Féadann díospóidí a bheith ann idir tiarnaí talún agus tionóntaí i dtaca le cóiríocht a ligtear ar cíos. Is mó cás inar féidir na díospóidí seo a réiteach ar bhonn neamhfhoirmeálta idir an dá pháirtí. Ach uaireanta ní mór dul i muinín tríú páirtí atá neamhspleách agus neamhchlaonta. Is féidir le tríú páirtí dhá thaobh an scéil a chloisteáil agus cinneadh a dhéanamh maidir leis an réiteach is fearr a oireann don chás. Tugann an cháipéis seo cuntas ar bhealaí chun dul i ngleic le díospóidí comónta i dtionóntachtaí cónaithe príobháideacha agus ar na heagraíochtaí a chuireann cabhair ar fáil.
Ciallaíonn tionóntacht chónaithe phríobháideach tionóntacht a n-aontaítear uirthi go príobháideach idir tiarna talún agus tionónta. Cumhdaíonn an tAcht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004 tionóntachtaí cónaithe príobháideacha, agus leagann sé amach cearta agus oibleagáidí thiarnaí talún agus tionóntaí araon. Ni bhaineann an chuid is mó den eolas a thugtar anseo le tionóntaí údaráis áitiúil ná le tionóntaí a chónaíonn lena dtiarna talún. Más tionónta tú de chuid údaráis áitiúil nó má tá tú ag íoc cíosa d'eagras tithíochta sóisialta (m.sh. eagras deonach tithíochta nó lóistín do mhic léinn á ligean ag institiúid aitheanta oideachasúil), tá tuilleadh eolais faoi do chearta mar thionónta anseo.
Más rud é go bhfuil seomra ar cíos agat i dteach do thiarna talún ní hionann do chearta dlíthiúla agus na cearta dlíthiúla a bhaineann le tionóntachtaí cónaithe príobháideacha.
Má tharlaíonn díospóid idir tusa agus do thiarna talún, ba chóir duit iarracht a dhéanamh i dtús báire teacht ar réiteach idir an bheirt agaibh. I gcruinniú idir an dá pháirtí is féidir míthuiscintí a leigheas agus is féidir deis a thabhairt don dá pháirtí a dtuairim a thabhairt. Bí cinnte go bhfuil do chearta agus oibleagáidí ar eolas agat agus go bhfuil do chuid fíricí ullmhaithe roimhe ré agus iad a bheith ceart agat. Cliceáil ar an táb thuas i gcomhair tuilleadh eolais mar gheall ar dhíospóidí idir tionóntaí agus tiarnaí talún agus ar bhealaí chun iad a réiteach.
D'fhéadfadh sé a bheith cuideachtúil litir a chur chuig do thiarna talún, le mionsonraí do ghearán. Agus tú ag iarraidh an díospóid a réiteach, ba cheart duit taifead a choimeád d'aon teagmháil idir tusa agus do thiarna talún. Ní i gcónaí a éiríonn le tionóntaí agus tiarnaí talún díospóidí a réiteach eatarthu féin. Más amhlaidh an cás seans go bhfuil cabhair sheachtrach ag teastáil.
Tá na húdaráis áitiúla freagrach as a chinntiú go sásaíonn cóiríocht phríobháideach atá ligthe ar cíos íoschaighdeáin fhisiciúla áirithe. Má tá baint ag do dhíospóid le fadhbhanna le do chóiríocht nó le truailliú de dheasca torainn tá seans ann go bhfuil siad in ann cabhrú leat. Labhair le d'Oifigeach Sláinte Comhshaoil ó d'údarás áitiúil i gcomhair tuilleadh eloais.
Soláthraíonn An Bord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha (BTCP) seirbhís réiteach díospóide do thiarnaí talún agus thionóntaí. Nuair a thagtar ar chomhaontú le cabhair nó breithniú an BTCP, tá an comhaontú sin ceangailteach de réir dlí.
Tá an próiseas réiteach díospóide a úsáideann an BTCP neamh-choimhlinteach agus faoin rún. Is féidir le tiarnaí talún, tionóntaí nó páirtithe eile ar a dtéann an díospóid i bhfeidhm (m.sh. comharsana) an próiseas a thionscnamh chun an díospóid a réiteach. Ní foláir go bhfuil tiarnaí talún cláraithe leis an BTCP chun leas a bhaint as an seirbhís seo ach is féidir le tionóntaí leas a bhaint as an seirbhís fiú mura bhfuil an tionóntacht cláraithe ag an tiarna talún.
Ba cheart dul i dteagmháil le Threshold (féach thíos) i gcomhair comhairle ar do chás sula dtéann tú i dteagmháil leis an BTCP. Ní seirbhís comhairle é an BTCP agus níor cheart dul i dteagmháil leo ach amháin chun iarratas a dhéanamh le leas a bhaint as a seirbhís réiteach díospóide. Má dhéanann tú an cinneadh díospóid a chur ar aghaidh chuig an BTCP, ba chóir duit dul i dteagmháil leo trí ríomhphost no trí ghuthán agus do chás a phlé le hoifigeach réiteach diospóide. Cuirfidh siad in iúl duit an é an BTCP an eagraíocht is fearr chun cabhrú leat.
