Cead pleanála chun do theach a athrú

An dteastaíonn cead pleanála uaim chun mo theach a athrú?

Má tá tú chun síneadh a chur le do theach nó athruithe eile a dhéanamh air, d'fhéadfadh sé go mbeadh cead pleanála uaitó d’údarás áitiúil.

Go hiondúil, ní bhíonn gá le cead pleanála le haghaidh mionathruithe mar atá sa liosta thíos ach ba cheart duit a bheith cinnte dearfa i gcónaí nach bhfuil gá le cead pleanála sula dtosaíonn tú ar an tógáil.

Pionóis (mar shampla, fíneálacha suntasacha nó príosúnacht) a bhfuil de thoradh ar do theip chun cead pleanála a fháil. Beidh an t-údarás áitiúil in ann tú a chur ar an eolas maidir leis seo.

Cad iad na hathruithe is féidir liom a dhéanamh gan cead pleanála?

I gcoitinne, ní bheidh cead pleanála uait le haghaidh:

  • Síneadh a chur siar as cúl an tí chomh fada is nach gcuireann sé níos mó ná 40 méadar cearnach breise leis an achar urláir a bhí sa teach ó thús agus nach bhfuil sé níos airde ná an teach féin. Ní féidir leis an síneadh an spás oscailte ag cúl an tí a laghdú go dtí níos lú ná 25 méadar cearnach, spás nach mór a bheith ar fáil amháin d'úsáid na ndaoine a chónaíonn sa teach. Má cuireadh síneadh leis an teach cheana ní féidir le achar urláir an tsíneadh atá i gceist anois agat agus achar urláir aon síneadh a rinneadh cheana (síneadh ar tugadh cead pleanála cheana dó san áireamh) a bheith níos mó ná 40 méadar cearnach. (Tá rialacha eile maidir le airde i bhfeidhm chomh maith).
  • Garáiste atá greamaithe le cúl nó taobh an tí a chur in oiriúint d'úsáid teaghlaigh, chomh fada agus go bhfuil achar urláir níos lú ná 40 méadar cearnach ann. Garáiste a thógáil ag cúl nó taobh an tí chomh fada agus nach síneann sé amach ós comhair líne tógála an tí agus nach bhfuil sé níos mó ná 4 mhéadar in airde (má tá díon tíle/ceann slinne crochta air) nó 3 mhéadar (le díon d'aon chineál eile). Ní bheidh cead pleanála ag teastáil don obair seo má bhíonn an t-achar urláir teoranta go 25 méadar cearnach. Ní mór go mbeadh garáiste agus seideanna ar thaobh an tí ag dul le maisiúchán an tí agus ní féidir le aon duine cónaí iontu, ús@?id tráchtála a bhaint astu ná ní féidir le muca, éanlaith tí, colúir, pónaithe ná capaill cónaí iontu ach an oiread. Garáiste a thógáil ar chúl nó ar thaobh an tí chomh fada agus go bhfuil achar urláir níos lú ná 25 méadar cearnach ann agus go ndéantar de réir coinníollacha eile é.
  • Póirse a thógáil ag éadán an tí, chomh fada agus go bhfuil a achar faoi bhun 2 mhéadar cearnach agus go bhfuil sé níos faide ná 2 mhéadar ó bhóthar poiblí nó ó chosán. Má bhíonn díon tíle ná ceann slinne ar an bpóirse ní féidir leis a bheith níos mó ná 4 mhéadar in airde nó 3 mhéadar más díon d'aon chineál eile atá i gceist.
  • Is féidir ballaí brící, clocha nó bloc le barr orthu, sconsaí adhmaid nach sconsaí slandála iad a thógáil chomh fada agus nach mbíonn siad níos airde ná 1.2 méadar ná 2 mhéadar ag an taobh ná ar an gcúl. Is féidir geataí a thógáil chomh fada nach bhfuileadar níos airde ná 2 mhéadar. Ní mór cead a fháil i gcónaí más mian leat bealach nua amach chuig an mbóthar poiblí a oscailt nó a leathnú.
  • Simléar le haghaidh córas teasa lárnaigh, teach gaileadáin nó tanc chun ola a stóráil (suas le 3,500 liotar)
  • Spásanna le haghaidh carranna a pháirceáil, cosáin gháirdíní agus rl.
  • Aeróg teilifíse ar an díon chomh fada agus go mbíonn sé níos lú ná 6 mhéadar níos airde ná an díon.
  • Mias shatailite (suas le méadar amháin trasna, agus faoi bharr díon an tí) ag cúl nó ag taobh an tí (is gá cead pleanála a fháil má bhíonn sé ar éadan an tí ). Ní féidir ach mias amháin a chrochadh ar theach.

Níl iontu seo ach treoracha; tá sé tábhachtach dul i gcomhairle leis an údarás áitiúil sula dtosaíonn tú ar aon athrú a dhéanamh.

Cead pleanála le haghaidh "mór-athrú úsáide"

Má theastaíonn uait mór-athrú a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as talamh nó foirgnimh, athrú a mbeidh tionchar dáirire aige nó a d'fhéadfadh tionchar a bheith aige ar chomharsain nó ar an bpobal áitiúil, caithfidh tú cead pleanála a fháil.

Mar shampla, beidh cead pleanála uait má tá rún agat:

  • Do gharáiste a athrú isteach ina cheardlann oibre ar mhaithe le gnó
  • Naíolann a bhunú
  • Teach lóistín a oscailt le níos mó ná 4 sheomra do chuairteoirí ann

B'fhéidir go mbeidh ort cead pleanála a fháil freisin má tá do réadmhaoin á ligean ar cíos agat le haghaidh liúntas gearrthéarmach.

Le breis eolais a fháil maidir le hiarratais ar chead pleanála breathnaigh ar ár ndoiciméad maidir le cead pleanála.

Conas iarratas a dhéanamh ar chead pleanála

Ba chóir duit d’iarratas ar chead pleanála chun athrú a dhéanamh ar theach chuig an Rannóg Pleanála den údarás áitiúil. Is féidir ceisteanna faoi athruithe a seoladh chuig an Rannóg Pleanála den údarás áitiúil.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 4 Nollaig 2019