Má tá tú chun teach a thógáil beidh ort cead pleanála a fháil. Má tá tú chun síneadh a chur le teach atá agat cheana féin, nó aon athrú eile a dhéanamh leis, d'fhéadfadh sé go mbeadh cead pleanála ag teastáil uait. Go hiondúil ní theastaíonn cead pleanála le haghaidh síneadh beag a chur le teach, nó le haghaidh teach gloine ach ba cheart duit é seo a chinntiú roimh duit tosnú ar an obair thógála. Beidh d' údarás áitiúil in ann comhairle a thabhairt duit maidir leis seo, chomh maith le n-insint duit cén chaoi le hiarratas a dhéanamh agus comhairle ginearálta a chur ort maidir le d'iarratas. Beidh d'údarás áitiúil in ann insint duit freisin an bhfuil do chuid moltaí ag teacht le plean forbartha do cheantair.
Ta trí chinéal cead pleanála ann: cead, cead imlíne agus ceadú bunaithe ar chead imlíne. Is é cead, nó lánchead mar a thugtar go minic air, an ceann is coitianta dóibh seo. Má tá tú ag iarraidh a fheiceáil an aontaíonn an t-údarás pleanála i bprionsabal le teach a thógáil ar shuíomh ar leith, mar shampla, nó síneadh mór a thógáil, d'fhéadfá cur isteach ar chead imlíne. Sa chás seo ní bheidh ort ach na bunphleananna agus na sonraí cuí a chur ar fáil a chuirfidh ar chumas an údaráis phleanála cinneadh a dhéanamh maidir leis an suíomh, dearadh agus moltaí eile forbartha. Má fhaigheann tú cead imlíne, beidh ort pleananna cuimsitheacha a chur ar fáil agus cead bunaithe ar chead imlíne a fháil roimh duit tosnú ar obair thógála. Seasann cead imlíne go hiondúil ar feadh trí bliana.
Is coir atá ann aon obair a dhéanamh a dteastaíonn cead pleanála dí gan an cead sin a fháil agus is féidir fíneáil an-trom agus príosún a ghearradh ort dá bharr. Más fíor-dhearmad a bhí ann, is féidir cur isteach ar chead pleanála chun an fhorbairt a choinneáil. D'fhéadfadh sé go ndiúltófaí an cead seo agus sa chás seo ní mór an fhorbairt a threascradh.
Go hiondúil ní mór don údarás pleanála cinneadh a dhéanamh maidir le cead pleanála taobh istigh de 8 seachtain ó thagann an t-iarratas chuige. Ach, má theastaíonn tuilleadh eolais, nó má dhéantar achomharc ar an gcinneadh, d'fhéadfadh sé a bheith i bhfad níos faide ná sin.
Is féidir le aon duine cóip de d'iarratas a fheiceáil agus má íocann sé/sí táille de 20 euro cuntas/tuairimí scríofa a thabhairt air. Cuirfear scéal chugatsa agus chuig aon duine a thug tuairim ar an iarratas nuair atá cinneadh déanta.
Má thugann an t-údarás áitiúil cead pleanála, gheobhfaidh tú fógra toile go bhfuil cead pleanála le bronnadh. Muna ndéanann aon duine achomharc chuig An mBord Pleanála taobh istigh de 4 sheachtain den dáta sin gheobhfaidh tú deonú ceada ón údarás áitiúil.
Caithfidh tú fógra poiblí de do phlean a thabhairt roimh duit iarratas a dhéanamh. Ní mór duit é seo a dhéanamh tré fhógra a chur i bpáipéar áitiúil (beidh liosta ag d'údarás áitiúil) agus fógra suímh a chur in áit gur féidir é a léamh go soiléar. Gheobhaidh tú sonraí den eolas nach mór a bheith sna fógraí ar an bhfoirm iarratais ar chead pleanála.
Caithfidh tú an t-iarratas a chur chuig an údarás áitiúil taobh istigh de choicís ón lá a raibh an fógra sa pháipéar áitiúil agus an fógra a bheith croctha ar an suíomh. Caithfear an fógra suímh a fhágáil ann ar feadh ar a laghad 5 sheachtain ón lá go bhfaigheann an t-údarás áitiúil an t-iarratas pleanála.
Ní féidir tosnú ag tógáil roimh duit deonú ceada a fháil.
Is iondúil go mbíonn coinníollacha ag baint leis an gcead pleanála agus d'fhéadfadh sé go mbeadh athruithe le déanamh agat ar do phlean len iad a shásamh.
Is iondúil go seasann cead pleanála ar feadh 5 bliana. D'fhéadfadh sé go mbeadh ort íoc as cuid den chostas a bhaineann le bóthar, córas uisce agus séarachais a sholáthar.
Má dhiúltaíonn an t-údarás áitiúil le d'iarratas, tabharfar cúiseanna duit. Beidh 4 sheachtain agat ó dháta an chinnithe sin achomharc a chur chuig An mBord Pleanála.
Beidh táille le n-íoc agat le d'iarratas. Tá táillí éagsúla i gceist ag brath ar an gcineál forbartha. Faoi láthair is 65 euro an táille a bhaineann le iarratas a dhéanamh teach a thógáil. Tríocha a ceathair euro an táille a ghearrtar ar dhuine a dhéanann iarratas ar shíneadh a chur le teach nó le athrú a dhéanamh ar gharáiste, & rl a bheidh in úsáid mar chuid den teach.
Cuireann tú isteach ar chead pleanála tré fhoirm iarratais ar chead pleanála a líonadh agus í a sheoladh leis na cáipéisí cuí chuig do údarás áitiúil.
Beidh d'údarás áitiúil in ann comhairle a chur ort maidir leis an iarratas a dhéanamh, an dóigh go dtiocfaidh do phlean féin leis an bplean forbartha, cé na cáipéisí eile a bheidh ag teastáil uait, cén táille a bheidh le n-íoc agat agus aon riachtanais eile.
Is fiú labhairt leis an údarás áitiúil roimh duit iarratas a dhéanamh. D'fhéadfadh sé seo am a shábháilt ort amach anseo.
Má tá tú ag fostú ailtire go hiondúil déanfaidh sé/ sí an t-iarratas ar do shon.
Go hiondúil beidh ort na cáipéisí seo a leanas a sheoladh isteach le d' iarratas:
Más iarratas ar chead imlíne amháin atá i gceist, ní mór na cáipéisí a bhfuil an marc* orthu thuas a bheith leis an iarratas. Déantar é seo ar mhaithe le deis a thabhairt don údarás pleanála cinneadh a dhéanamh maidir leis an suíomh, an leagan amach nó moltaí eile forbartha atá san iarratas.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.