Má tá tú i do chónaí i gcóiríocht phríobháideach ar cíos íocann tú cíos idir go díreach do do thiarna talún nó do ghníomhaire ar son an tiarna talún. Is gnáth leis an mhéid cíosa atá iníoctha a chaibidliú idir tú féin agus an tiarna talún ag tús na tionóntachta. Ní mór don tiarna talún gach íocaíocht cíosa a thaifeadadh i do leabhar cíosa. Más mian le do thiarna talún do chíos a mhéadú ní mór dó/di nósanna imeachta éagsúla a leanúint. Faigh amach tuilleadh ar mhéadaithe cíosa.
Má tá tú i do chónaí i gcóiríocht phríobháideach ar cíos agus má íocann tú cáin ioncaim, is féidir go bhfuil tú inchláraithe chun faoiseamh cánach ar chuid de do chíos.
Má bhíonn deacrachtaí agat le do chíos a íoc thig leat chur isteach ar Fhordheontas Cíosa. Is casta iad na rialacha le haghaidh Fordheontas Cíosa. Go ginearálta, más íocaíocht leasa sóisialta nó Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte an t-aon ioncam atá agat gheobhaidh tú Fhordheontas Cíosa. Ní bhfaighidh tú Fhordheontas Cíosa má tá tú i bhfostaíocht lánaimseartha, ach thig leat d’Fhordheontas Cíosa a choinneáil, áfach, má bhí tú dífhostaithe agus tá tú ag filleadh ar ais chun oibre.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.