Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta

Cad é an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta?

Foirm de thacaíocht tithíochta sóisialta do dhaoine a bhfuil riachtanas fadtéarmach tithíochta acu is ea an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (an ÍCT).

Riarann na húdaráis áitiúla an scéim, a íocann tiarnaí talún go díreach.

Caithfidh an cíos a ghearrtar ar an gcóiríocht a bheith laistigh de na teorainneacha a leagtar síos don saghas teaghlaigh i limistéar an údaráis áitiúil sin – féach ‘Teorainneacha cíosa’ thíos.

Íocann tionóntaí ranníocaíocht sheachtainiúil cíosa de chuid an ÍCT leis an údarás áitiúil, bunaithe ar a n-ioncam agus a n-acmhainneacht chun íoc. Faoi scéim an ÍCT, is féidir leat glacadh le fostaíocht lánaimseartha agus do thacaíocht tithíochta a choimeád.

Tá faisnéis mhionsonraithe ar fáil faoin ÍCT ar hap.ie, leabhráin ina measc do thiarnaí talún (pdf) agus tionóntaí (pdf), anuas ar a bhileog faisnéise ginearálta (pdf).

Cé atá in ann an íocaíocht ÍCT a fháil?

Caithfidh tú bheith ar liosta tithíochta sóisialta an údaráis áitiúil – a chiallaíonn go gcáilíonn tú do thacaíocht tithíochta sóisialta. Féach ár gcáipéis ar Iarratas a dhéanamh ar thithíocht shóisialta/údaráis áitiúil chun teacht ar shonraí faoi mheasúnú i dtaobh tacaíocht tithíochta sóisialta.

Ní féidir leat aistriú ó aon fhoirm eile de thithíocht shóisialta chuig an ÍCT. D’fhéadfaí iarraidh ort, áfach, aistriú ó Fhorlíonadh Cíosa go ÍCT – féach ‘Conas iarratas a dhéanamh’ thíos.

Conas a oibríonn an scéim ÍCT

Faoin ÍCT, caithfidh tú do chóiríocht féin phríobháideach ar cíos a aimsiú - ní aimseoidh an t-údarás áitiúil é duit. Ní féidir idirdhealú a dhéanamh ort nuair a bhíonn cóiríocht ar cíos agat mar gheall go bhfuil íocaíochtaí áirithe á bhfáil agat, an ÍCT ina measc, mar sin, ní féidir le tiarnaí talún a lua nuair a fhógraíonn siad cóiríocht nach nglactar leis an ÍCT.

Íocann an t-údarás áitiúil an tiarna talún agus déanann tú ranníocaíocht cíosa sheachtainiúil leis an údarás áitiúil, féach ‘Nuair is tionónta ÍCT thú’ thíos. Ní tionónta údaráis áitiúil thú, áfach. Tá an comhaontú cíosa idir tú féin agus do thiarna talún agus tá do thionóntacht clúdaithe ag an reachtaíocht um thionóntachtaí cónaithe. Ciallaíonn sé seo go mbeidh cearta agus oibleagáidí áirithe agat, mar a bheidh ar do thiarna talún. Ní mór do thionóntacht a bheith cláraithe leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe gach bhliain.

B’fhéidir go mbeidh tú i dteideal an ÍCT a éileamh má tá cóiríocht á roinnt agat le do thiarna talún. Má tá árasán féinchuimsitheach ar cíos agat in áit chónaithe do thiarna talún, baineann an reachtaíocht um Thionóntachtaí Cónaithe le do thionóntacht agus caithfidh do thiarna talún clárú leis an BTC gach bhliain.

Má tá seomra ar cíos agat in áit chónaithe do thiarna talún, áfach, ní chumhdaíonn an reachtaíocht do thionóntacht agus níl ar do thiarna talún clárú leis an BTC.

Cad iad na teorainneacha cíosa ÍCT?

