. (Léigh tuilleadh faoi léasacha fada anseo).
  • Cóiríocht i seilbh an úinéara (m.sh. má chónaíonn tú i dteach le do thiarna talún nó má thógann tú árasán ar cíos i dteach do thiarna talún)
  • Ionaid chónaithe ina gcónaíonn céile, tuismitheoir nó leanbh leis an tiarna talún. Feidhmíonn seo do shocrúcháin theaghlaigh neamhfhoirmiúla nach mbíonn aon chomhaontú tionóntachta ann i scríbhinn. Cumhdaíonn an tAcht comhaontuithe foirmiúla idir baill teaghlaigh m.sh. mar ar síníodh léas.
  • Tithíocht shóisialta (m.sh. tionóntaí údaráis áitiúil agus cumainn tithíochta)

Ní fheidhmíonn Cuid 4 den Acht do:

  • Ligean a bhaineann le fostaíocht – tugtar tithe "ceangailte” orthu seo ar uairibh, sa mhéid is go mbíonn siad ceangailte leis an bpost agus nach mór duit an teach cónaithe a fhágáil ar chríochnú an phoist féin
  • Cóiríocht do mhic léinn faoi Alt 50

Clárú

Is é an Bord a bhíonn freagrach as clárú tionóntachtaí. Léigh tuilleadh faoi thionóntacht a chlárú anseo. Tá bileog i leith clárú tionóntachtaí agus foirm chlárú tionóntachta PRTB1 ar fáil ón Roinn Comhshaoil, Pobal agus Rialtais Áitiúil.

Seirbhís réitigh díospóide

Tá an próiseas réitigh díospóide a úsáideann an BTCP rúnda, tacúil agus neamhchoimlinteach. Is féidir le tiarnaí talún, tionóntaí agus páirtithe eile ar a dtéann an díospóid i bhfeidhm (m.sh. comharsana) réiteach na díospóide a thionscnamh. Ní foláir go mbeadh na tiarnaí talún cláraithe leis an BTCP chun leas a bhaint as an tseirbhís seo. Clúdaíonn an tseirbhís díospóidí faoi éarlaisí, téarmaí léis, foirceannadh tionóntachtaí, riaráistí cíosa, cíosanna margaidh, gearáin ag comharsana, briseadh d’oibleagáidí reachtúla ag an tiarna talún nó ag an tionónta agus aon ábhar eile a bhaineann leis an tionóntacht. Is féidir leis an mBord plé le díospóidí freisin faoi théarmaí léis nó comhaontú tionóntachta eile nach sonraítear san Acht iad. Níor cheart go mbeadh sé riachtanach ionadaíocht dhlíthiúil a bheith ag duine nuair a thógtar cás chuig an BTCP. Is é 25 euro an táille reatha don tseirbhís, cé go bhféadfaí ní ba mhó a chur leis sin má théann na páirtithe ar aghaidh chuig éisteacht os comhair bhinse tionóntachta.

Tá dhá chéim sa phróiseas, mar atá:

  • Is eadráin* nó breithniú** rúnda í Céim 1 (féadann na páirtithe an modh is fearr leo a chinneadh).
  • Is éisteacht phoiblí í Céim 2 os comhair Bhinse Tionóntachta le triúr air.

Mura mian leis na páirtithe glacadh le cinneadh an eadránaí nó an bhreithneora, is féidir an díospóid a achomhrac chuig an mBinse Tionóntachta laistigh de 21 lá. Tagann ordú cinnidh ón mBord mar thoradh ar chomhaontú eadránaithe nó ar chinneadh an bhreithneora nó an Bhinse. Ní féidir cinntí ón mBinse a achomhrac ach chuig an Ard-Chúirt ar phointe dlí. Is tríd an gCúirt Chuarda a chuirtear orduithe cinnidh i bhfeidhm.

*Ciallaíonn eadráin go dtugtar cúnamh do na páirtithe teacht ar chomhaontú lena chéile.

**Ciallaíonn breithniú go nglacann an breithneoir le cinneadh a fhéadann nó nach bhféadann freagairt d’aon chomhaontú ar ar thángthas idir na páirtithe. Is iad na páirtithe a chinneann ansin an mbíonn siad toilteanach glacadh leis an gcinneadh sin.

Teorainneacha ama

Tá tréimhsí teoranta shainmhínithe ag cineálacha áirithe díospóide. Féadann an BTCP na teorainneacha sin a shíniú i gcúinsí eisceachtúla.

  • Caitheann tú díospóid ar bith faoi arduithe cíosa a tharchur chuig an BTCP sula mbíonn an t-ardú cíosa dlite le teacht i bhfeidhm nó laistigh de 28 lá tar éis fógra foirmiúil a fháil faoin gcíos nua (cibé ceann is déanaí).
  • Ní féidir leat díospóidí faoi chíos a tharchur níos mó ná 28 lá tar éis chríochnú na tionóntachta lena mbaineann.
  • Caitheann tú díospóidí faoi fhógraí críochnaithe a tharchur laistigh de 28 lá ó fháil an fhógra.

Rataí

Caitheann an té a thionscnaíonn an próiseas táille 25 euro a íoc. D’fhéadfadh táille bhreise a bheith i gceist má théann na páirtithe ar aghaidh go héisteacht os comhair bhinse tionóntachta.

Conas iarratas a dhéanamh

Má tá díospóid tionóntachta agat (atá tagtha chun cinn ón 6ú Nollaig 2004 i leith), ba chóir duit dul i dteagmháil leis an BTCP. Seolfar an fhoirm iarratais ar sheirbhísí réitithe díospóide (pdf) agus bileog eolais amach chugat. Ní mór don tiarna talún agus tionónta araon an fhoirm iarratais a chomhlíonadh. Ní mór duit an fhoirm chomhlíonta a sheoladh ar ais chuig an BTCP.

Rachaidh an Bord i dteagmháil leat agus leis an bpáirtí eile chun:

  • D'aontú le headráin a chinntiú
  • Saincheisteanna na díospóide a shoiléiriú
  • An próiseas a mhíniú
  • Doiciméadú ábhartha a lorg

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

An Bord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha

Bosca P.O. 11884
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil:+353 (0)1 635 0600
Facs:+353 (0)1 635 0601
Láithreán Gréasáin: http://www.prtb.ie/
R-phost: information@prtb.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 11 August 2009

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Díospóidí a réiteach idir tiarnaí talún agus tionóntaí
    Féadann díospóidí a bheith ann idir tiarnaí talún agus tionóntaí i dtaca le cóiríocht a ligtear ar cíos. Is mó cás inar féidir na díospóidí seo a réiteach ar bhonn neamhfhoirmeálta idir an dá pháirtí. Tuilleadh eolais.
  • Cearta agus oibleagáidí na dtionóntaí
    Bíonn cearta agus oibleagáidí ag tionóntaí i gcóiríocht phríobháideach ar cíos. Eascraíonn na cearta agus hoibleagáidí seo ó dhlí na dtiarnaí talún/na dtionóntaí agus ó aon chomhaontú tionóntachta scríofa nó beil idir tiarna talún agus tionónta.
  • Tionóntacht a chlárú
    Faoi Acht na dTionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha 2004, caithfidh gach tionóntacht a chlárú leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha. Tuairisc ar a ról sa phróiseas clárúcháin.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.