Anseo atá tú: Baile > Tithíocht > Ceadú Pleanála > Cuntas a thabhairt ar Iarratas ar chead pleanála

Print Page Send to a Friend

Cuntas a thabhairt ar Iarratas ar chead pleanála

Eolas

Tá sé de cheart agat breathnú ar iarratas ar chead pleanála agus má íocann tú táille cuntas/tuairimí scríofa a thabhairt air. Ní mór an cuntas/tuairimí a nochtadh taobh istigh de 5 sheachtain ó thagann an t-iarratas ar chead pleanála isteach chuig an údarás pleanála.

Ní mór d'iarrthóirí ar chead pleanála fógra a chrochadh ar an suíomh agus fógra a chur i nuachtán áitiúil le deis a thabhairt duit fios a bheith agat go bhfuil an t-iarratas déanta. Ní mór do na húdaráis áitiúla liostaí a chur le chéile chuile sheachtain de na hiarratais ar chead pleanála atá faighte acu agus na liostaí seo a bheith ar fáil don phobal le scrúdú ar feadh 8 seachtainí ar a laghad ina n-oifigí agus sa leabharlann phoiblí.

Tá sé de cheart agat na cáipéisí ar fad a cuireadh leis an iarratas a fheiceáil, beidh siad ar fáil ag oifigí an údaráis áitiúil. Ní féidir le údarás pleanála cinneadh a thógáil ar iarratas pleanála go dtí go bhfuil 5 sheachtain slán ó dáta an iarratais.

Ba cheart aon rud atá le rá agat a chur i scríbhinn chuig an údarás áitiúil. Más féidir ba cheart an uimhir thagartha atá ag an iarratas ar chead pleanála a lua i do chomhfhreagras. Ní mór duit freisin d'ainm agus do sheoladh féin a thabhairt chomh maith le do sheoladh poist (muna bhfuileadar mar an gcéanna).

Ní mór don údarás áitiúil admháil a chur chugat go bhfuil do chuntas/tuairimí faighte agus ní mór scéal a chur chugat maidir leis an gcinneadh a dhéantar ar an iarratas. Tá táille de 20 euro le n-íoc le cuntas/tuairimí a nochtadh ar iarratas.

Rialacha

Ní mór go mbeadh na tuairimí atá le nochtadh agat bunaithe ar chúrsaí pleanála, ní féidir iad a bhunú ar chol agus bá phearsanta ná ar ghearáin. I measc na gceisteanna pleanála gur féidir a lua tá:

  • Treoracha náisiúnta agus réigiúnda agus treoracha ón aire
  • Polasaithe agus aidhmeanna an phlean fhorbartha
  • Polasaithe agus aidhmeanna aon phlean áitiúil. Ní mór go mbeadh plean áitiúil ag dul le aidhmeanna an phlean fhorbartha. Ní mór go mbeadh an plean áitiúil leagtha amach i scríbhinn agus go mbeadh sé mar aidhm aige pleanáil cheart agus forbairt inmharthanach an cheantair lena mbaineann sé a chur chun cinn. Is féidir sonraí maidir le áiseanna pobail a bheith san áireamh chomh maith le caighdeáin dheartha i bhforbairtí agus structúir. Breathnaigh freisin ar an mír ar phleananna áitiúla atá sa pháipéar "plean forbartha".
  • Ceisteanna áitiúla a bhaineann leis an méid forbartha atá ar shuíomh, soláthar áiseanna páirceála, contúirtí tráchta, a bheith ag breathnú anuas ar áiseanna eile, tionchair ar áiseanna cónaithe, & rl
  • Sláinte Phoiblí
  • Tionchair ar an timpeallacht, ar áiseanna agus ar siopadóireacht
  • Buncheisteanna eile pleanála.

Ní mór don údarás áitiúil a chinneadh a chur in iúl taobh istigh de trí lá ón lá a dhéantar é d'aon duine a thug tuairimí i scríbhinn agus a d'íoc an táille chuí maidir le iarratas ar chead pleanála.

Má tá cuntas/tuairimí curtha agat ós comhair an údaráis áitiúil agus admháil faighte agat, tá sé de cheart agat achomharc a dhéanamh ar an gcinneadh a bhaineann leis an iarratas sin chuig an mBord Pleanála.

Rataí

Táille de 20 euro atá le n-íoc ar chuntas/tuairimí a nochtadh.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 29 September 2008

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Achomharc a dhéanamh ar chead pleanála
    Cur síos ar na cúinsí gur féidir achomharc a lorg ar chinneadh ar chead pleanála agus na rialacha a bhaineann leis.
  • An Bord Pleanála
    Is é An Bord Pleanála bord achomharc pleanála náisiúnta na hÉireann. Comhlacht neamhspleách is ea é a bhunaigh an rialtas chun córas achomharc pleanála neamhchlaonta a fheidhmiú. Faigh amach níos mó faoi ról agus freagrachtaí an Bhoird.
  • Cead Pleanála
    Cur síos ar na cinéalacha difriúla cead pleanála a bhaineann le tithíocht phríobháideach, cén chaoi agus cén áit ar chóir iarratas a dhéanamh.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.