Go ginearálta, caithfidh an cíos a bheith laistigh de na teorainneacha forordaithe cíosa faoin ÍCT i dtaobh mhéid do theaghlaigh agus an ceantar ina gcónaíonn tú.

Is féidir solúbthacht a sholáthar nuair nach bhfuil tú in ann lóistín oiriúnach a fháil laistigh de na teorainneacha sin. Tá an tsolúbthacht seo ar fáil ar bhonn cás-ar-chás i gcás ina n-áirítear:

  • Téigh suas le 35% os cionn na dteorainneacha cíosa. Méadaíodh an tsolúbthacht seo ó 20% go 35% ar 11 Iúil 2022 agus baineann sé le tionóntachtaí ÍCT nua agus reatha
  • Na rátaí ÍCT do dhuine singil a mhéadú go dtí na rátaí a cheadaítear do lánúin. Tá sé seo ceadaithe ón 11 Iúil 2022 agus baineann sé le tionóntachtaí ÍCT nua

Tá solúbthacht bhreise ann freisin, ar bhonn cás ar chás, do theaghlaigh gan dídean incháilithe i réigiún Bhaile Átha Cliath, féach ÍCT do Dhaoine gan Dídean thíos.

Léirítear sa tábla seo na teorainneacha uasta míosúla cíosa atá incheadaithe i ngach limistéar údaráis do shaghsanna éagsúla teaghlaigh. Má tá 4 leanbh nó níos mó i do theaghlach, déan teagmháil le d’údarás áitiúil chun do ráta ÍCT a phlé.

 
Údarás áitiúil Duine fásta amháin i gcomhchóiríocht Lánúin i gcomhchóiríocht Duine fásta amháin Lánúin Lánúin nó duine fásta amháin le páiste amháin Lánúin nó duine fásta amháin le páiste Couple or 1 adult with 3 children
Comhairle Contae Cheatharlaigh €270 €290 €440 €510 €570 €600 €630
Comhairle Contae an Chabháin €190 €220 €380 €420 €450 €470 €490
Comhairle Contae an Chláir €220 €240 €360 €400 €480 €515 €550
Comhairle Cathrach Chorcaí €300 €330 €550 €650 €900 €925 €950
Comhairle Contae Chorcaí €300 €330 €550 €650 €900 €925 €950
Comhairle Contae Dhún na nGall €200 €230 €340 €370 €410 €470 €520
Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath €430 €500 €660 €900 €1,250 €1,275 €1,300
Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Rath an Dúin €430 €500 €660 €900 €1,250 €1,275 €1,300
Comhairle Contae Fhine Gall €430 €500 €660 €900 €1,250 €1,175 €1,300
Comhairle Cathrach na Gaillimhe €330 €360 €575 €650 €850 €875 €900
Comhairle Contae na Gaillimhe €330 €360 €575 €650 €850 €875 €900
Comhairle Contae Chiarraí €200 €230 €380 €410 €525 €550 €575
Comhairle Contae Chill Dara €350 €400 €575 €750 €975 €1,050 €1,100
Comhairle Contae Chill Chainnigh €230 €270 €480 €530 €630 €660 €690
Comhairle Chontae Laoise €240 €280 €420 €433 €580 €610 €630
Comhairle Contae Liatroma €200 €220 €340 €370 €450 €475 €500
Comhairle Contae agus Cathrach Luimnigh €270 €300 €420 €450 €650 €700 €750
Comhairle Chontae Longfoirt €180 €200 €330 350 €400 €425 €450
Comhairle Contae na Lú €310 €350 €575 €650 €975 €1,050 €1,100
Comhairle Contae Mhuigh Eo €200 €220 €390 €410 €480 €500 €520
Comhairle Contae na Mí €310 €350 €575 €700 €975 €1,050 €1,100
Comhairle Contae Mhuineacháin €200 €220 €330 €390 €500 €515 €530
Comhairle Contae Uíbh Fhailí €210 €230 €380 €435 €550 €575 €600
Comhairle Contae Ros Comáin €240 €260 €360 €390 €500 €525 €550
Comhairle Contae Shligigh €220 €250 €460 €490 €550 €575 €600
Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas €430 €500 €660 €900 €1,250 €1,275 €1,300
Comhairle Contae Thiobraid Árann €210 €230 €380 €420 €525 €560 €600
Comhairle Contae agus Cathrach Phort Láirge €240 €270 €430 €450 €550 €575 €600
Comhairle Contae na hIarmhí €220 €240 €450 €470 €600 €625 €650
Comhairle Contae Loch Garman €280 €300 €420 €433 €530 €565 €600
Comhairle Contae Chill Mhantáin €370 €410 €660 €900 €1150 €1200 €1250