Eagraíocht charthanachta atá i Threshold a sholáthraíonn faisnéis agus comhairle saor in aisce do dhaoine le fadhbanna tithíochta.Is féidir dul i dteagmháil leo trí ghuthán, facs, ríomhphost, litir nó is féidir coinne a dhéanamh ag ceann dá dtrí ionad (Baile Átha Cliath, Corcaigh agus Gaillimh). Tá Aonad Rochtain ar Thithíocht ann a thugann seirbhís suibscríbhinne do thiarnaí talún le comhairle faoi idirghabháil le tionóntaí. Murar féidir an díospóid a réiteach fós, seans go molfar duit do chás a thabhairt faoi bhráid an Bhoird um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha (BTCP).
An chéad chéim sa phróiseas ná foirm iarratais a chomhlánú agus í a sheoladh ar ais chuig an BTCP le táille 25 euro. Má tá deacrachtaí agat leis an bhfoirm seo a chomhlánú, cabhróidh ball foirne de chuid an BTCP leat. Ba chóir duit an oiread sonraí faoin díospóid agus gur féidir a lua sa bhfoirm agus í a sheoladh ar ais chuig an BTCP mar aon le haon fhianaise a gceapfaidh tú a chabhróidh le d'éileamh. Ba cheart cóip den léas sínithe (má tá ceann agat) a chur ann chomh maith. Má tá tú ag cur grianghraf, iarrann an BTCP go solathraíonn tú trí chóip de gach grianghraf. Cuirfear aon fhaisnéis a thugann tú faoi bhráid gach páirtí ata páirteach.
Gheobhaidh tú litir ón BTCP, ag admháil go bhfuarthas d'fhoirm iarratais agus gheobhaidh an páirtí eile sa díospóid litir gearáin. Gheobhaidh an bheirt agaibh na litreacha seo a leanas chomh maith: litir chun glacadh leis an idirghabháil agus litir chun diútiú don idirghabháil.
Ní mór duit ceann de na litreacha sin a chomhlánú agus í a sheoladh ar ais chuig an BTCP.
Ní rachaidh an próiseas idirghabhála ar aghaidh ach amháin sa chás go n-aontaíonn an dá pháirtí leis an idirghabháil agus sa chás go measann an BTCP gurb í an slí is fearr chun an díospóid a réiteach. Má aontaíodh leis sin, ceaptar Monatóir an BTCP don chás agus déanfaidh sé teagmháil le ceachtar páirtí le dáta agus am don éisteacht phríobháideach. Ag an éisteacht seo, déanfaidh an dá phairtí a gcás agus tabharfaidh siad aon fhianaise a gceapfaidh siad a thacaíonn leis an gcás sin.
Cabhróidh Idirghabhálaí an BTCP leo teacht ar chomhaontú leis an díospóid a shásóidh gach duine. Cuirfear tuairisc ar an idirghabháil chuig an dá pháirtí mar aon le litir ag glacadh leis an gcomhaontú agus litir ag diúltú don chomhaontú. Beidh stadtréimhse de 21 lá ansin ag an dá pháirtí agus ina dhiaidh sin beidh orthu an litir glactha nó an litir diúltaithe a sheoladh ar ais chuig an BTCP. Má ghlacann an bheirt acu leis an gcomhaontú idirghabhála, is ord dearbhaithe de chuid an BTCP é atá ceangailteach de réir dlí.
Sa chás go socraíonn na páirtithe gan seirbhísí idirghabhála a úsáid, nó sa chás nach gceapann an BTCP go bhfuil an cás feiliúnach d' idirghabháil, téann sé ar aghaidh chuig breithniú. Ceaptar breithneoir an BTCP chun an cás a fhiosrú go hiomlán. Socróidh breithneoir an BTCP ar an mbealach a mbeidh an díospóid réitithe, bunaithe ar fhianaise agus finnéithe na bpáirtithe.
Mar a tharlaíonn sa phróiseas idirghabhála, cuirfear tuairisc an bhreithneora chuig an dá pháirtí mar aon le litreacha glactha agus diúltaithe. Ní mór ceann de na litreacha sin a chomhlánú agus a sheoladh ar ais chuig an BTCP laistigh de 21 lá. Má ghlacann an bheirt acu le cinneadh an bhreithnithe, is ordú dearbhaithe de chuid an BTCP é atá ceangailteach de réir dlí.
An dara céim i seirbhís réiteach díospóide an BTCP atá sa Bhinse Tionóntachta. Is féidir díospóid a chur ar aghaidh chuig an Binse Tionóntachta ar son ceithre chúis:
Má théann do chás faoi bhráid an Bhinse, cuirfidh an BTCP é sin in iúl duit i scríbhinn. Léiríonn an litir sin dáta, am agus áit na héisteachta agus tugann sí cuntas ar an díospóid agus ar na nósanna imeachta a nglacfar leo ag an éisteacht. Níor chóir go mbeadh sé riachtanach ionadaíocht dhlíthiúil a bheith ag duine nuair a thógtar cás chuig an BTCP ach is féidir dlíodóir a thabhairt chuig an éisteacht más mian leat. Is féidir finnéithe a thabhairt leat a thabhairt a thabharfaidh fianaise chun tacú le do chás, ach ba cheart cuimhniú go mbeidh tú freagrach as aon chostais a thabhaíonn tú (costais dlíodóra agus finnéithe). Is annamh a dhámhfaidh an Binse costais agus níl aon chúnamh dlí ar fáil más mian leat ionadaíocht dhlíthiúil a thabhairt leat.
