Is é an plean forbartha an dréacht do phleanáil agus forbairt do cheantair. Leagann sé amach polasaí pleanála an údaráis áitiúil ar feadh tréimhse 5 bliana. Ráiteas scríofa agus sraith mapaí atá sa phlean.
Déantar gach iarratas pleanála a mheas i gcomhthéasc an phlean fhorbartha, agus go hiondúil ní thugtar cead pleanála ach sa chás go bhfuil an t-iarratas ag teacht leis an bplean.
Mar shampla beidh ceantair éagsúla sa phlean leagtha síos mar cheantair "chónaithe" nó "tionsclaíocha". Léiríonn sé seo cén cinéal forbartha a d'fhéadfadh cead pleanála a fháil sna ceantair áirithe sin.
Má tá sé ar intinn agat cur isteach ar chead pleanála, go háirithe más mian leat teach a thógáil, bheadh sé an-chiallmhar breathnú ar an bplean forbartha ar dtús. Is féidir leat an plean a fheiceáil ag oifig d'údarás áitiúil.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.