Cad a tharlóidh má aimsím cóiríocht i limistéar údaráis áitiúil eile?

Má cháilíonn tú do thacaíocht tithíochta sóisialta i limistéar údaráis áitiúil amháin, ach má fhaigheann tú cóiríocht oiriúnach ar cíos i limistéar eile, b’fhéidir go mbeifeá in ann HAP a fháil ón gcéad údarás áitiúil chun cabhrú le híoc as. Ciallaíonn sé seo nach mbeidh ort a bheith athmheasúnaithe maidir le tacaíocht tithíochta sóisialta nó nach mbeidh ort iarratas a dhéanamh arís ar HAP sa limistéar nua.

Tugtar Bogadh Idir-Údaráis d'Iarratasóirí ar Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (HAP) ar an bpróiseas seo.

Chun cáiliú, ní mór ceann amháin díobh seo a leanas a bheith ann:

● Tá an teorainn ioncaim do thacaíocht tithíochta sóisialta sa limistéar údaráis áitiúil nua mar a chéile nó níos airde ná an teorainn sa limistéar inar cháiligh tú. (Tá 3 theorainn ioncaim cháilitheacha dhifriúla ann do thacaíocht tithíochta sóisialta, agus baineann teorainneacha éagsúla le háiteanna éagsúla.)

● Tá d’ioncam faoi bhun na teorann tacaíochta tithíochta sóisialta sa limistéar údaráis áitiúil nua, má tá an teorainn ioncaim sa limistéar sin níos ísle ná an limistéar inar cháiligh tú. Déanfaidh an t-údarás áitiúil é seo a fhíorú.

● Tairgeann an dá limistéar údaráis áitiúil ‘roghanna limistéir comhroinnte’ ina scéimeanna leithdháilte tithíochta.

Seans go mbeidh ort critéir eile a chomhlíonadh chun cáiliú. Déanfaidh an t-údarás áitiúil cinneadh ar do chás.

Conas a oibríonn sí?

Déileálfaidh d’údarás áitiúil bunaidh leat amhail is go bhfuil cóiríocht ar cíos agat ina limistéar. Beidh a scéim leithdháilte tithíochta i bhfeidhm leat agus is féidir tú a chur ar a liosta aistrithe tithíochta sóisialta.

Mar sin féin, beidh an t-údarás áitiúil nua freagrach as an réadmhaoin a iniúchadh agus beidh teorainneacha cíosa HAP don limistéar nua i bhfeidhm ar an réadmhaoin.

Má tá ceisteanna agat faoin bpróiseas seo, ba cheart duit dul i dteagmháil le d’údarás áitiúil chun tuilleadh faisnéise a fháil.

Cad is ÍCT do Theaghlaigh gan Dídean?

Cuireann Scéim an ÍCT do Theaghlaigh gan Dídean, a oibríonn Feidhmeannacht um Dhaoine ar Easpa Dídine Réigiún Bhaile Átha Cliath (FDEDRBÁC) thar ceann údaráis áitiúla Bhaile Átha Cliath, lánrogha chun teorainneacha cíosa an ÍCT a shárú i measc teaghlaigh gan dídean, más gá seo a dhéanamh chun cóiríocht oiriúnach a aimsiú. Chun cáiliú don ÍCT faoin scéim seo, caithfidh go nglacann ceann amháin de na ceithre údaráis áitiúla i mBaile Átha Cliath leis go bhfuil an teaghlach gan dídean laistigh de bhrí Alt 2 den Acht Tithíochta, 1988.

