Is é An Bord Pleanála bord achomharc pleanála náisiúnta na hÉireann. Comhlacht neamhspleách is ea é a bhunaigh an rialtas chun córas achomharc pleanála neamhchlaonta a fheidhmiú.
Is féidir le duine ar bith in Éirinn agus le duine ar bith a chuir aighneachtaí/tuairimí faoi bhráid an údaráis phleanála maidir le hiarratas pleanála achomharc a dhéanamh ar chinneadh dá éis chuig an mBord Pleanála.
Déileálann an Bord le hachomhairc phleanála, tarchuir eile, tionscadail bhonneagair údarás áitiúil, ceannach éigeantach talún agus saincheisteanna eile faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 agus 2006. Tá sé freagrach as achomhairc a chinneadh faoin Acht um Rialú Foirgníochta, 1990; faoi na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Truailliú Uisce) 1977 go dtí 1990; agus faoin Acht um Thruailliú Aeir 1987. Cuireann an Bord comhairle ar an Aire Comhshaoil, Pobal agus Rialtais Áitiúil freisin maidir le beartas pleanála agus forbartha.
Is faoi réir na nAchtanna Pleanála agus Forbartha 2000 go dtí 2006 atá ballraíocht an Bhoird. Bíonn Cathaoirleach an Bhoird i seilbh oifige ar feadh seacht mbliana agus féadfaidh é/í a athcheapadh ar feadh an dara nó an tríú téarma oifige. Ceapann an Aire Comhshaoil, Pobal agus Rialtas Áitiúil naonúr ball eile don Bhord. Roghnaíonn ceithre ghrúpa a dhéanann ionadaíocht do leasanna gairmiúla, comhshaoil, forbartha, rialtais áitiúil, forbartha tuaithe agus áitiúil agus ginearálta iad. Státseirbhíseach a cheapann an tAire is ea ball amháin den Bhord. Bíonn ball boird i seilbh oifige ar feadh cúig bliana de ghnáth agus féadtar iad a athcheapadh go ceann an dara tréimhse nó dá éis. Ceadaítear leis an Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 do níos mó ball le bheith ceaptha, má dhéanann líon na gcásanna é sin a bheith riachtanach. Tacaíonn foireann riaracháin agus foireann ghairmiúil d'oifigigh phleanála agus de chigirí pleanála leo.
Is cion é faoi na hAchtanna Pleanála 2000 iarracht a dhéanamh dul i gcion ar chinneadh aon bhaill den Bhord maidir le hachomharc pleanála. Tá oibleagáidí dlíthiúla freisin ar bhaill an Bhoird, a chuid fostaithe agus sainchomhairleoirí leasanna ar leith a fhógairt. Is chun críche aon choinbhleachta leasa a sheachaint le linn an phróisis achomhairc é seo. Tá an t-údarás ag an Aire Comhshaoil, Pobal agus Rialtais Áitiúil cinntí a dhéanamh faoi bheartas pleanála agus forbartha ginearálta agus caithfidh an Bord iad seo a thabhairt san áireamh agus a gcuid cinntí á ndéanamh acu. Ní fhéadann an tAire áfach dul i gcion ar an mBord maidir le hachomharc ar leith.
Chun a chinntiú go mbíonn gach cinneadh an Bhoird cothrom agus neamhchlaonta, ní fhéadann duine amháin ann/inti féin cinneadh a dhéanamh faoi achomharc pleanála. Triúr ball is ea an córam don Bhord agus má bhíonn an cás íogair nó coimpléascach go leor, glacann gach ball páirt sa phróiseas cinnteoireachta de ghnáth.
Ní féidir leis an mBord cinneadh a dhéanamh ach tar éis dó staidéar a dhéanamh ar an bhfianaise go léir. Áiríonn sé seo aighneachtaí ón bpobal agus tuarascáil agus moladh an chigire pleanála. I bhformhór na gcásanna, leanann cinneadh an Bhoird moladh an chigire pleanála ach ní amhlaidh a bhíonn sé i gcónaí. Muna n-aontaíonn cinneadh an Bhoird le moladh an chigire, caithfidh an Bord fáthanna a thabhairt ina n-ordú cinnidh. Féadann an Bord achomharc a dhíbhe má chinneann sé nach bhfuil sé bunaithe ar chúrsaí le háireamh sa phleanáil, leithéid casaoidí pearsanta nó iarrachtaí chun moill a chur ar fhorbairt.
