Anseo atá tú: Baile > Tithíocht > Teach a fháil ar chíos

Print Page Send to a Friend

Teach a fháil ar chíos

Overview Document Ar lorg árasán nó tí ar chíos Má tá tú ar lorg árasáin, caithfidh tú bheith ar an eolas faoi na háiteanna a chuardach agus na ceistanna a chur. Caithfidh tú freisin bheith réidh le éarlais a íoc.

Cearta agus oibleagáidí na dtionóntaí
Bíonn cearta agus oibleagáidí ag tionóntaí i gcóiríocht phríobháideach ar cíos. Eascraíonn na cearta agus hoibleagáidí seo ó dhlí na dtiarnaí talún/na dtionóntaí agus ó aon chomhaontú tionóntachta scríofa nó beil idir tiarna talún agus tionónta.

Cearta agus oibleagáidí na dtiarnaí talún
Tá cearta agus oibleagáidí áirithe ag tiarnaí talún in Éirinn. Eascraíonn na cearta agus oibleagáidí sin ó dhlí na dtiarnaí talún/dtionóntaí agus ó aon chomhaontú tionóntachta scríofa nó béil idir tiarna talún agus tionónta.

Cineálacha Tionóntachta in Éirinn
Is iad na tionóntachtaí tréimhsiúla agus téarma seasta an cineál tionóntachta is coitianta in Éirinn. Bíonn slándáil tionachta ag tionóntaí ar feadh 3 ½ bliana tar éis an chéad tréimhse de shé mhí. Tugtar tionóntacht Chuid 4 air seo

Arduithe cíosa in Éirinn
Is iad forálacha Acht na dTionóntachtaí Príobháideacha Cónaitheacha 2004 a rialaíonn. Faisnéis faoi cathain ar féidir le tiarna talún cíos a ardú agus cathain ar féidir le tionóntaí athbhreithniú a iarraidh ar an gcíos.

Leabhair Chíosa
Bíonn gach tionónta in Éirinn a íocann cíos as tithíocht phríobháideach i dteideal do leabhar cíosa de réir an dlí. Déantar an cíos a íoctar a thaifeadadh sa leabhar cíosa agus ní mór eolas sonrach éigin a bheith ann.

Cúnamh do thionóntaí príobháideacha chun cíos a íoc
Má tá tú i do chónaí i gcóiríocht phríobháideach ar cíos is féidir go gcáilíonn tú le haghaidh faoiseamh cánach ar chuid de do chíos nó ar Fhordheontas Cíosa. Faigh amach más féidir leat cháiliú.

Faoiseamh Cánach do Thionóntaí
Tá faoiseamh cánach ar fáil ar chuid den chíos a íocann daoine a bhfuil ioncam inchánaithe acu.

Deisiúcháin, cothabháil agus íoschaighdeáin fisiciúla
Tá sé de dhualgas ar gach tiarna talún a chinntiú go gcloínn a n-áitribh le bunchaighdeáin fisiciúil áirithe. Tá siad freagrach freisin as chuile dheisiúchán seachas mion-dheisiúcháin agus maintenance.

Má theastaíonn ó thiarna talún go bhfágfaidh tú
Braitheann a éasca agus a bhíonn tiarna talún in ann tionónta a dhíshealbhú in Éirinn ar an gcineál tionóntachta a bhíonn ag an tionónta. Eolas faoi do chearta agus an nós imeachta ceart nach mór a leanúint

Díospóidí a réiteach idir tiarnaí talún agus tionóntaí
Féadann díospóidí a bheith ann idir tiarnaí talún agus tionóntaí i dtaca le cóiríocht a ligtear ar cíos. Is mó cás inar féidir na díospóidí seo a réiteach ar bhonn neamhfhoirmeálta idir an dá pháirtí. Tuilleadh eolais.

Socrú ina bhfuil cónaí ort agus ar do thiarna talún sa chóiríocht chéanna
Ní hionann an suíomh de réir dlí atá ag tionóntaí a bhfuil cónaí orthu sa chóiríocht chéanna lena dtiarna talún in Éirinn agus an suíomh atá ag tionóntachtaí eile. Léiríonn an cháipéis seo cearta na dtionóntaí a bhfuil seomra ar cíos acu i dteach tiarna talún.

Tionóntacht a chlárú
Faoi Acht na dTionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha 2004, caithfidh gach tionóntacht a chlárú leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha. Tuairisc ar a ról sa phróiseas clárúcháin.

An Bord um Thionóntachtaí Príobháideacha Cónaithe
Is eagras arna bhunú ag an Rialtas é an Bord um Thionónotachtaí Cónaithe Príobháideacha chun seirbhís réitigh díospóide a sholáthar do thiarnaí talún agus tionóntaí agus chun tionóntachtaí a chlárú in earnála an chíosa phríobháidigh.

Teanga

English

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.