Anseo atá tú: Baile > Tithíocht > Ceadú Pleanála > Achomharc a dhéanamh ar chead pleanála

Print Page Send to a Friend

Achomharc a dhéanamh ar chead pleanála

Eolas

Is féidir le duine a dhéanann iarratas ar chead pleanála agus aon duine a thug cuntas scríofa nó a nochtaigh tuairimí don údarás pleanála maidir le iarratas pleanála achomharc a lorg ar chinneadh a rinne údarás áitiúil chuig An mBord Pleanála.

Mar shampla is féidir leat:

  • achomharc a lorg ar chinneadh cead pleanála a dhiúltú duit nó i dtaobh na gcoinníollacha a bhaineann leis an gcead sin, nó

Tá dhá eisceacht ón gcoinníoll go gcaithfear aighneacht a dhéanamh roimh ré observations:

  • Is féidir le comhlacht ainmnithe achomharc a dhéanamh murar tugadh fógra dóibh de réir an dlí gan aighneacht a bheith déanta/tuairimí a bheith nochta acu i dtaobh an iarratais phleanála.
  • Is féidir le duine a bhfuil leas aige/aici i dtailte cóngaracha áit a bhfuil cead pleanála tugtha iarratas a chur chuig an Bord ar chead achomharc a dhéanamh gan aighneacht a bheith déanta/tuairimí a bheith nochta acu.

Má tá achomharc déanta cheana ag an iarrthóir agus/nó ag duine cuí den tríú páirtí is féidir le duine ar bith eile a bheith ina 'b(h)reathnadóir' agus pointí nó tuairimí a nochtadh ar an gcás.

Má íocann tú táille bhreise is féidir éisteacht bhéil a iarraidh. De ghnáth ní bheidh An Bord Pleanála sásta éisteacht bhéil a cheadú ach amháin sa chás gur ceist chasta atá inti agus go bhfuil ceisteanna móra náisiúnta nó áitiúla ag baint leis an scéal.

Tá sé mar aidhm ag An mBord Pleanála cinneadh a dhéanamh taobh istigh de 18 seachtainí. Muna bhfuil sé seo indéanta cuirfear scéal chuig na daoine ar fad a bhfuil baint acu leis an gcás.

Déanfaidh An Bord Pleanála ceann de na rudaí seo a leanas:

  • Cuirfidh sé cead pleanála ar fáil
  • Cuirfidh sé cead pleanála ar fáil le coinníollacha áirid, nó
  • Diúltóidh sé cead pleanála a chur ar fáil.

Níl aon dul siar ar chinneadh ón mBord Pleanála ach amháin athbhreithniú dleathúil a lorg ón Ard Chúirt. Ní dhéanfar scrúdú ar na buntáistí pleanála a bhaineann leis an gcás mar chuid den athbhreithniú cúirte, déanfaidh an Chúirt cinneadh ar lean, nó nár lean An Bord Pleanála an córas cuí agus cinneadh dhá dhéanamh.

Is féidir leis an bpobal breathnú ar chódanna a bhaineann le cásanna a cuireadh ós comhair an Bhoird tar éis cinneadh a bheith déanta ag an mBord orthu. Tá na códanna seo le feiceáil, saor in aisce, in oifigí an Bhoird ar feadh tréimhse de 5 bliana ar a laghad tar éis an chinnithe a bheith tógta orthu.

Rialacha

Ní mór achomharc a chur ós comhair An Bhord Phleanála taobh istigh de 4 sheachtain ón am a dhéanann an t-údarás áitiúil cinneadh.

Ní mór na nithe seo a leanas a bheith san achomharc.

  • D'ainm agus do sheoladh;
  • Sonraí maidir leis an bhforbairt atá beartaithe, ainm an údaráis áitiúil, uimhir chláraithe pleanála agus (más tú an tríú duine) ainm agus seoladh an iarrthóra.
  • Fáthanna iomlán an achomhairc chomh maith le hábhar tacaíochta agus argóintí. Ní bheidh an Bord in ann glacadh ina dhiaidh sin le cuntais bhreise nó le heolas breise maidir leis an fáthanna seo. Ní mór gur ceisteanna pleanála amháin is cúis leis an achomharc. Ní féidir leis an mBord ceisteanna eile a chur san áireamh.
  • An táille chuí.
  • Más tú an tríú duine, ní mór duit admháil a bheith agat ón údarás áitiúil gur chuir tú cuntas nó tuairimí ós a chomhair maidir leis an iarratas seo.
  • Muna mbíonn na cáipéisí cuí uilig curtha ar fáil agat, ní bheidh an t-achomharc bailí agus ní bheidh an Bord Pleanála in ann breathnú air.

Rataí

Tá táille le n-íoc ar achomharc a chur ós comhair An Bhord Phleanála.

Achomharc an iarratasóra ar chinneadh údaráis pleanála maidir le forbairt tráchtála nuair a bhaineann an t-iarratas le forbairt neamhúdaraithe. €4,500 (€9,000 má bhaineann le Ráiteas Tionchar Timpeallachta)
Achomharc an iarratasóra ar chinneadh údaráis pleanála maidir le forbairt tráchtála nach forbairt údaraithe í. €1,500 (€3,000 má bhaineann le Ráiteas Tionchar Timpeallachta)
Achomharc ar chinneadh údaráis pleanála maidir le forbairt neamhúdaraithe €660
Achomhairc pleanála eile €220
Aigneachtaí nó tuairimí a nochtadh €50
Iarratas ar éisteacht bhéil €50

Conas iarratas a dhéanamh

Ní mór achomharc i scríbhinn a dhéanamh chuig An mBord Pleanála.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

An Rúnaí

64 Sráid Mhaoilbhríde
64 Marlborough Street
Baile Átha Cliath 1
Éire

Teil:+353 (0)1 8588100
Lóghlao:1890 275175
Facs:+353 (0)1 8722684
Láithreán Gréasáin: http://www.pleanala.ie/
R-phost: bord@pleanala.ie


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 2 November 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • An Bord Pleanála
    Is é An Bord Pleanála bord achomharc pleanála náisiúnta na hÉireann. Comhlacht neamhspleách is ea é a bhunaigh an rialtas chun córas achomharc pleanála neamhchlaonta a fheidhmiú. Faigh amach níos mó faoi ról agus freagrachtaí an Bhoird.
  • Cead Pleanála
    Cur síos ar na cinéalacha difriúla cead pleanála a bhaineann le tithíocht phríobháideach, cén chaoi agus cén áit ar chóir iarratas a dhéanamh.
  • Cuntas a thabhairt ar Iarratas ar chead pleanála
    Do chearta maidir le cuntas a thabhairt ar iarratas ar chead pleanála agus na rialacha a bhaineann leis.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.