Anseo atá tú: Baile > Tithíocht > Ceadú Pleanála > Cead pleanála chun teach a thógáil

Print Page Send to a Friend

Cead pleanála chun teach a thógáil

Eolas

Caithfidh tú cead pleanála a bheith agat roimh duit tosnú ar an obair tógála.

Ní gá duit dul i gcomhairle leis an údarás pleanála roimh duit cur isteach ar chead pleanála, ach is iondúil go gcabhraíonn sé dul ag caint leo faoi aon rud nach bhfuil tú cinnte faoi. D'fhéadfadh sé seo go leor ama amú a shábhailt duit níos déanaí.

Tugtar an plean forbartha ar an bplean ginearálta do cheantar. Ba cheart duit breathnú ar an bplean forbartha roimh duit iarratas a dhéanamh ar chead pleanála.

Más gá duit an suíomh a ghlanadh ar dtús, caithfidh tú cead pleanála a fháil. Má tá tú ag iarraidh:

  • Bealach amach chuig bóthar poiblí a dhéanamh nó a leathnú, nó
  • Structúr gur baineadh úsáid as go deireanach mar áit chónaithe a leagan, nó
  • Foirgneamh i sraith nó foirgneamh atá greamaithe de fhoirgneamh eile in úinéireacht eile a leagan.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ó Chead Pleanála: Ginearálta.

Rialacha

Caithfidh tú fógra poiblí a thabhairt maidir le céard atá sé ar intinn agat a dhéanamh roimh iarratas a dhéanamh ar chead pleanála. Caithfear é seo a dhéanamh tré fhógra a chur i bpáipéar nuachta áitiúil (beidh liosta ag d'údarás áitiúil) agus fógra suímh a chur in áit gur féidir é a léamh go soiléar. Gheobhfaidh tú sonraí ar an eolas nach mór a bheith sna fógraí ar an bhfoirm iarratais ar chead pleanála.

Caithfidh tú an t-iarratas a chur chuig an údarás áitiúil taobh istigh de choicís ón lá a raibh an fógra sa pháipéar áitiúil. Caithfear an fógra suímh a bheith curtha suas ar nó roimh an lá a ndéanann tú an t-iarratas agus fanacht ann ar feadh ar a laghad mí amháin ina dhiaidh.

Ní féidir tosnú ag tógáil roimh duit deonú pleanála a fháil.

Amanna bíonn coinníollacha ag baint leis an gcead pleanála agus d'fhéadfadh sé go mbeadh athruithe le déanamh agat ar do phlean.

Is iondúil go seasann cead pleanála cúig bliana.

Má dhiúltaíonn an t-údarás áitiúil do d'iarratas, tabharfaidh siad cúiseanna duit, agus beidh mí amháin agat chun achomharc a dhéanamh leis An mBord Pleanála.

Rataí

Caithfidh tú táille a íoc le d'iarratas. Seasca a cúig euro an táille reatha ar iarratas a dhéanamh teach a thógáil.

D'fhéadfadh sé freisin go mbeadh ort íocaíocht a dhéanamh i dtreo an chostais a bhaineann le bóthar, córas uisce nó séarachais a mbeadh gá leo.

Conas iarratas a dhéanamh

Má tá aon ceisteanna agat maidir le cead pleanála nó maidir le d'iarratas ar chead pleanála, déan teagmháil leis an bPríomhoifigeach sa Rannóg Pleanála den údarás áitiúil.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 24 February 2009

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.