Triúr atá i gceist le Binse. Tagann an triúr ó Choiste Réiteach Díospóide an BTCP agus tá eolas agus taithí gairmiúil agus ábhartha acu. Éisteachtaí poiblí ata i gceist agus is cosúil le héisteachtaí cúirte iad mar sin beidh deis agat do chás a chur i láthair don Bhinse. Tá an t-údarás ag an mBinse finnéithe a thoghairm, cur ar fáil cáipéisí ábhartha a iarraidh agus fianaise a thógáil faoi mhionn.
Eiseofar an cinneadh a dhéanann an Binse Tionóntachta chuig gach páirtí mar ordú dearbhaithe de chuid an BTCP agus tá sé ceangailteach de réir dlí. Is féidir féachaint ar orduithe dearbhaithe ar láithreán gréasáin an BTCP anseo. Ní féidir achomharc a dhéanamh ar chinntí a dhéanann an Binse ach chuig an Ard-Chúirt ar phointe dlí agus ní mór an t-achomharc a chur isteach laistigh de 21 lá.
An Chúirt Chuarda atá freagrach as forfheidhmiú Orduithe Dearbhaithe an BTCP. Más rud é nach gcomhlíonann ceachtar de na pártithe ordú dearbhaithe, is féidir iad a thuairisciú chuig an BTCP. Is féidir leis an BTCP iarratas a dhéanamh ar Ordú Cúirte Cuarda ansin ag treorú an pháirtí atá i gceist an tOrdú a chomhlíonadh. Má chuirtear isteach ort toisc nach bhfuil duine ag comhíonadh ordaithe is féidir leat iarratas a dhéanamh díreach chuig an Chúirt Chuarda.
Soláthraíonn Threshold seirbhís idirghabhála agus comhairle saor in aisce.
Má chuireann tú iarratas isteach chuig an BTCP, ní foláir duit táille €25 a íoc. Má théann an cás ar aghaidh chuig éisteacht os comhair Binse Tionóntachta beidh táille breise de €40 i gceist.
Tá costas €18 ar iarratais chuig an gCúirt Dúiche maidir le gearáin faoi thorann. Níl ionadaíocht dhlíthiúil riachtanach chun dul os comhair Binse Fiosraithe Tionóntachta an BTCP. Má tá ionadaíocht dhlíthiúil agat nuair a théann an cás go dtí an Binse Fiosraithe, ní mór duit costas iomlán na comhairle sin a íoc.
Tar éis cás a phlé le hOifigeach Réiteach Díospóide, is féidir iarratais a dhéanamh chuig seirbhís Réiteach Díospóide an BTCP. Má dhéanann tú an cinneadh leas a bhaint as an seirbhís seo, cuirfidh siad foirm chugat. Beidh ort í sin a chomhlánú agus í sheoladh ar ais chuig an BTCP le táille 25 euro.
Sa chás nach bhfuil duine ag cloí le hOrdú Dearbhaithe ón BTCP, tá sé de rogha agat é sin a thuairisciú díreach chuig an gCúirt Chuarda ach dul i dteagmháil le cléireach na cúirte.
Déantar gearáin faoi thorann agus faoi shárú íoschaighdeán chuig an Oifigeach Sláinte Comhshaoil i d'údarás aitiúil.
Más mian leat gearán a dhéanamh faoi thorann díreach chuig an gCúirt Chuarda, ba chóir duit dul i dteagmháil le cléireach na cúirte agus coinne a dhéanamh i gcomhair éisteachta.
Más mian leat úsáid a bhaint as seirbhís idirghabhála agus comhairle Threshold, is féidir dul i dteagmháil le Threshold agus do chuid roghanna a phlé le comhairleoir.
Bosca P.O. 11884
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:+353 (0)1 635 0600
Facs:+353 (0)1 635 0601
Láithreán Gréasáin: http://public.prtb.ie/
R-phost: information@prtb.ie
21 Bóthar na gCloch
Baile Átha Cliath 7
Éire
Teil:(01) 678 6096
Facs:(01) 677 2407
Láithreán Gréasáin: http://www.threshold.ie
R-phost: advice@threshold.ie
8 Cé an Athair Maitiú
Corcaigh
Éire
Teil:(021) 427 8848
Facs:(021) 480 5111
Láithreán Gréasáin: http://www.threshold.ie
R-phost: advicecork@threshold.ie
3 Plás Victoria
Bóthar na gCeannaithe
Gaillimh
Éire
Teil:(091) 563 080
Facs:(091) 569 273
Láithreán Gréasáin: http://www.threshold.ie
R-phost: thresholdgalway@eircom.net
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.