Tá Seirbhís an Aimsitheora Áite ÍCT do Dhaoine gan Dídean ar fáil i ngach ceantar údaráis áitiúil. Cabhraíonn an tSeirbhís seo le teaghlaigh gan dídean nó le teaghlaigh atá i mbaol láithreach easpa dídine, a bhfuil deacrachtaí acu tionóntacht ÍCT a fháil. Is féidir leis an údarás áitiúil cabhrú le haon éarlais nó réamhíocaíochtaí cíosa a theastaíonn chun cóiríocht a fháil faoin scéim ÍCT. Tacaíonn Seirbhís Aimsitheoir Áite Bhaile Átha Cliath freisin le teaghlaigh gan dídean i réigiún Bhaile Átha Cliath chun tionóntacht a fháil trí úsáid a bhaint as ÍCT. Ba cheart duit dul i dteagmháil le rannóg tithíochta d’údarás áitiúil chun tuilleadh eolais a fháil faoi seo.

Cad a tharlaíonn nuair is tionónta ÍCT thú?

Nuair a cháiligh tú do thacaíocht tithíochta sóisialta agus má fhaigheann tú ÍCT, leanfaidh tú den íocaíocht a fháil, fiú mura gcomhlíonann tú critéir cháilitheacha an mheasúnaithe tithíochta sóisialta a thuilleadh. Mar shampla, má ardaíonn d’ioncam os cionn na tairsí ioncaim do thithíocht shóisialta, fanfaidh tú i dteideal ÍCT. Mar sin féin, caithfidh tú an t-údarás áitiúil a chur ar an eolas má thagann athrú ar d’ioncam, ionas gur féidir leo an cíos difreálach a íocann tú a athríomh, féach an Ranníocaíocht Cíosa thíos.

Déanfaidh an t-údarás áitiúil cigireacht ar do chóiríocht laistigh de 8 mí i ndiaidh na chéad íocaíochta faoin ÍCT a dhéantar le do thiarna talún, murach go ndearnadh cigireacht ar an gcóiríocht cheana féin le dhá mhí dhéag anuas. Seiceálfaidh cigire go mbaineann an chóiríocht amach na híoschaighdeáin i dtaobh tithíocht ar cíos.

Beifear tar éis freastal ar do riachtanais tithíochta faoin ÍCT agus ní bheidh tú ar liosta feithimh tithíochta an údaráis áitiúil a thuilleadh. Más mian leat teacht a bheith agat ar thacaíochtaí tithíochta sóisialta eile, áfach, ar nós tithíocht údaráis áitiúil nó tithíocht a sholáthraíonn comhlachas tithíochta, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar an údarás áitiúil go gcuirfear thú ar an liosta aistrithe.

Ranníocaíocht cíosa

Íocfaidh tú ranníocaíocht sheachtainiúil cíosa de chuid an ÍCT leis an údarás áitiúil, bunaithe ar ioncam seachtainiúil do theaghlaigh agus a n-acmhainneacht chun íoc. Ríomhtar seo ar an mbealach céanna a ríomhtar cíosanna difreálacha údaráis áitiúil caighdeánach. Is éagsúil a bheidh do ranníocaíocht cíosa ag brath ar d’ioncam agus scéim cíosa an údaráis áitiúil.

Beidh ort an t-údarás áitiúil a chur ar an eolas ar aon athruithe a thagann ar d’ioncam nó ar mhéid do theaghlaigh, chun gur féidir do ranníocaíocht cíosa a athríomh. Má ghlacann tú le post nó má mhéadaíonn tú d’uaireanta oibre, beidh tú incháilithe go fóill don ÍCT, mar níl aon teorainn ioncaim le haghaidh ÍCT nuair a bheidh tú cáilithe don scéim. Seiceáil le d’údarás áitiúil le haghaidh sonraí a scéime cíosa difreálach.