Tá sé mar aidhm ag an mBord cinneadh a dhéanamh faoi achomharc laistigh de 18 seachtain. Toisc líon mór na n-achomharc a fhaigheann sé, tá acmhainní an Bhoird faoi bhrú agus ní féidir an spriocdháta seo a bhaint amach i gcónaí. Más amhlaidh atá sé, cuirtear in iúl é do gach páirtí leis an achomharc.
Tar éis cinneadh a bheith déanta in achomharc pleanála, ní phléifidh an Bord na hargóintí i bhfábhar agus i gcoinne an chinnidh. Tá gach cinneadh críochnaitheach agus ní féidir agóid ina aghaidh ach trí athbhreithniú breithiúnach san Ardchúirt. Déanfar leis an bpróiseas seo breithiúnas a thabhairt ar lean nó nár lean an Bord an phróis chuí agus an cinneadh á dhéanamh aige agus ní áireofar scrúdú ar na tuillteanais phleanála ann.
Tionólfaidh cigire pleanála éisteacht ó bhéal i gcásanna áirithe. D'fhéadfaí sé seo tarlú de bharr iarratais ó achomharcóir bailí nó de bharr chinneadh an chigire. Ní chuirtear éisteacht ó bhéal ar bun i gcoitinne ach amháin má chabhróidh sí leis an gcigire cás coimpléascach go mór a thuiscint, nó má bhíonn saincheisteanna náisiúnta nó áitiúla suntasacha i gceist. Cuirtear roinnt éisteachtaí ó bhéal ar bun chun na ceannfháthanna taobh thiar d'achomharc a shainiú. Cinneann an cigire ar ord na gcainteoirí agus bíonn an éisteacht neamhfhoirmiúil go leor de ghnáth.
Caithfidh an Bord a chinntiú go gcloíonn gach cinneadh pleanála le prionsabail na pleanála cuí agus na forbartha inbhuanaitheachta. Má bhraitheann siad nár thóg údarás pleanála na prionsabail seo go leor san áireamh, tá an t-údarás ag an mBord dul i gcoinne fhorálacha plean forbartha. Ní tharlódh sé seo ach amháin de ghnáth má tá tábhacht áitiúil nó náisiúnta ag baint leis an bhforbairt á moladh. Déanann an Bord iarracht clár na bhfuílleach a dhéanamh amach idir cúrsaí timpeallachta agus cúrsaí eacnamaíochta agus achomhairc á gcinneadh acu. I gcásanna eisceachtúla, tabharfaidh siad ceisteanna forbartha eacnamaíochta agus cruthú post san áireamh agus cinneadh á dhéanamh acu.
Tá sé mar aidhm ag an mBord an próiseas pleanála a dhéanamh chomh hoscailte agus is féidir. Is féidir le ball ar bith den phobal comhad iomlán achomhairc a scrúdú go ceann cúig bliana ar a laghad ag tosú ar an tríú lá oibre tar éis don achomharc a bheith cinnte. Tá cóip d' ordú agus treoir an Bhoird agus de thuarascáil an chigire ar fáil freisin.
Braitheann an táille i gcomhair achomharc a dhéanamh ar chineál an cháis agus ar an reachtaíocht ábhartha.
Faigh amach níos mó faoi conas cead pleanála a fháil agus conas achomharc pleanála a dhéanamh.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, ba cheart duit dul i dteagmháil leis an mBord Pleanála nó le d'údarás pleanála áitiúil.
64 Sráid Maoilbhríde
Baile Átha Cliath 1
Éire
Teil:(01) 858 8100
Lóghlao:1890 275 175
Facs:(01) 872 2684
Láithreán Gréasáin: http://www.pleanala.ie
R-phost: bord@pleanala.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.