Conas a íocaim cíos leis an údarás áitiúil?

Ba cheart do ranníocaíocht cíosa sheachtainiúil leis an údarás áitiúil a íoc trí úsáid a bhaint as:

● An Scéim Buiséid Teaghlaigh ag oifig an phoist

● Buanordú bainc

Mura n-íoctar do chíos go huathoibríoch ar an 2 bhealach seo, is féidir leat é a íoc:

Ar líne ag baint úsáid as an tairseach Íocaíochtaí Cúnaimh Tithíochta

● Ag baint úsáide as an aip ÍCT (pdf)

● Ar an bhfón ag 061 529 654

● Cárta Íoctha Bille ÍCT a úsáid in aon Oifig an Phoist nó siopa a úsáideann PostPoint

Is féidir leat freisin ráiteas ar d’íocaíochtaí ÍCT a fháil ar líne nó ag baint úsáide as an aip ÍCT.

Má dhéanann tú ró-íocaíocht do chíos trí thimpiste, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar aisíocaíocht.

Do thiarna talún a íoc

Déanfaidh an t-údarás áitiúil íocaíocht an ÍCT le do thiarna talún ar an gCéadaoin deiridh de gach mí. An íocaíocht seo faoi réir coinníollacha áirithe:

  • Caithfidh tú do ranníocaíocht cíosa sheachtainiúil ÍCT a íoc leis an údarás áitiúil – mura ndéanann tú, cuirfidh an t-údarás áitiúil stad le do thiarna talún a íoc
  • Má fhaigheann tú íocaíocht leasa shóisialaigh sheachtainiúil ag oifig an phoist, caithfidh tú do ranníocaíocht ÍCT a íoc tríd an Scéim Bhuiséadta Teaghlaigh
  • Caithfidh an chóiríocht íoschaighdeáin i dtaobh tithíocht ar cíos a bhaint amach.
  • Caithfidh go bhfuil fianaise reatha ag do thiarna talún i leith comhlíonadh cánach?
  • Níor cheart duitse (agus aon duine i do teaghlach) faoi iompar frithshóisialta

Faigh tuilleadh eolais faoi na téarmaí agus coinníollacha seo ar hap.ie.

Úsáideann gach údarás áitiúil Ionad Seirbhísí Comhroinnte an ÍCT, atá bunaithe i Luimneach, chun cíosanna a bhailiú ó thionóntaí an ÍCT agus íocaíochtaí cíosa an ÍCT a dhéanamh le tiarnaí talún.

Íocaíochtaí breise cíosa agus taiscí

Má tá do chíos níos mó ná na teorainneacha ÍCT atá ceadaithe do do theaghlach, ní mór duit an méid breise a íoc go díreach le do thiarna talún. Mar sin féin, caithfidh d’údarás áitiúil a chinntiú go bhfuil do thionóntacht inbhuanaithe, mar sin ní bhfaighidh tú íocaíocht ÍCT mura bhfuil tú in ann an cíos a íoc.

Má theastaíonn éarlais ó do thiarna talún, beidh ort é seo a íoc tú féin – ní íocfaidh an t-údarás áitiúil é duit. Faoi chúinsí áirithe, b’fhéidir go bhfuil tú incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar chúnamh ón Roinn Coimirce Sóisialaí chun cabhrú le héarlais a íoc. Má tá tú i gcóiríocht éigeandála do dhaoine gan dídean, féadfaidh d’údarás áitiúil cabhrú leat le héarlais.

Deireadh a chur le tionóntacht an ÍCT

Beidh súil leis go bhfanfaidh tú i do chóiríocht faoin ÍCT ar feadh ar a laghad 2 bhliain, ach i roinnt cásanna, beidh tú in ann iarratas a dhéanamh ar íocaíocht nua an ÍCT in áit eile – mar shampla, má dhéantar post a thairiscint duit i mbaile eile nó má éiríonn do theaghlach ró-mhór don réadmhaoin. Beidh ort teagmháil a dhéanamh le d’údarás áitiúil má tá tú ag machnamh ar aistriú.

Más mian le tionónta nó tiarna talún deireadh a chur le tionóntacht chónaithe, caithfidh siad an reachtaíocht ábhartha a chomhlíonadh. Is féidir níos mó a léamh ar láithreán gréasáin Threshold.

Conas iarratas a dhéanamh

Mura bhfuil tú ar liosta tithíochta d’údaráis áitiúil go fóill, beidh ort iarratas a dhéanamh ar thacaíocht tithíochta sóisialta ar an ngnáthbhealach.

Má tá tú ar an liosta tithíochta cheana féin, is féidir leat iarraidh ar an údarás áitiúil foirm iarratais ar an ÍCT a thabhairt duit. Ní gá an fhoirm seo a chomhlánú ach nuair atá cóiríocht oiriúnach aimsithe agat, nó má tá tú i gcóiríocht phríobháideach ar cíosa cheana féin agus má tá tú incháilithe chun aistriú chuig an ÍCT. Beidh ar do thiarna talún cuid d’fhoirm iarratais an ÍCT a chomhlánú agus a shíniú.

Má bhíonn amhras ar bith ort faoi cé acu an gcáilíonn nó nach gcáilíonn do shocrú tionóntachta don ÍCT, seiceáil le d’údarás áitiúil.

Má tá tú gan dídean i réigiún Bhaile Átha Cliath, déan teagmháil le Seirbhís Place Finder Bhaile Átha Cliath trí ríomhphost a sheoladh chuig placefinders@dublincity.ie nó déan teagmháil leis rannóg easpa dídine d’údaráis áitiúil.

Má bhí Forlíonadh Cíosa á fháil agat ar feadh tréimhse fhada (18 mí nó níos faide, go ginearálta) is féidir leat litir a fháil ón Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí, a iarrann ort teagmháil a dhéanamh le d’údarás áitiúil chun iarratas a dhéanamh ar thacaíocht tithíochta sóisialta (lena n-áirítear an ÍCT).

Féadtar thú a aistriú ansin chuig an ÍCT nó chuig foirm eile de thacaíocht tithíochta sóisialta.

Má fhaomhtar thú don ÍCT, síníonn tú Comhaontú Ranníocaíochta Cíosa ansin leis an údarás áitiúil. Is féidir iarraidh ort cóip a thabhairt den chomhaontú cíosa le do thiarna talún.

Conas a dhéanaim gearán?

Féadfaidh tú gearán a dhéanamh mura n-aontaíonn tú le cinneadh a rinne d’údarás áitiúil maidir le d’iarratas nó íocaíocht HAP, nó mura bhfuil tú sásta leis an gcaoi ar dhéileáil siad leat.

Déanann tú gearán le d’údarás áitiúil ar dtús. Ba cheart go mbeadh nós imeachta gearáin inmheánach acu ar a suíomh Gréasáin le faisnéis faoi:

● Conas is féidir leat gearán a dhéanamh

● Conas a dhéileálfar le do ghearán

● Cá fhad a thógfaidh sé freagra a thabhairt duit faoi do ghearán

● Conas achomharc a dhéanamh, má tá próiseas achomhairc inmheánach ann

Mura bhfuil tú sásta leis an gcaoi a ndéileálann d’údarás áitiúil le do ghearán, nó má cheapann tú gur caitheadh ​​go héagórach leat, is féidir leat do ghearán a dhéanamh leis an Ombudsman. Imscrúdaíonn Oifig an Ombudsman gearáin faoi údaráis áitiúla agus faoi chomhlachtaí poiblí eile. 

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 11 Eanáir 2024